Sliocht as an Leabhar Gníomhartha na nAspal 2:14, 22-33
Níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é.
Lá Cincise d’éirigh Peadar ina sheasamh i gcuideachta an Aon Duine Dhéag agus labhair leo de ghuth ard:“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí. Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d’fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
“Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor.Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.Tá gliondar ar mo chroí dá chionnagus tá meidhir ar mo theanga.Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbhná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.Thaispeáin tú dom bóthar na beathaagus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ‘níor fágadh I riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú’. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 15
Freagra Taispeáin dúinn slí na beatha, a Thiarna.
Malairt freagra Alleluia
1. Caomhnaigh mé, a Thiarna, is ortsa a thriallaim. Deirim leis an Tiarna: ‘Is tú mo Dhia. Is é an Tiarna is rogha liom: mo chuid de réir oidhreachta, agus cuid mo chailíse; is ort atá mo sheasamh!’ Freagra
2. Beannaím an Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom, agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche. Coimeádaim an Tiarna de shíor os mo choinne: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar me choíche. Freagra
3. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam, agus mairfidh mo cholainn faoi shuaimhneas freisin. Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh, ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil Freagra
4. Taispeáin tú slí na beatha dom, agus iomlán lúcháire i d’fhianaise, agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 1:17-21
Óir is feasach sibh le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.
A clann ionúin, má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 24: 32
Alleluia, Alleluia!
A Thiaina Íosa, nocht na scrioptúir dúinn; cuir ár gcroí ar Iasadh ionainn
Ie linn duit bheith ag labhairt linn.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 24:13-35
Thóg Íosa an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é.
An lá sin féin, bhí beirt de na deisceabail ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáus a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama.
Dúirt duine acu leis á fhreagairt – Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa – Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”
Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?” Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar
gheall air féin.
Nuair a bhí siad I ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”
Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d’aithin siad é i mbriseadh an aráin.
Machnamh ar léachtaí -23ú Aibreán 2023
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost linn i mbriathar agus i sacraimint.
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 2:14, 22-33). Níorbh fhéidir d’ifreann é a choinneáil. Cuid de chéad sheanmóir Pheadair agus na hEaglaise Domhnach Cincíse atá anseo. Domhnach Cásca, agus ina dhiaidh, nuair a thaispeáin Íosa é féin dóibh bhí na deisceabail i dteach agus na doirse faoi ghlas ar eagla na nGiúdach. Bhí malairt scéil ann Domhnach Cincíse nuair a tháinig an Spiorad Naomh orthu. Bhíodar anois lán de mhisneach agus dhíograis an deá-scéal faoi Íosa a fhógairt dá muintir féin Iosrael. Bhí an Dáréag ag feidhmiú mar aonad. Níl againn sa léacht seo as sliocht as aitheasc fada Pheadair ina léiríonn sé óna Scrioptúir fírinni áirithe faoina tharla maidir le bás Íosa, a aiséirí agus teacht an Spioraid Naoimh an Domhnach sin Cincíse. San aitheasc seo tá machnamh domhain na luath-eaglaise ar rúndiamhra Chriost (a bhás, a aiséiri, filleadh ar an Athair, agus teacht an Spioraid) agus an ceangal a bhí acu le réamhinsint sna Scrioptúir. Labhraíonn Peadar faoi bheatha Íosa ar talamh, mar ab eol dá lucht éisteachta í, agus na miorúiltí a rinne sé le cumhacht Dé. Bhí a bhás de réir phlean Dé, le comhairle chinnte agus réamheolas Dé. Tagann sé ansin go haiséirí Íosa, a bhí de réir fháistine Dháiví, a deir Peadar. Glacadh gur chum Dáiví Salm 15 (16) agus go bhfuil sé ag tagairt dó féin ann, ag lua nach bhfágfadh Dia a anam in ifreann (i measc na marbh). Glacann Peadar seo mar fháistine do aiséirí Chríost, seachas do Dháiví. Is finnéithe na haspail, dúirt Peadar, ar aiséirí Chríost. Ina dhiaidh sin tá tagairt achomair agus ghonta don diagacht a bhaineann le deascabháil Íosa go deasláimh an Athar: “Fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é”, agus sin é an Spiorad ba chúis le Domhnach Cincíse.
Salm le Freagra (Salm 15[16]). Taispeáin dúinn slí na beatha, a Thiarna.
Dara Léacht (1 Peadar 1:17-21). Fuasclaíodh sibh le fuil luachmhar Chríost, an t-uan gan locht, gan teimheal. Tá spiorad na Cásca (Críost mar uan) le mothú sa sliocht seo faoi mar atá sa litir tríd síos. Tosaíonn an sliocht le tagairt do Dhia mar Athair, “má thugann sibh Athair”, nó “má ghlaonn sibh mar Athair”, briathra a thugann chun cuimhne an phaidir, “A Athair (Ár nAthair) ar neamh”. Leanann slí bheatha as admháil chreidimh. Ní mór aithris a dhéanamh ar Dhia ár nAthair, mar a mheabhraigh Íosa go minic, beatha Chríostaí a bheadh lán d’urraim agus d’omós (“eagla”) do Dhia. Deirtear leis na creidmhigh maireachtáil sa saol seo mar áitritheoirí coimhthíocha, sort deoraithe. Ní dócha gur deoraíocht óna dtír dhúchais ar neamh atá i gceist, ach amhail creidmhigh mar strainséirí i sochaí phagánach. Ní ag díspeagadh an tsaoil sin atá Peadar — molann sé omós a thabhairt do gach údarás –ach ag meabhrú dóibh go bhfuil bunús eile ar fad lena gcreideamh. Fuasclaíodh iad le bás (fuil) Chríost, agus tá treoir bheatha eile acu seachas an t -iompar baoth a bhí acu ón pagánachas (“oidhreacht bhur n-aithreacha”). Cuid de phlean slánaithe Dé a bhí i mbás Íosa agus a aiséirí, plean a bhí ann on tsíoraíocht anall. Thug Dia an tAthair glóir do Chríost ionas go mbeadh creideamh agus dóchas ag a lucht leanúna i nDia. Tá bunchloch an creidimh againn anseo: creideamh agus dóchas.
An Soiscéal (Lúcás 24:13-35). D’aitnníodar é i mbriseasdh an aráin. An eachtra seo, a bhfuil an-aithne uirthi, tá sí ar fáil i soiscéal Lúcás amhain. Tá cur síos inti ar chás bheirt dheisceabal Íosa a chaill a gcreideamh ann de bharr scannal na croise, agus a fhaigheann ar ais é trí caidreamh le hÍosa agus eolas ar na Scrioptúir. Luaitear an logainm Eamáús ann, nach fios go beacht cá raibh sé. Níl sé cinnte cé chomh fada ó Iarúsailéim a bhí sé: seasca stáid (thart ar seacht míle) nó céad stáid seasca. Tá cathair Amwas an lae inniu thart ar fhiche míle slí ó Iarúsailéim (thart ar céad seasca stáid). Oilithrigh is dócha a bhí sa bheirt. An comhrá idir Íosa (anaithnid dóibh) agus iad sa tslí bhain sé lena tharla d’Íosa, ar fhéachadar air mar fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar. Bhíodar ina theannta sa Ghailíl, b’fhéidir. Mhínigh Íosa dóibh rúndiamhair a phearsa féin, i bplean slánaithe an Athar. Ní leor bheith ina theannta ar talamh. Baineann sé le rundiamhair Dé, agus mar sin ní scannal a bhí sa chrois ach cuid de phlean sin Dé a bhfuil trácht uirthi sna Scrioptúir, agus mhínigh sé dóibh é ón Peintiteoch (Maois) agus na fáithe. Ag an béile ina gcuibhreann, thóg Íosa an t-arán, bheannaigh, bhris agus thug dóibh é. Osclaíodh a súile agus d’aithníodar Íosa. Ní eocairist a bhí i gceist, ach béile eile i dtraidisiún Íosa. Más amhlaidh go raibh an bheirt deisceabal sin i gcomhluadar Íosa feadh a shaoil, thuigfidis go maith an bhrí a bhí ag baint le beannú agus briseadh an aráin. Ar fhilleadh ar Iarúsailéim dóibh chualadar an scéal go raibh an Tiarna (Íosa) éirithe agus go bhfacthas don Shíomón é. Sean-ainm sa chomhluadar Críostaí ar Pheadar (Céafas) Síomón, agus san eachtra seo tá scéal ársa againn faoin chéad Domhnach Cásca.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost linn i mbriathar agus i sacraimint.
Ceann de na sleachta is iomráití sa Bhíobla léacht sin i soiscéal an lae inniu. Labhraíonn sé go tréan le daoine ó gach aois, a fheiceann samhail díobh féin sa bheirt thaistealaí sin san aistear dóibh, an creideamh agus an dóchas caillte acu, an todhchaí a mheas siad a bheith acu, agus ag a mhuintir, titithe as a chéile, ach cara caoin anaithnid ag siúl an bhóthair leo le léargas úr a thabhairt dóibh, nó leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne dóibh.
I gnáthach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar ndóigh is mar sin atá – aistear ó thaobh aithne ag an duine air nó uirthi féin, cá seasann siad, agus cad tá i ndán dóibh. Moltar siúl leo san aistear.
Go minic is ó thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do chúrsaí creidimh. Ach, faoi mar ab eol dár sinsir, tá Críost san aistear i gcónaí, Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh agus mar sin de.
Fírinní eile ar fiú machnamh orthu inniu ná Críost i láthair sa Aifreann, i léachtaí an Scrioptúir agus san Eocairist.
Ar éigin gur gá a mheabhrú arís firinne ina chuireann an Eaglais an-bhéim inniu: go bhfuil Críost i láthair ina bhriathar, mar is é Críost a labhraíonn gach uair a léitear an scrioptúr sa liotúirge. Tugann léacht an Bhíobla an sean agus an nua le chéile dúinn, an bhrí ba chiall leis céaduair agus faoi mar is féidir sin a chur in oiriúint do thoscaí an lae inniu, nó fiú do cheisteanna fós le teacht. Ní teagmháil aigne, intleachtach lom amháin atá anseo, mar tá Críost i láthair lena Spiorad, lena ghrásta.
Agus, ar ndóigh, tá sé i láthair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an aráin, gníomh a thugann chun cuimhne dúinn na bríonna iomadúla a bhí le briseadh an aráin do Íosa féin lena bheatha agus tar éis aiséirí do.
22. An Tríú Domhnach den Cháisc 2023
Léachtaí an Aifrinn - 23ú Aibreán 2023
CÉAD LÉACHT