Tá raidhse Scéalta agus Laoithe Fiannaíochta againn ach níor fhigh éinne an traidisiún scríofa agus an traidisiún béil go léir le chéile ina aonad. Seo iarracht ar an traidisiún scríofa amháin a fhí ina chéile. Tá bailiúcháin cháiliúla laoithe mar Duanaire Finn, agus an téacs síoréachtach de phrós agus d’fhilíocht, Accallamh na Seanórach, ach táimid go dtí seo gan eipic; seo iarracht ar an mbearna sin a líonadh.