Sliocht as Gníomhartha na nAspal 1:1-11
Tógadh suas os comhair a súl é.
Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?” Ach d’fhreagair sé iad: “Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice.
“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir?
An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”
Sin é Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 46
Freagra Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile,gairdigí do Dhia Ie teann lúcháire!Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,ina ardrí os cionn na cruinne. Freagra
2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta;gabhann sé in airde le séideadh an stoic.Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dóSeinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó Freagra
3. Is é Dia rí na cruinne go léir.Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dóTá Dia ina rí ar na náisiúin;tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 1:17-23
Chui sé ina shuí ar a dheis fin sna flaithis é.
A bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.
Briathar Dé
Alleluia Véarsa Mt 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 28:16-20
Tá gach údardas tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
San am sin d’imigh an t-aon deisceabal déag leo go dti an Ghailil, go dti an sliabh a cheap Iosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceãil dóibh d’umhlaiodar dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.
Tháinig losa chucu agus labhair sé leo: ‘Ta gach údarãs tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imigí dá bhri sin. déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, a mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil.
Agus féach tâim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Soiscéal Dé.
Machnamh ar léachtaí -21ú Bealtaine 2023
An Chéad Léacht (Gníomhartha na nAspal 1:1-11). Agus iad ag faire, tógadh suas é. An leabhar seo, Gníomhthartha na nAspal, a meastar gurb é Lúcás a scríobh, tá sé tiomnaithe do Theofalas áirithe, nach fios cé hé, ach a luaitear arís ag Lúcás 1:3, saothar eile atá tiomnaithe dó. Léacht an lae inniu tugann sí achoimre ar shaothar Íosa óna thús go dtí a dheascabháil, mar a dhéanann Lúcás ina shoiscéal féin. Mheasfadh duine ón chur síos atá ag Lúcás air ina shoiscéal (Lúcás 24:1-49, 50-51) gur tharla an deascabháil ar Dhomhnach Cásca, lá an aiséirí féin. Sa léacht seo deir Lúcás gur thaispeáin Íosa é féin dá aspail ar feadh dachad lá tar éis aiséirí dó. Níos déanaí sa leabhar (Gníomhartha 13:31), dar le Lúcás, dúirt Pól Aspal gur thaispeáin Íosa é féin tar éis a aiséirí “ar feadh mórán laethanta”. Ag baint úsáide as traidisiún ársa deir Naomh Pól (1 Corantaigh 15:3-8) gur thaispeáin Íosa é féin to Céafas (Peadar), don Dáréag, do bhreis agus cúig céad bráithre (agus siúracha) in éineacht, do Shéamas agus do na haspail go léir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an daichead lá sin, deir Lúcás, bhí Íosa ag tagairt do ríocht Dé, croílár gach a rinne agus adúirt sé lena bheatha. Ach bhí smaointe eile seachas ríocht Dé acu siúd a bhí bailithe timpeall ar Íosa, sin ríocht Iosrael, ríocht Dháiví, a chur ar bun arís. B’shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo do Íosa. Ba é freagra Íosa ná gurb faoi Dhia agus stiúir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhchaí, agus sa ré nua ní bheadh ríocht Dé teoranta do Iosrael. Go críocha imigéiniúla an domhain é. Tar éis deascabháil do Íosa dúirt aingil leis na aspail gan bheith ag amharc suas ar neamh. Bheadh Íosa leo i slí nua, tríd an Spiorad Naomh. Tá cur síos i Ghníomhartha na nAspal ar fhorás ríocht Dé go “críocha imigéiniúla an domhain”, ar dtús go croílár na hImpireachta sa Róimh féin.
Salm le Freagra (Salm 46). Gabhann Dia in airde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
An Dara Léacht (Eifísigh 1:17-23). Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é. Tá dhá thuiscint ar dheascabáil Chríost le fáil i léachtaí an lae inniu. Sa chéad léacht tá an “deascabháil staire” againn, deascabháil mar eachtra den stair a fheictear le súla cinn. Is sa téacs seo amháin atá an léargas sin uirthi le fáil. Don chuid is mó de feictear ar an deascabháil mar rúndiamhair, ionann i slí agus an t-aiséirí féin, is é sin le rá glóiriú Íosa go deaslámh Dé. Is mar sin atá sa dara léacht inniu. Díreach roimh thús na léachta seo dúirt Pól nár stad sé ach ag gabháil buíochais le Dia ar son na heaglaise a scríobhann sé chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann sé leis an urnái sa léacht seo, impí ar Dhia na glóire, ar Dhia Íosa Críost, urnaí ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. Ní leor an tuiscint aigne ann féin. Ní foláir eagna agus soilsiú ó Dhia le rúndiamhair na deascabhála a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith acu ar an oidhreacht shaibhir atá acu, agus an dóchas agus meanma ba chóir a bheith acu dá bharr sin. Ionann Críost ar dheaslámh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in éineacht leis.
Tugann an téacs gné eile den deascabháil dúinn; sin le rá cumhacht Dé ag feidhmiú ann nuair a thug sé Íosa ó mhairbh agus ansin go neamh féin sa deascabháil. An chumhacht Dé sin tá sí ag feidhmiú san Eaglais. Críost ar dheis Dé is ardcheann na hEaglaise é. Tá iomláine, láine, ghlóire agus cumhachta Dé i gCríost, agus ó Chríost san Eaglais. Ráiteas deiridh na léachta seo, an Eaglais mar “láine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í”, is doiligh brí bheacht a bhaint as, ach cuireann sé síos ar ról na hEaglaise le fís agus slánú Dé a léiriú don domhan mór, agus mar rúndiamhair aontaithe le Críost ina dheascabháil ar dheis Dé, ní hamháin sin a léiriú ach a chur i gcrích. Ach mar is eol dúinn go maith, is fada idir fís, rúndiamhair agus á cur i gcrích. Ní mór dúinn leanúint le urnaí Phóil go ndéanfaidh Día na glóire, Dia Ár dTiarna Íosa Críost, amhlaidh.
An Soiscéal (Matha 28:16-20). Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Seo í bliain Shoiscéal Mhatha i liotúirge an Domhnaigh. Níl aon chur síos ag Matha, faoi mar atá ag Lúcás, agus i bhfoirceann fada Marcas, ar dheascabháil Íosa. Ach sa sliocht seo as Matha is á an Críost aiséirithe, ar dheaslámh an Athar, tar éis deascabháil dó, atá ag caint. Tá gach údarás ar neamh agus ar talamh tugtha dó, díreach mar a léitear sa litir chuig na hEifisigh sa dara léacht inniu, a labhraíonn faoin chumhacht éachtach a chuir Dia ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis féin sna flaithis, go hard os cionn gach uile ní dárbh fhéidir a lua, ní hamháin sa saol seo, ach fós sa saol atá le teacht. Chuir sé gach ní faoina smacht. Le linn a bheatha ar talamh dó, bhí misean Íosa teoranta do Iosrael. Ag seoladh an Dáréag deisceabal amach leis a soiscéal a fhógairt d’ordaigh sé dóibh gan dul chun na gintlithe ná na Samáireach, ach faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 10:5-6). Le bean ó Chanán a bhí ag lorg cabhrach duírt Íosa nár cuireadh é ach amháin go dtí caoirigh chaillte theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Bhí an ré theoranta sin thart anois le bás agus aiseirí Íosa, agus a dheascabháil go deaslámh an Athar. Ag a aiséirí dúirt aingeal an Tiarna le Máire Mhaighdiléana agus an Múire eile a rá le deisceabail Íosa dul go dtí an Ghailíl, le buaileadh le hÍosa ansin, agus dúirt Íosa féin an rud céanna leo. I léacht an lae inniu tá cur síos ar an teagmháil sin le hÍosa. Tharla sé ar shliabh a bhí mar ionad coinne, ach níl eolas beacht faoi cá raibh sé sa Ghailíl. Mheabhraigh Matha dúinn (1:23) go dtabharfaí Imeánuéil ar mhac Mhuire, ainm a chiallaíonn “Tá Dia linn”. Briathra deiridh Íosa dá dheisceabail, á seoladh amach leis an dea-scéal a fhógairt, ná gur Imeánuéil i gcónaí é. Beidh sé lena chuid go deireadh an tsaoil.
26. Deascabháil an Tiarna 2023
Léachtaí an Aifrinn - 21ú Bealtaine 2023
CÉAD LÉACHT