An tAifreann
Na DeasghnáthaTosaigh
1. Nuair a bhíonn an pobal bailithe, téann an sagart agus
na mineastrálaithe i dtreo na haltóra agus an iontróid á
canadh.
Nuair a shroicheann an sagart an altóir, cromann sé
féin agus na mineastrálaithe go híseal, pógann sé an
altóir le hómós agus, más caoithiúil é, túisíonn sé an
chros agus an altóir. Ansin téann sé chun na
cathaoireach leis na mineastrálaithe.
Nuair a bhíonn an iontróid canta, seasann an sagart
agus na fíréin; gearrann siad fíor na croise orthu féin
fad a deir an sagart agus é iompaithe i dtreo an
phobail:
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Freagraíonn an pobal:
Amen.
2. Ag síneadh a lámh uaidh amach, beannaíonn an sagart
don phobal, á rá:
Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an
Spioraid Naoimh libh go léir.
Nó:
Grásta libh agus siocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár
dTiarna Íosa Críost.
Nó:
Go raibh an Tiarna libh.
Freagraíonn an pobal:
Agus le do spiorad féin.
In ionad Go raibh anTiarna libh deir an Easpag sa
chéad bheannacht seo: Síocháin libh.
3. Ní miste don sagart, don deochain nó do
mhineastrálaí eile, Aifreann an lae a mhíniú do na
fíréin i mbeagán focal.
Gníomh Aithrí*
4. Leanann an gníomh aithrí ansin.Tugann an sagart
cuireadh chun aithrí do na fíréin, á rá:
A phobal Dé, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun
gurbh fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh.
Bíonn tost gairid ann.
Ansin deir cách le chéile foirmle na faoistine ginearálta:
Admhaím do Dhia uilechumhachtach, agus daoibhse a
bhráithre, gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus
le briathar, le gníomh agus le faillí,
ag bualadh a n-uchta deir siad:
tri mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Leanann siad orthu:
Ar an ábhar sin, impím ar Naomh-Mhuire Síor-Ógh, ar na
hAingil agus ar na Naoimh, agus oraibhse, a bhráithre, guí
ar mo shon chun ár dTiarna Dia.
Leanann aspalóid an tsagairt:
Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go
maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na
beatha síoraí sinn.
Freagraíonn an pobal:
Amen.
* Ar an Domhnach, go háirithc i dtráth na Cásca, mar mhalairt ar an
ngnáthghniomh aithrí, ní mistc gnás bheannú agus chroithcadli uiscc a
chciliúradh mar chuimhne ar an mbaisteadh.
Nó:
5. Tugann an sagart cuireadh chun gníomh aithrí do na
fíréin:
A phobal Dé, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun
gurbh fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh.
Bíonn tost gairid ann.
Ansin deir an sagart:
Déan trócaire orainn, aThiarna.
Freagraíonn an pobal:
Óir pheacaíomar i do choinne.
Sagart:
Taispeáin dúinn do thrócaire, a Thiarna.
Pobal:
Agus tabhair dúinn do shlánú.
Leanann aspalóid an tsagairt:
Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go
maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na
beatha síoraí sinn.
Freagraíonn an pobal:
Amen.
Nó:
6. Tugann an sagart cuireadh chun gníomh aithrí do na
flréin, á rá:
A phobal Dé, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun
gurbh fhiú sinn na rúndiamhra naofa a cheiliúradh.
Bíonn tost gairid ann.
Ansin deir an sagart nó an deochain nó mineastrálaí
eile na hachainíocha seo a leanas, nó achainíocha eile
leis an Kyrie eleison:
Tusa a seoladh chun na daoine atá croíbhrúite a shlánú: A
Thiarna, déan trócaire.
Pobal:
A Thiarna, déan trócaire.
Nó:
Kyrie, eléison.
Sagart:
Tusa a tháinig chun glaoch ar na peacaigh: A Chríost, déan
trócaire.
Pobal:
A Chríost, déan trócaire.
Nó:
Christe, eléison.
Sagart:
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, chun idirghuí ar ár
son: A Thiarna, déan trócaire.
Pobal:
A Thiarna, déan trócaire.
Nó:
Kyrie, eléison.
Leanann aspalóid an tsagairt:
Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go
maithe sé ár bpeacai dúinn, agus go dtreoraí sé chun na
beatha síoraí sinn.
Freagraíonn an pobal:
Amen.
7. Leanann na hachainíocha Kyrie, eléison, murar
baineadh feidhm astu cheana féin i bhfoirmle eile den
ghníomh aithrí.
S. Kyrie, eléison. P. Kyrie, eléison.
S. Christe, eléison. P. Christe, eléison.
S. Kyrie, eléison. P. Kyrie, eléison.
Nó:
S. A Thiarna, déan trócaire. P. A Thiarna, déan trócaire.
S. A Chríost, déan trócaire. P. A Chríost, déan trócaire.
S. AThiarna, déan trócaire. P. AThiarna, déan trócaire.
8. Nuair a bhíonn an Ghlóir le rá, cantar nó deirtear í
ansin.
Glóir do Dhia sna harda,
agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú;
móraimid thú;
adhraimid thú;
tugaimid glóir duit; gabhaimid buíochas leat as ucht do
mhórghlóire; aThiarna Dia, a Rí na bhflaitheas;
a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
A Thiarna, a Aonmhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar,
tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn;
tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár ngui.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is Naofa; is tú amháin is Tiarna;
is tú amháin is Ró-Ard,
a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh: i nglóir Dé an tAthair.
Amen.
9. Nuair a bhíonn an t-iomann thart, deir an sagart, agus
a bhosa le chéile aige:
Guímis.
In éindí leis an sagart guíonn gach duine i gciúnas ar
feadh tamaill bhig. Ansin síneann an sagart a lámha
uaidh amach agus deir an chomhurnaí. Freagraíonn an
pobal de chomhgháir:
Amen.
Liotúirge an Bhriathair
10. Téann an léitheoir chun an ambó; léann sé an chéad
léacht agus gach duine ina shuí ag éisteacht leis.
Chun deireadh na léachta a chur in iúl, fógraíonn an
léitheoir:
Briathar an Tiarna.
Freagraíonn cách:
Buíochas le Dia.
Canann an salmaire nó an cantaire an salm nó léann sé
é agus freagraíonn an pobal.
Má bhíonn an dara léacht le léamh, léann an léitheoir
ón ambó í, mar atá ráite thuas.
Chun deireadh na léachta a chur in iúl, scairteann an
léitheoir:
Briathar anTiarna.
Freagraíonn cách:
Buíochas le Dia.
13. Leanann Alleluia, nó ceadal eile atá leagtha síos ag na
rúibricí, de réir mar a oireann don séasúr liotúirgeach.
14. Lena linn sin, má bhíonn túisiú le déanamh, cuireann
an sagart túis sa túiseán. Ansin tagann an deochain atá
leis an Soiscéal a léamh, cromann sé go híseal os
comhair an tsagairt agus iarrann sé beannacht os íseal,
á rá:
Cuir beannacht orm, a Athair.
Deir an sagart i nguth íseal:
Go raibh an Tiarna i do chroí agus ar do bheola, chun go
mbeidh tú in ann a Shoiscéal a fhógairt le fiúntas agus le
héifeacht, in ainm an Athar agus an Mhic+ agus an
Spioraid Naoimh.
Gearrann an deochain fíor na croise air féin agus
freagraíonn sé:
Amen.
Mura bhfuil deochain i láthair, cromann an sagart os
comhair na haltóra agus deir sé go rúnda:
Glan mo chroi agus mo bheola, a Dhia uilechumhachtaigh,
chun go mbeidh mé in ann do Shoiscéal a fhógairt le
héifeacht.
15. Ansin téann an deochain nó an sagart go dtí an ambó
agus na mineastrálaithe ina theannta le coinnle agus le
túis, más caoithiúil sin. Deir sé:
Go raibh anTiarna libh.
Freagraíonn an pobal:
Agus le do spiorad féin.
Deochain nó sagart:
Sliocht as an Soiscéal Naofa de réir A.,
agus lena linn sin, gearrann sé fíor na croise ar an
leabhar agus ar a éadan, ar a bheola agus ar a ucht féin.
Scairteann an pobal:
Glóir duit, aThiarna.
Ansin, má bhíonn túis á húsáid, túisíonn an deochain
nó an sagart an leabhar agus ansin fógraíonn sé an
Soiscéal.
16. Ag deireadh an tSoiscéil, scairteann an deochain nó an
sagart:
Soiscéal anTiarna.
Freagraíonn cách:
Moladh duit, a Chríost.
í
Ansin pógann sé an leabhar, á rá go rúnda:
Trí bhriathra an tSoiscéil go nglantar ár bpeacaí.
Ansin tugann an sagart nó an deochain homaile, rud
atá achtaithe do gach Domhnach agus d’fhéilte
fógartha, agus molta do laethanta eile.
Nuair a bhíonn críoch leis an homaile, cantar nó deirtear
an Chré nó admháil an chreidimh nuair a bhíonn sí le rá:
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a rinne neamh agus talamh,
agus an uile ni sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aonTiarna amháin Íosa Críost, Mac Aonghine Dé,
an té a rugadh ón Athair
sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
Fíor-Dhia ó Fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá de chomhshubstaint leis an Athair:
is tríd a rinneadh an uile ni.
Ar ár son-na, an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Le linn na bhfocal as seo go nádúr daonna, cromann
gach duine.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é i
mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcros é freisin ar ár son faoi Phointias
Píoláit; d’fhulaing sé páis, agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an treas lá de réir mar a d’fhógair na Scrioptúir;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shui ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir,
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena riocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir, mar aon leis an Athair agus
leis an Mac: is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais, naofa, chaitliceach, aspalda.
Admhaim an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséiri na marbh,
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.
19. In áit Chré Nicea-Constaintínópail, go mór mór i rith
an Charghais agus na Cásca, ní miste úsáid a bhaint as
Cré Bhaisteadh na hEaglaise Rómhánaí ar a dtugtar
Cré na nAspal.
Creidim i nDia,
an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus
talún,
agus in Íosa Críost, a Aon-Mhacsan, ár dTiarna,
Ag na focail a leanas, chomh fada le Muire Ógh, cromann
gach duine.
a gabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ogh, a
d’fhulaing páis faoi Phointias Píoláit, a céasadh ar an
gcros, a fuair bás agus a adhlacadh, a chuaigh sios go
hifreann, a d’éirigh an treas lá ó mhairbh, a chuaigh suas ar
neamh,
atá ina shuí ar dheis Dé an tAthair uilechumhachtach; as
sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus
ar mhairbh.
Creidim sa Spiorad Naomh,
sa Naomh-Eaglais Chaitliceach,
i gcomaoin na naomh,
i maithiúnas na bpeacaí,
in aiséirí na colainne,
agus sa bheatha shíoraí. Amen.
20. Ansin deirtear an ghuí chomhchoiteann, nó guí an
phobail.
Liotúirge na hEocairiste
21 Tar éis na guí cuirtear tús leis an gceadal don ofráil.
Lena linn sin, leagann na ministreálaithe an chorparáil,
an t-íontóir, an chailís, an páilín, agus an leabhar
aifrinn ar an altóir.
22 Ba chóir do na fíréin a bpáirtíocht san ofráil a chur in
iúl le harán agus le fíon a thairiscint do cheiliúradh na
hEocairiste, nó bronntanais eile ar mhaithe le
riachtanais na hEaglaise agus na mbocht.
23 Ina sheasamh dó ag an altóir, tógann an sagart an
paiteana leis an abhlann, agus lena dhá lámh ardaíonn
é beagán os cionn na haltóra, á rá i nguth íseal:
Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne,
mar gur bhronn tú orainn as do lánmhaire
an t-arán seo a ofrálaimid duit:
an talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh,
agus déanfar de arán na beatha dúinn.
Ansin leagann sé an paiteana leis an abhlann ar an
gcorparáil.
Mura mbíonn ceadal don ofráil, ní miste don sagart na
focail seo a rá os ard agus don phobal freagairt de
chomhgháir:
Moladh go deo le Dia.
24. Cuireann an deochain nó an sagart fion agus braoinín
uisce sa chailís, á rá go rúnda:
Trí rúndiamhair an uisce agus an fhíona seo, go ndéantar
páirteach sinn i ndiagacht an té sin a dheonaigh a bheith
páirteach inár ndaonnacht.
25. Ina dhiaidh sin, tógann an sagart an chailís agus
ardaíonn í beagán os cionn na haltóra, á rá i nguth
íseal:
Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne,
mar gur bhronn tú orainn as do lánmhaireacht an fíon seo
a ofrálaimid duit:
an fhíniúin agus saothar an duine a thugann é mar
thoradh,
agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
Ansin leagann sé an chailís ar an gcorparáil.
Mura mbíonn ceadal don ofráil, ní miste don sagart na
focail seo a rá os ard agus don phobal freagairt de
chomhgháir:
Moladh go deo le Dia.
26. Ansin cromann an sagart go híseal agus deir go rúnda:
I spiorad na humhlaíochta is le doilíos croí
go nglactar linn, a Thiarna Dia,
agus go raibh sásamh agat, dá bharr sin,
san íobairt a ofrálaimid duit inniu
Túisíonn sé na hofrálacha, an chros agus an altóir, más
caoithiúil sin. Ansin túisíonn an deochain nó
mineastrálaí eile an sagart agus an pobal.
Ansin níonn an sagart a lámha agus é ina sheasamh le
taobh na haltóra, á rá go rúnda:
Nigh mo chiontacht díom, a Thiarna, agus glan díom mo
pheaca.
29. Ansin, agus é ina sheasamh ag lár na haltóra agus a
aghaidh ar an bpobal, síneann sé a lámha uaidh amach
agus tugann le chéile arís iad, á rá:
A phobal Dé,
guígí go nglacfaidh Dia, an tAthair uilechumhachtach,
leis an íobairt seo uaimse agus uaibhse.
Seasann an pobal agus freagraíonn siad:
Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha, chun
onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinne agus
dá Naomh-Eaglais uile.
30. Ansin deir an sagart an urnaí os cionn na n-ofrálacha
agus a lámha sínte uaidh amach aige. Freagraíonn an
pobal de chomhgháir:
Amen.
An Phaidir Eocairisteach
31. Ansin cuireann an sagart tús leis an bPaidir
eocairisteach.
Ag síneadh a lámh uaidh amach deir sé:
Go raibh an Tiarna libh.
Freagraíonn an pobal:
Agus le do spiorad féin.
Ag ardú a lámh don sagart deir sé:
Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
Pobal:
Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
Leanann an sagart air agus a lámha sínte uaidh amach
aige
Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
Pobal:
Is ceart agus is cóir sin.
Leanann an sagart ar aghaidh leis an bpreafáid agus a
lámha sínte uaidh amach aige. Ag deireadh na
preafáide cuireann sé a bhosa le chéile agus canann nó
deir sé féin agus an pobal de ghuth ard:
Is Naofa, Naofa, Naofa thú, a Thiarna Dia na Slua. Tá
neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm anTiarna.
Hósanna sna harda.
32. I ngach Aifreann ní miste don sagart páirteanna den
Phaidir eocairisteach a chanadh, go mór mór na
páirteanna tábhachtacha. I bPaidir eocairisteach I, nó
an Chanóin Rómhánach, ní cás a bhfuil idir lúibíní a
fhágáil ar lár.
PREAFAID NA hAIDBHINTE I
Ar dhá theacht Chríost
33. Deirtear an phreafáid seo: in Aifrinn an trátha ón
gcéad Domhnach den Aidbhint go dtí 16 Nollaig; in
Aifrinn eile a cheiliúrtar sa tréimhse sin agus atá gan
preafáid ar leith.
S. Go raibh anTiarna libh.
P, Agus le do spiorad féin.
S.Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P.Tá siad tógtha in airde chun anTiarna againn.
S. Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P. Is ceart agus is cóir sin.
Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is
tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach
áit, aThiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh
shíoraí, trí Chríost ár dTiarna.
An chéad uair a tháinig seisean sa cholainn uiríseal a ghlac
sé chuige,
thug sé an seanreacht chun críche
agus réitigh sé an bóthar dúinn chun an tslánaithe shioraí;
i dtreo nuair a thiocfaidh sé arís i nglóir a mhórgachta,
go bhfaighimid greim go follas ar a bhfuil geallta dúinn
agus a bhfuilimid ag súil leis ag faire dúinn le barr
misnigh.
Uime sin, mar aon leis na hAingil agus leis na hArdaingil,
leis na Tróin agus leis na Tiarnais, agus le sluaite uile na
bhfiaitheas, canaimid duan do do ghlóir á rá gan stad:
Is Naofa, Naofa, Naofa thú, aThiarna Dia na Slua. Tá
neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda.
PREAFAID NA hAIDBHINTE II
Súil le Críost faoi dhó
34. Deirtear an phreafáid seo: in Aifrinn an trátha ó 17 go
24 Nollaig; in Aifrinn eile a cheiliúrtar sa tréimhse sin
agus atá gan preafáid ar leith.
S. Go raibh anTiarna libh.
P. Agus le do spiorad féin.
S.Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P.Tá siad tógtha in airde chun anTiarna againn.
S. Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P. Is ceart agus is cóir sin.
Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is
tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach
áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh
shioraí, tri Chríost ár dTiarna.
Thairngrigh na fáithe go léir go raibh seisean le teacht;
chothaigh an Mháthair Síor-Ogh é le cion thar barr;
d’fhógair Eoin Baiste go raibh sé ag teacht
agus thaispeáin don saol é nuair a tháinig.
Dheonaigh sé dúinn fáilte lúcháireach
a chur roimh rúndiamhair a bhreithe,
ionas go bhfaigheadh sé sinn ag faire gan staonadh san
urnaí
agus gliondar orainn á mholadh.
Uime sin, mar aon leis na hAingil agus leis na hArdaingil,
leis na Tróin agus leis na Tiarnais, agus le sluaite uile na
bhflaitheas, canaimid duan do do ghlóir á rá gan stad:
Is Naofa, Naofa, Naofa thú, a Thiarna Dia na Slua. Tá
neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm anTiarna.
Hósanna sna harda.
PAIDIR EOCAIRISTEACH II
99. Cé go bhfuil preafáid ar leith tugtha léi, is féidir an
Phaidir eocairisteach seo a úsáid freisin le preafáidí
eile, go mór mór leo sin a léiríonn go maith
rúndiamhair an tslánaithe, m. sh. na preafáidi
coiteanna.
S. Go raibh an Tiarna libh.
P. Agus le do spiorad féin.
S. Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P. Tá siad tógtha in airde chun anTiarna againn.
S. Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P. Is ceart agus is cóir sin.
Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is
tairbheach,
buíochas a ghabháil leat de shior agus i ngach áit, a Athair
naofa,
trí do Mhac muirneach, Íosa Críost,
do Bhriathar trína ndearna tú an uile ní,
a chuir tú chugainn mar Shlánaitheoir agus mar
Fhuascailteoir,
a ionchollaíodh ón Spiorad Naomh agus a rugadh ón
Maighdean.
Agus é ag comhlíonadh do thola
agus ag gnóthú pobal naofa duit,
shín sé amach a lámha, agus é ag fulaingt,
chun an bás a scriosadh agus an t-aiséiri a nochtadh.
Uime sin, mar aon leis na hAingil agus leis na Naoimh
uile, fógraímid do ghlóir á rá d’aon ghuth:
Is Naofa, Naofa, Naofa thú, aThiarna Dia na Slua. Tá
neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm anTiarna.
Hósanna sna harda.
100. Síneann an sagart a lámha uaidh amach agus deir:
AThiarna, is Naofa thú go fírinneach; is tú tobar na
naofachta go léir.
101. Cuireann sé a bhosa le chéile agus ansin leathann a
lámha os cionn na n-ofrálacha, á rá:
Naomhaigh, mar sin, impímid ort,
na bronntanais seo le drúcht do Spioraid,
cuireann a bhosa le chéile
agus gearrann fíor na croise aon uair amháin os cionn
an aráin agus na cail in éineacht, á rá:
chun go ndéanfar díobh inár gcomhair Corp agus + Fuil ár
dTiarna, Íosa Críost.
Cuireann a bhosa le chéile.
102. Sna foirmlí seo a leanas deirtear focail ár dTiarna go
soiléir agus os ard ma éilionn nádúr na bhfocal féin:
Nuair a bhi sé á thabhairt suas chun na Páise dá dheoin
féin,
glacann sé an t-arán;
coimeádann in airde beagán os cionn na haltóra é agus
leanann air:
ghlac sé an t-arán, agus ag gabháil buíochais leat, bhris,
agus thug dá dheisceabail é, á rá:
cromann beagán
GlACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UIlE AS SEO:
ÓIR IS é SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHUR SON.
Taispeánann sé an abhlann choisricthe don phobal,
leagann ar an bpaitean; agus feacann a ghlúin agus
adhrann.
103. Ansin leanann air:
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir,
glacann sé an chailís;
coimeádann in airde beagán os cionn na haltóra í agus
deir:
ag glacadh na cailíse, agus ag gabháil buíochais leat arís,
thug sé dá dheisceabail í, á rá:
cromann beagán
GlACAIGÍ AGUS ÓlAIGÍ UIlE AISTI SEO:
ÓIR IS Í SEO CAIlÍS MO CHUID FOlA,
FUIl AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHUR SON
AGUS AR SON MÓRáIN
CHUN MAITHIúNAS NA BPEACAÍ.
DéANAIGÍ é SEO I GCUIMHNE ORMSA.
Taispeánann sé an chailís don phobal, leagann ar an
gcorparáil í agus feacann a ghlúin agus adhrann.
104. Ansin deir sé:
Rúndiamhair an chreidimh.
Freagraíonn an pobal de chomhgháir:
Táimid ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag comóradh
d’aiséiri, nó go dtaga tú.
Nó:
Gach uair a ithimid an t-arán seo agus a ólaimid an chailís
seo, fógraimid do bhás, aThiarna, nó go dtaga tú.
Nó:
A Shlánaitheoir an domhain, slánaigh sinn, tusa a shaor
sinn trí do chros agus trí d’aiséiri.
Nó:
MoThiarna agus mo Dhia.
105. Ansin síneann an sagart a lámha uaidh amach agus
deir:
Dá réir sin, a Thiarna Dia,
ag cuimhneamh dúinn ar bhás agus ar aiséirí Chríost,
ofrálaimid duit arán na beatha agus cailís an tslánaithe,
agus gabhaimid buíochas leat
toisc gurbh fhiú leat
sinn a bheith i do láthair agus ag fónamh duit.
Iarraimid go humhal ort go n-aontófar le chéile,
le cumhacht an Spioraid Naoimh,
sinne atá páirteach i gCorp agus i bhFuil Chríost.
Tabhair chun cuimhne, a Thiarna, d’Eaglais ar fud an
domhain mhóir
chun go ndéanfá í a neartú sa charthanacht
i gcuideachta lenár bPápa A., agus lenár nEaspag A.*,
agus leis an gcléir uile.
In Aifrinn na Marbh ní miste an bhreis seo a rá:
Cuimhnigh ar do sheirbhíseach A. a ghlaoigh tú chugat
féin as an saol seo (inniu). Deonaigh dósan (disean)
a bhí aontaithe le do Mhac i mbás cosúil lena bhás-san, a
bheith rannpháirteach ina aiséirí.
* Anseo ní miste an tEaspag Cóidiútair nó na hEaspaig Chúnta a lua mar atá
léirithe saTeagasc Ginearálta don I.eabhar Aifrinn Rómhánach, uimh. 149.
Cuimhnigh freisin ar ár muintir féin
a fuair bás agus iad ag súil le haiséirí agus orthu siúd uile
atá imithe ar shlí na fírinne faoi do ghnaoi
agus fáiltigh rompu isteach i solas do ghlóire.
Déan trócaire orainn uile, impímid ort, ionas gurbh fhiú
sinn a bheith páirteach sa bheatha shíoraí
chun tú a mholadh agus a ghlóiriú
i gcuideachta na Maighdine Beannaithe Muire, Máthair
Dé, na Naomhaspal agus na Naomh uile
a rinne do thoilse riamh anall
cuireann a bhosa le chéile
trí do Mhac Íosa Críost.
106. Tógann sé an paiteana leis an abhlann
shárbheannaithe, agus an chailís; ardaíonn iad araon
agus deir:
Is trid agus leis agus ann a thugtar gach onóir agus glóir
duitse, a Dhia, an tAthair uilechumhachtach, in aontacht
an Spioraid Naoimh, trí shaol na saol.
Freagraíonn an pobal de chomhgháir:
Amen.
Ansin leanann Deasghnáth na Comaoineach, lch 100.
PAIDIR EOCAIRISTEACH III
S. Go raibh anTiarna libh.
P. Agus le do spiorad féin.
S. Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
P. Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S. Gabhaimis buíochas lenár dTiarna Dia.
P. Is ceart agus is cóir sin.
Leanann an Phreafáid atá le rá de réir na rúibricí agus
críochnaíonn sí:
Is Naofa, Naofa, Naofa thú, aThiarna Dia na Slua. Tá
neamh agus talamh lán de do ghlóir. Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm anTiarna.
Hósanna sna harda.
108. Síneann an sagart a lámha uaidh amach agus deir:
AThiarna, is Naofa fhú go fírinneach,
agus gach dúil a chruthaigh tú, molann sé thú mar is dual
duit, óir le cumhacht an Spioraid Naoimh,
trí do Mhac, ár dTiarna, Íosa Críost,
déanann tú gach rud a bheochan agus a naomhú, agus
bíonn tú de shíor ag bailiú pobail chugat féin,
ionas go mbeadh íobairt ghlan á hofráil do d’ainm,
ó éirí go luí na gréine.
109. Cuireann sé a bhosa le chéile agus ansin leathann a
lámha os cionn na n-ofrálacha, á rá:
Impímid go humhal ort, dá bhrí sin, a Thiarna, go
ndeonófá na tabhartais seo, atá tugtha i do láthair againn
le coisreacan duit, a naomhú tríd an Spiorad céanna,
Cuireann sé a bhosa le chéile agus gearrann fíor na
croise aon uair amháin os cionn an aráin agus na cailíse
in éineacht, á rá:
ionas go ndéanfar díobh Corp agus + Fuil do Mhic, ár
dTiarna, Íosa Críost;
cuireann sé a bhosa le chéile:
mar is le hordú uaidh a cheiliúraimid na rúndiamhra seo.
110. Sna foirmlí seo a leanas deirtear focail ár dTiarna go
soiléir agus os ard mar a éilíonn nádúr na bhfocal féin:
Óir an oíche ar tugadh suas é
glacann sé an t-arán;
coimeádann in airde beagán os cionn na haltóra é agus
deir: ghlac sé an t-arán,
agus ag gabháil buiochais leat, bheannaigh, bhris, agus
thug dá dheisceabail é, á rá:
cromann beagán
GlACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UIlE AS SEO:
ÓIR IS é SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHUR SON.
Taispeánann sé an abhlann choisricthe don phobal,
leagann ar an bpaiteana í agus feacann a ghlúin agus
adhrann.
111. Ansin leanann air:
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir,
glacann sé an chailís;
coimeádann in airde beagán os cionn na haltóra í agus
deir:
ag glacadh na cailíse, agus ag gabháil buíochais leat,
bheannaigh, agus thug dá dheisceabail í, á rá:
cromann beagán
GlACAIGÍ AGUS ÓlAIGÍ UIlE AISTI SEO: ÓIR IS Í SEO CAIlÍS MO
CHUID FOlA,
FUIl AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ. DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS
AR SON MÓRáIN CHUN MAITHIúNAS NA BPEACAÍ.
DéANAIGÍ é SEO I GCUIMHNE ORMSA.
Taispeánann sé an chailís don phobal, leagann ar an
gcorporáil í agus feacann a ghlúin agus adhrann.
112. Ansin deir sé:
Rúndiamhair an chreidimh.
Freagraíonn an pobal de chomhgháir:
Táimid ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag comóradh
d’aiséirí, nó go dtaga tú.
Nó:
Gach uair a ithimid an t-arán seo agus a ólaimid an chailís
seo, fógraímid do bhás, a Thiarna, nó go dtaga tú.
Nó:
A Shlánaitheoir an domhain, slánaigh sinn, Tusa a shaor
sinn tri do chros agus trí d’aiséirí.
Nó:
MoThiarna agus mo Dhia.
113. Ansin síneann an sagart a lámha uaidh amach agus
deir:
Dá réir sin, a Thiarna,
cuimhnímid ar pháis do Mhic a shlánaigh sinn,
ar a aiséirí glórmhar agus ar a dheascabháil chun na
bhflaitheas,
agus ag feitheamh go muiníneach lena theacht athuair,
ofrálaimid duit, mar chomhartha buiochais, an íobairt
bheo naofa seo.
Féach anuas, impímid ort, ar a n-ofrálann d’Eaglais,
agus ag tabhairt aitheantais don Ofráil
ar thoil leat glacadh léi mar íobairt leorghnímh,
deonaigh go ndéanfar aon chorp amháin agus aon spiorad
amháin
i gCríost dínne atá dár gcothú le Corp agus le Fuil do Mhic
agus atá líonta den Spiorad Naomh.
Go ndéana Críost dinn tabhartas foirfe síorai duitse,
ionas go n-éireoidh linn oidhreacht a bhaint amach
i gcuideachta na muintire atá roghnaithe agat;
sa chéad áit, an Mhaighdean róbheannaithe, Muire,
Máthair Dé,
d’Aspail naofa agus do Mhairtirigh ghlórmhara,
(Naomh A.: naomh an lae nó naomhphátrún)
agus na Naoimh uile a bhfuil lánmhuinín againn as
cabhair na hidirghuí
a dhéanann siad go buan os do chomhair.
An íobairt seo a thugann sinn chun athmhuintearais leat,
go dté sí chun síochána agus chun slánaithe don domhan
uile,
impímid ort, a Thiarna.
Go ndeonaí tú d’Eaglais a neartú ar a hoilithreacht ar
talamh
i gcreideamh agus i gcarthanacht mar aon le do
sheirbhiseach, ár bPápa A., lenár nEaspag A.,* le hord na
n-easpag agus leis an gcléir uile
agus leis an bpobal uile atá gnóthaithe agat.
Tabhair aird go ceansa ar mhianta an teaghlaigh
* Anseo ní miste an tEaspag Cóidiútair nó na hEaspaig Chúnta a lua mar atá
léirithe saTcagasc Ginearálta don Leabhai Aifrinn Rómhánach, uimh. 149.
atá anseo i do láthair de réir do thola féin.
As ucht do thrócaire, a Athair chaoin,
aontaigh leat féin do chlann uile,
cibé áit a bhfuil siad scaipthe.
+ lig isteach go geanúil i do riocht ár muintir atá marbh
agus gach duine atá imithe as an saol seo faoi do ghnaoi. Is
é ár ndóchas go mbeimidne ina gcuideachta siúd ionas go
mbainfimid sásamh as do ghlóir, i dteannta a chéile go
deo,
cuireann a bhosa le chéile
trí Chríost ár dTiarna, trína mbronnann tú gach maitheas
ar an saol. +
114. Tógann sé an paiteana leis an abhlann
shárbheannaithe, agus an chailís; ardaíonn iad araon
agus deir:
Is trid agus leis agus ann a thugtar gach onóir agus glóir
duitse, a Dhia, an tAthair uilechumhachtach, in aontacht
an Spioraid Naoimh, trí shaol na saol.
Freagraíonn an pobal de chomhgháir:
Amen.
Ansin, leanann Deasghnáth na Comaoineach, lch 100.
115. Nuair a deirtear an Phaidir eocairisteach seo in Aifrinn
na marbh ní miste é seo a leanas a rá:
+ Cuimhnigh ar do sheirbhíseach A., a ghlaoigh tú chugat
féin as an saol seo (inniu). Deonaigh dósan (disean)
a bhí aontaithe le do Mhac i mbás cosúil lena bhás-san, a
bheith rannpháirteach ina aiséiri,
nuair a thógfaidh sé na mairbh sa cholainn as an talamh,
agus ár gcorp uiríseal a dhéanamh cosúil lena chorp
glórmhar féin. lig isteach go geanúil i do ríocht ár muintir
atá marbh freisin agus gach duine atá imithe as an saol seo
faoi do ghnaoi. Is é ár ndóchas go mbeimidne ina
gcuideachta siúd, ionas go mbainfimid sásamh as do
ghlóir, i dteannta a chéile go deo, nuair a ghlanann tú gach
deoir ónár súile, óir, nuair a bheimid do d’fheiceáil mar atá
tú, a Dhia linn, beimid cosúil leat trí shaol na saol, agus
beimid do do mholadh gan stad
cuireann a bhosa le chéile
trí Chríost ár dTiarna, trína mbronnann tú gach maitheas
ar an saol. +
Deasghnáth na Comaoineach
124. Leagann an sagart an paiteana agus an chailís ar an
gcorporáil; cuireann sé a bhosa le chéile agus deir:
Aitheanta an tslánaithe dár dtreorú agus briathar Dé dár
dteagasc, tá sé de mhisneach againn a rá:
Síneann sé a lámha uaidh amaeh agus deir i gcomhar
leis an bpobal:
Ar nAthair atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do
ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh, mar a dhéantar ar
neamh. ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith
dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna
féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.
125. Leanann an sagart féin air agus a lámha sínte uaidh
amach aige:
Saor sinn ó gach olc, impímid ort, aThiarna.
Tabhair dúinn go cineálta siocháin lenár linn, ionas go
mbeimid, le cúnamh do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí
agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil leis an dóchas
naofa agus le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
Cuireann a bhosa le chéile.
Cuirtear críoch leis an urnaí le comhgháir an phobail:
Óir is leatsa an riocht agus an chumhacht agus an ghlóir trí
shaol na saol.
126. Ansin síneann an sagart a lámha uaidh amach agus
deir os ard:
A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d’Aspail:
Fágaim síocháin agaibh,
tugaim daoibh mo shíocháin: ná féach ar ár bpeacaíne
ach ar chreideamh d’Eaglaise;
deonaigh siocháin a thabhairt di agus i a aontú,
faoi mar is toil leat féin,
Cuireann a bhosa le chéile.
tusa a mhaireann agus a rialaíonn tri shaol na saol.
Freagraíonn an pobal:
Amen.
127. Agus a aghaidh ar an bpobal, síneann an sagart a
lámha uaidh amach agus tugann le chéile arís iad, á rá:
Síocháin an Tiarna libh i gcónai.
Freagraíonn an pobal:
Agus le do spiorad féin.
128. Ansin, de réir mar a oireann, deir an deochain nó an
sagart:
Ofrálaigí comhartha siochána dá chéile.
Cuireann a mbíonn i láthair in iúl ar shlí dhúchasach
go bhfuil síocháin, muintearas agus grá eatarthu.
Déanann an sagart amhlaidh leis an deochain nó leis
an mineastrálaí.
129. Ansin tógann sé an abhlann shárnaofa agus briseann os
cionn an phaiteana í agus cuireann píosa di sa chailís, á
rá go rúnda:
An cumasc seo de Chorp agus d’Fhuil ár dTiarna, Íosa
Críost, go dtuga sé chun na beatha síoraí sinne a ghlacann
é.
130. Idir an dá linn cantar nó deirtear:
A Uain Dé, a thógann peacai an domhain, déan trócaire
orainn. A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan
trócaire orainn. A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain,
tabhair dúinn síocháin.
Ní miste é seo a athrá breis uaireanta má bhíonn moill
le briseadh an aráin. Deirtear tabhair dúinn síocháin
an uair dheireanach.
131. Ansin, agus a bhosa le chéile aige, deir an sagart go
rúnda:
AThiarna Íosa Críost, Mac Dé bheo,
thug do bhás beatha don domhan
le toil an Athar agus le cabhair an Spioraid Naoimh:
saor mé ó mo pheacaí uile, agus ó gach urchóid
trí do Chorp agus d’Fhuil rónaofa: tabhair dom cloí i
gcónaí le d’aitheanta
agus ná lig dom scaradh leat choíche.
Nó:
Nár thé glacadh do Choirp agus do chuid Fola chun
breithiúnais agus daorbhreifhe dom, a Thiarna Íosa Críost,
ach go gcumhdaí sé mé idir anam agus chorp, de réir do
mhaifheasa, agus gurab údar leighis dom é.
132. Feacann an sagart a ghlúin; tógann sé an abhlann
shárnaofa ina lámh; coimeádann in airde í beagán os
cionn an phaiteana nó na cailíse; deir sé os ard agus a
aghaidh ar an bpobal:
Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is
méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
Ansin deir sé aon uair amháin i gcomhar leis an bpobal:
A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse
an focal agus leigheasfar m’anam.
133. Agus a aghaidh ar an altóir, deir an sagart go rúnda:
Go dtuga Corp Chríost slán chun na beatha síoraí mé.
Glacann sé Corp Chríost le hurraim.
Ansin tógann sé an chailís ina lámh agus deir go
rúnda:
Go dtuga Fuil Chríost slán chun na beatha síoraí mé.
Glacann sé Fuil Chríost le hurraim.
134. Ansin tógann sé an paiteana nó an pioscas; téann sé
chun an phobail: ardaíonn an abhlann shárnaofa os
comhair gach duine atá ag glacadh Comaoineach, á rá:
Corp Chríost.
Freagraíonn an comaoineoir:
Amen.
Glactar Comaoineach.
Déanann an deochain mar an gcéanna, má bhíonn sé
ag dáileadh Comaoineach naofa.
Má tá daoine i láthair don Chomaoineach faoin dá
ghné, leantar an gnás mar a thugtar é ina áit chuí.
Le linn don sagart Corp Chríost a ghlacadh cuirtear tús
le ceadal na Comaoineach.
137. Tar éis Comaoineach a dháileadh, déanann an sagart
nó an deochain nó an t-acalaí an paiteana a íonú os
cionn na cailíse, agus an chailís féin a íonú. Fad a
bhíonn sé ag íonú deir an sagart go rúnda:
An tabhartas a ghlacamar trínár mbéal, a Thiarna,
go bhfáiltímid roimhe le hintinn ghlan;
agus an rud a bhronn tú ar an saol seo orainn,
go raibh sé ina íocshláinte againn ar feadh na síoraiochta.
Ní miste don sagart filleadh ar an gcathaoir ansin. De
réir mar a oireann, bíodh ciúnas naofa ar feadh tamaill
nó is féidir salm nó caintic mholta nó iomann a
chanadh.
Ansin ina sheasamh ag an gcathaoir nó ag an altóir
agus a aghaidh i dtreo an phobail agus a bhosa le chéile
deir an sagart:
Guímis.
Guíonn an sagart agus an pobal tamall gearr i gciúnas,
mura mbíonn ciúnas roimhe sin. Ansin síneann an
sagart a lámha uaidh amach agus deir an
Iarchomaoineach. Mar chlabhsúr freagraíonn an pobal
de chomhgháir:
Amen.
An Deasghnáth Deiridh
Tugtar gearrfhógrai ansin, más gá iad.
Leanann an scaoileadh chun siúil. Leathann an sagart a
lámha, agus a aghaidh i dtreo an phobail, agus deir:
Go raibh an Tiarna libh.
Freagraíonn an pobal.
Agus le do spiorad féin.
Cuireann an sagart beannacht ar an bpobal, á rá:
Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac
agus + Spiorad Naomh.
Freagraíonn an pobal.
Amen.
142. Ar ócáid nó laethanta áirithe, in áit na beannachta sin
baintear feidhm de réir na rúibricí, as foirmle
beannachta níos sollúnta, nó as urnaí os cionn an
phobail.
143. In Aifreann Easpaig, glacann an ceiliúraí an mítéar,
agus ag síneadh a lámh uaidh amach deir:
Go raibh anTiarna libh.
Freagraíonn cách:
Agus le do spiorad féin.
Deir an ceiliúraí:
Go mbeannaítear ainm an Tiarna.
Freagraíonn cách:
Ón uair seo amach agus ar feadh na sioraíochta.
Deir an ceiliúraí:
Tá ár gcabhair in ainm an Tiarna.
Freagraíonn cách:
A rinne neamh agus talamh.
Ansin deir an ceiliúraí, tar éis dó glacadh lena bhachall, má
úsáideann sé é:
Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh,
Gearrann sé comhartha na croise trí huaire os cionn an
phobail agus deir:
Athair, * Mac, * agus Spiorad * Naomh.
Freagraíonn an pobal.
Amen.
144. Ansin deir an deochain, nó an sagart féin, lena
bhosa le chéile agus a aghaidh ar an bpobal:
Imígí, tá an tAifreann thart.
Nó:
Imígí le Soiscéal anTiarna a fhógairt.
Nó:
Imígí faoi shíocháin ag glóiriú anTiarna le bhur mbeatha.
Nó:
Imígí faoi shíocháin.
Freagraíonn an pobal:
Buiochas le Dia.
Ansin tugann an sagart urraim don altóir le póg mar a
rinne i dtosach.Tar éis cromadh go híseal mar aon leis
na ministreálaithe, imíonn sé.
Má leanann aon ghníomh liotúirgeach ar an bpointe,
fágtar deasghnáth an scaoilte chun siúil ar lár.