Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 6:1-7
Thogh siad seacht bhfear a bhí lán den Spiorad Naomh.
Sna laethanta sin, mar go raib líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí á dhéanamh ar a mbaintreacha féin sa fhriothálamh laethúil. Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird. Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo. Agus leanfaimidne den urnaí agus de sheirbhís an bhriathair.”
Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Prochonór, Níocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, léivíteach ó Aintíoch. Thug siad i láthair na n-aspal iad, agus tar éis dóibh sin urnaí a dhéanamh leag siad a lámha orthu.
De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méad ascuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
Sin é Briathar Dé
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Malairt Freagra Alleluia,
I. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; is cóir go molfadh daoine dílse é. Molaigí an Tiarna ar an gcruit, ceolaigí dó ar an gcláirseach dheichthéadach. Freagra
2. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile. Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
3. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás, is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 2:4-9
Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
A clann ionúin, druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í; agus tógtar sibhse féin, faoi
mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.” Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: “An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,” agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
Briathar Dé
Alleluia Véarsa Eo 14: 6
Alleluia, Alleluia!
‘Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha,’ a deir an Tiama: ‘Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
Alleluia! Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 14:1-12
Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí:
creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.
Is iomaí áras i dteach m’Athar.
Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é.
Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,
agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh,
tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin;
i dtreo, an áit ina mbeidh mise,
go mbeidh sibhse chomh maith.
Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.”
Dúirt Tomás leis: “A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidirdúinn eolas na slí a bheith againn?”Dúirt Íosa leis:
“Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.Dá mbeadh aithne agaibh ormsa,d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith.Tá aithne agaibh air feasta,agus tá radharc faighte agaibh air.”
Dúirt Pilib leis: “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin.” Dúirt Íosa leis: “An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm?
An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.Conas, mar sin, a deir tú:‘ Taispeáin dúinn an tAthair’?Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa?Na briathra a labhraímse libh,ní uaim féin a labhraím iad,ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa,eisean a dhéanann na hoibreacha.Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athairagus an tAthair ionamsa.Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin.Amen, Amen, a deirim libh,an té a chreideann ionamsa,na hoibreacha a dhéanaimse,déanfaidh seisean iad chomh maith,agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad;mar táimse ag dul chun an Athar.
Soiscéal Dé.
Machnamh ar léachtaí -7ú Bealtaine 2023
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais: Pobal Dé, Sagartacht Naofa
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Gníomhartha 6:1-7). Thogh siad seacht bhfear a bhí lán den Spiorad Naomh. Tugann an léacht seo léas dúinn ar shaol laethúil na nGiúdach in Iarúsailéim in aimsir na luath-eaglaise, agus sin mar chúlra don óg-eaglais féin. Bhí dhá. nó trí, theanga á labhairt ann go rialta, ceann Seimíteach (Airimis nó Eabhrais; d’fheadfaí Eabhrais a thabhairt ar cheachtar acu) agus Gréigis. Tugadh Heilléiníthe ar lucht labhartha na Gréigise. Rugadh cuid mhaith díobh taobh amuigh den Phailistín, agus is cosúil go raibh an teanga Gréigise á húsáid go rialta in Iarúsailéim, le sionagóga agus seirbhísí liotúirgeacha as Gréigis acu. Bheadh cuid díobh sin níos oscailte don domhan neamh-Ghiúdach agus do theachtaireacht Chríost ná an dream eile, ach ní i gcónaí a bhí. Bhí na Heilléiníthe go nimhneach i gcoinne Phóil aspal. Bhíodh cúram faoi leith ag an eaglais do charthannacht do na baintreacha, agus de reir dealraimh bhí neamh-shuim á déanamh ag na seanfhondúirí le teanga Sheimíteach (Airimis nó Eabhrais) ar lucht labhartha na Greigise (eachtrannagh). Cuireann an Dáréag Aspal an cheist faoi bhráid shlua na ndeisceabal. Thuig na haspail nár chóir dóibh cúrsai freastail ag bórd agus béilí iad a tharraingt óna gcúram don soiscéal, rúndiamhair ina raibh urnaí agus seanmóireacht nasctha le chéile. Bhí an seachtar le togha le bheith tiomanta don seirbhís carthannachta seo. Tá ainmneacha Gréigise ag an seachtar, ach b’fhéidir nárbh Heilléiníthe, de bhunadh Gréigach, iad go léir, ach cuid acu ina n“Eabhraigh” le ainm Gréigise. Duine amháin acu, Nioclás as Aintíoch, ba phrosailíteach (comhalta) é, a iompaigh ón phágántacht go Giúdachas. Toghadh dá gcúram nua iad le deasghnáth liotúirgeach; leagadh lámh orthu. Tugtar deagánaigh ar na seirbhísigh boird sin. Mar Heilléiníthe bheidis níos oscailte don domhan neamh-Ghiúdach ná na hEabhraigh. Ní cuirtear sios orthu a thuilleadh sa leabhar seo mar sheirbhísigh bhoird. Trí dhuine díobh, Stiofán, leath an dea-scéal thar Iosrael amach. Agus ba mhisinéir Pilib chomh maith. Maidir leis an líon mór sagart a iompaigh ina gCríostaithe, ní dochar a mheabhrú go raibh líon mór sagart Giúdacha, clannmhac Árón, in Iarúsailéim, le friotháil sa Teampall.
Salm le Freagra (Salm 32[33[). Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Dara Léacht (1 Peadar 2:4-9). Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga. Ag tabhairt Iosrael amach ón Éigipt dó, le bheith ina phobal tofa aige, duirt Dia le Maois a rá le clann Iosrael: “Chonaic sibh mar thug mé sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiun coisricthe” (Eacsadas 19:3-6). Bhí an bronntanas seo maidir le sagartacht agus cine coisricthe ceangailte le éisteacht agus glacadh le guth Dé ag labhairt. Sagartacht faoi leith, sagartacht an phobail, a bhí anseo. Bhí sagartacht eile le bheith ag Iosrael le friotháileamh sa bhoth agus sa Teampall, sagartacht a bhain le clann mhac Árón. D’fhéach an pobal Críostaí air féin mar chomharba ar Iosrael, leis na tíolacthaí a gealladh do Iosrael: sagartacht agus gach a bhain lei. Bíonn ofráileacha ag sagairt, i dTeampall, a bhunaítear ar talamh de chlocha. I bpobal nua Dé is é an pobal féin an Teampall, agus baill an phobail na clocha. Is í an ofráil a dhéanann an tsagartacht seo ná an bheatha Chríostaí. Is é Íosa Críost bunchloch agus barrchloch an Teampaill, cloch an coirnéil, an chloch thofa, ach cloch gur ceap tuisle í dóibh sin nach gcreideann. Glaodh Íosrael ón dorchadas ag teacht ón Éigipt dó. Glaodh an Eaglais agus na Críostaithe ón dorchadas ag an eacsadas nua le haiséirí Chríost agus sa bhaisteadh. Is cine tofa iad, sagartacht ríoga, náisiún naofa le glóir Íosa a fhogairt le beatha de réir an tsoiscéil
An Soiscéal (Eoin 14:1-12). Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Is cuid de aitheasc Íosa é seo agus é ag fágaint slán ag a dheisceabail roimh fhilleadh ar a Athair dó chun áit a chur in oiriúint dóibh. Leagann sé béim ar an aontas atá, agus a bheidh, ann idir é féin, an tAthair agus na deisceabail. Beidh siad leis san áit ina a bhfuil sé ag dul. Ag freagairt ceiste ó Thomás deir Íosa gurb é féin an tSlí chun an Athar, an Fhírinne agus an Bheatha. Ionann aithne ar Íosa agus athne ar an Athair. Má tá aithne acu ar Íosa, tá aithne acu ar an Athair. Téama thar a bheith tábhachtach atá anseo. Bunphrionsabal i gcreideamh an tSeantiomna agus an Ghiúdachais ná nach féidir le duine daonna Dia a fheiceáil. Mar a dúirt Dia féin le Maois: “Ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin” (Eacsadas 33:20). Deir Eoin an rud céanna sa bhrollach don Soiscéal seo (Eoin 1:18): “Ní fhaca aon duine ruam Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d’aithris”. Deireann Íosa na rud céanna sa léacht seo. Ní uaidh féin a labhraíonn sé, ach mar a deir an tAthair leis. Mar sin feictear Dia na glóire in Íosa, ina ghrá don chine daonna agus i mórán slíte eile. Is é an tAthair atá ag déanamh na hoibreacha a dhéanann Íosa. Ni miorúiltí amháin atá i gceist sna hoibreacha seo, ach saothar iomlán slánaithe Íosa, nó saothar an Athar trí Íosa. Agus nuair a bheidh Íosa imithe, agus leis an Athair, agus an Spiorad tagaithe, beidh oibreacha Íosa, agus níos mó fós ná iad, á ndéanamh ag a dheisceabail. Aris ní miorúilti atá i gceist, ach fianaise don domhan, agus pobal creidimh a bhunú le glóir a thabhairt do Dhia. Bhí saothar, oibreacha, Íosa teoranta don Phailistín. Beidh fianaise agus oibreacha a dheisceabail, agus na heaglaise, ann don domhan mór – Íosa imithe chun an Athar ach i láthair tríd an Spiorad,.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais: Pobal Dé, Sagartacht Naofa.
Tá ábhar machnaimh domhain againn i dara léacht an lae inniu, i Litir Pheadair. I slí ní gá cur leis. Téacs iomráiteach téacs seo Litir Pheadair, agus déantar plé faoi minic go leor inniu. Ceist amháin a ardaítear ina thaobh ná an gaol atá idir shagartacht choiteann seo na bhfíréan go léir agus sagartacht mhinistreach na sagart agus na n-easpag. Tá an cheist pléite go minic, agus arís i doiciméidí Vaticáin II. Tá achoimre den teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (ailt 1546-1547): sagartacht choiteann seo na bhfíréan, cuireann na fíréin i ngníomh í tri rannpháirtíocht i misiún Íosa Críost mar Shagart, Faidh agus Rí, gach duine de réir na gairme a fuair sé féin. Tá difríocht bhunúsach, áfach, idir sagartacht mhinistreach na n-easpag agus na sagart agus sagartacht choiteann na bhfíréan, cé go bhfuil siad araon páirteach in aon sagartacht Chríost, gach ceann acu ar a dhóigh féin agus go bhfuil siad ordaithe i dtreo a cheile. Is dual don sagartacht mhinistreach fónamh don sagartacht choiteann. Má tá rún le tógaint againn ó liotúirge agus léachtaí a lae inniu, gairm a bheadh ann ó Dhia éisteacht le guth, le glór, Dé agus Íosa agus urnaí bheith dilis don chonradh ionas gur sagartacht chuí do ghlóir Dé a bheadh ionainn
24. An Cúigiú Domhnach den Cháisc 2023
Léachtaí an Aifrinn - 7ú Bealtaine 2023
CÉAD LÉACHT