Gnás Na Neaslán
FIOSRÚ AGUS COMAOINEACH NA NEASLÁN
I. FIOSRÚ NA nEASLÁN
An grá atá ag Críost agus ag an Eaglais do na heasláin, ba cheart go mbeadh an grá céanna sin ag gach aon Chríostaí dóibh. Ba cheart dóibh, mar sin, an grá sin a léiriú oiread agus is féidir leo agus dul á bhfiosrú, sólás an Tiarna a thabhairt dóibh agus cabhair ina ngátar a thairiscint dóibh go muinteartha.
Iad sin a thugann aire do na heasláin, sagairt go háirithe, ba cheart dóibh labhairt leo le briathra an chreidimh agus a mhíniú dóibh cén bhrí i rúndiamhair an tslánaithe atá lena mbíonn le fulaingt ag an duine. Ba cheart dóibh a áiteamh orthu freisin go bhfuil siad aontaithe, de bharr a gcreidimh, lenar fhulaing Críost agus gur féidir leo tríd an urnaí rud naofa a dhéanamh dá dtinneas agus neart a fháil chun cur suas lena bhfuil á fhulaingt acu.
Is é cúram ar leith na sagart na heasláin a spreagadh chun sacraimintí na faoistine agus na heocairiste a ghlacadh (ar cheart dóibh iad a ghlacadh go minic má tá siad i riocht a dhéanta) agus, go háirithe, chun sacraimintí na hola agus an lóin shíoraí a ghlacadh ag an am cuí.
Ba cheart na heasláin a ghríosú chun bheith ag guí nuair atá siad ina n-aonar, nó in éineacht lena muintir, lena gcairde nó leo sin atá ag tabhairt aire dóibh. Ba ceart dóibh agus iad ag guí tarraingt go háirithe ar na scrioptúir agus machnamh a dhéanamh ar na codanna sin ina dtráchtar ar rúndiamhair na fulaingte daonna i gCríost agus ina shaothar. Ba cheart freisin leas a bhaint as paidreacha den chineál sin atá le fáil i measc na salm agus i dtéacsanna eile. Ba cheart do shagairt cuidiú leis na heasláin guí mar sin, agus ba chóir dóibh bheith ullamh i gcónaí guí in éineacht leo.
Nuair atá sagart ag fiosrú na n-easlán, níor mhiste dó mar aon leis an othar agus leo sin atá i láthair liotúirge gearr an bhriathair a chumadh mar fhoirm fheiliúnach urnaí. Níor mhiste, de réir mar is féidir, paidreacha ó na sailm nó paidreacha eile nó liodáin a usáid chomh maith le briathar Dé féin. Ina dhiaidh sin ar fad ba cheart don sagart an t-othar a bheannú agus ba cheart dó a lámha a leagan air, má tá sé sa riocht chuige sin.
II. COMAOINEACH NA nEASLÁN
Ba cheart do shagairt féachaint chuige go dtugtar gach aon seans do na heasláin agus do sheandaoine, fiú mura bhfuil siad go dona tinn nó ag saothrú an bháis, an chomaoineach a ghlacadh go minic agus fiú gach lá, más féidir, go háirithe le linn na Cásca. Tig leo an chomaoineach a ghlacadh am ar bith i rith an lae.
An t-othar nach bhfuil in ann an chomaoineach a ghlacadh faoi ghné aráin, ní miste dó í a ghlacadh faoi ghné fíona amháin.
Iad siúd atá ag tabhairt aire do na heasláin, ní miste dóibh an chomaoineach a ghlacadh in éineacht leo, ar an gcoinníoll go dtugtar aird ar fhorálacha an dlí.
Nuair a thugtar an eocairist le roinnt lasmuigh den eaglais, ba chóir í a iompar i bpioscas nó in árthach beag druidte den chineál sin. Ba cheart don mhinistir a bheith gléasta, agus ba cheart dó an eocairist a iompar ar bhealach a réitíonn le nós na háite.
Iad sin atá ina gconaí in éineacht leis an othar nó iad sin atá ag tabhairt aire dó, ba chóir a rá leo bord agus línéadach anuas air a ullmhú i seomra na leapa, a bhféadfaí an naomhshacraimint a leagan air. Más é an nós é, ba cheart freisin soitheach uisce choisrichthe agus disréad nó craoibhín chomh maith le coinnle a chur ar fáil.