Sacraimint Na háithrí Agus An Athmhuintreais
Faigheann an dream a théann chuig sacraimint na hAithrí ó thrócaire Dé maithiúnas san oilbhéim a thug siad dó agus déanann siad mórtachas arís leis an Eaglais i ndiaidh an dochair a rinne a bpeaca di. Dá taobh féin, bíonn an Eaglais ag obair chun an peacach a iompú ar ais trína carthanacht, a dea-shampla agus a hurnaí.
(CAITICIOSMA NA hEAGLAISE CAITLICÍ (1422.)
I. Cén t-ainm a ghlaoitear don tsacraimint seo?
Glaoitear di sacraimint an athiompaithe mar go gcuireann sí i ngníomh go sacraimintiúil gairm Íosa chun athiompaithe, tar éis dúinn cúl a thabhairt leis tríd an pheaca, is é sin, an chéim ar ais i dtreo an Athar.
Glaoitear sacraimint na hAithrí di mar go gcuireann sí an séala ar chéim phearsanta agus eaglasta ionsar iompú saoil, agus ar aithreachas agus leorghníomh de thaobh an pheacaigh chríostaí.
(CAITICIOSMA NA hEAGLAISE CAITLICÍ 1423.)
Glaoitear di sacraimint na faoistine mar gur cuid riachtanach di mar shacraimint admháil, nó faoistin, na bpeacaí i bhfianaise, an tsagairt. Is ‘faoistin’ í an tsacraimint seo fós i gciall bhunaidh an fhocail, is é sin, admháil agus moladh ar naofacht Dé agus ar a thrócaire i leith na bpeacach.
Glaoitear di sacraimint an mhaithiúnais mar go ndeonaíonn Dia ‘maithiúnas agus síocháin’ don aithríoch trí aspalóid shacraimintiúil an tsagairt.
Glaoitear de sacraimint an Athmhuintearais mar go dtugann sí don pheacach grá Dé, ar cúis athmhuintearais é: ‘Impímid oraibh… athmhuintéaras a dhéanamh le Dia’ (2 Cor. 5,20). An té arb é grá Dé is beatha dó, tá sé ullamh chun freagra a thabhairt ar ghairm an Tiarna: ‘Imigh leat ár dtús agus déan síocháin le do bhráthair’ (Mt. 5, 24).
(CAITICIOSMA NA hEAGLAISE CAITLICÍ 1424.)