An Lóin Shíoraí
An sagart paróiste agus sagairt eile ar a bhfuil cúram spioradálta na n-easlán, ba cheart dóibh féachaint chuige go dícheallach go riartar corp agus fuil Chríost mar lón síoraí orthu siúd atá i mbaol báis. Ba cheart am feiliúnach a thoghadh chun ullmhúchán pastarálach a thabhairt don othar, dá mhuintir agus dóibh siúd atá ag tabhairt aire dó. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar na daoine féin atá i gceist agus ar na cúinsí.
Ní miste an lón síoraí a riaradh le linn Aifrinn ach cead a fháil ón easpag an eocairist a cheiliúradh chuige sin, nó lasmuigh den Aifreann, de réir na ngnásanna agus na bhforálacha seo thíos.
Iad sin nach bhfuil in ann an chomaoineach a ghlacadh faoi ghné an aráin, ní miste dóibh í a ghlacadh faoi ghné an fhíona amháin.
Mura gceiliúrtar an tAifreann i láthair an othair, ba cheart fuil Chríost a choinneáil i gcailís a mbeadh clúdach cuí uirthi agus í a chur sa taibearnacal tar éis an Aifrinn. Ba cheart an fhuil naofa a iompar chuig an othar i soitheach atá dúnta go dlúth sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndóirtfí í. Ba cheart don sagart bealach cuí a thoghadh leis an gcomaoin-each a riar faoin dá ghné a d’fheilfeadh don chás áirithe a bheadh i gceist. Má tá cuid den fhuil fágtha tar éis na comaoineach, ba cheart don sagart í a ól agus an chailís a ghlanadh.
Ní miste do gach aon duine atá páirteach sa cheiliúradh an chomaoineach a ghlacadh faoin dá ghné.