CÉAD LÉACHT Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Ezícéal Fáidh. 37:12-14
Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá m
é chun bhur n-uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n-uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n-uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n-uaigheanna, a phobal liom. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é – an Tiarna a labhraíonn.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 129 Freagra Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.
I. As na doimhní a éim ort, a Thiarna. A Thiarna, éist le mo ghuth! Tugadh do chluasa aire do ghlór m’achainí. Freagra
2. Dá gcoinneofá cuimhne, a Thiarna, ar chionta, a Thiarna, cé thiocfadh slán? Ach tugann tú maithiúnas sna peacaí: agus ar an ábhar sin móraimid thú. Freagra
3. Tá mo dhóchas sa Tiarna agam, cuireann m’anam a dhóchas ina bhriathar. Is mó an feitheamh a dhéanann m’anam ar an Tiarna ná feitheamh lucht faire ar an láchaint. Ná raibh feitheamh lucht faire ar an láchaint. níos mó ná feitheamh Isráél ar an Tiarna. Freagra
4. Óir is ag an Tiarna atá trócaire agus tá fuascailt aige go flúirseach; agus fuasclóidh séisean Isráél óna urchóidí go léir. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:8-11
Spiorad an té a thóg losa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh.
A bhráithre, na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.
Briathar Dé.
Véarsa Eo 11:25, 26 ‘Mise an tAiséiri agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna;‘An te a chreideann ionamsa ní bhfaighidh sé bás choiche.‘
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 11:1-45
Mise an tAiséiri agus an Bheatha.
San am sin bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” Arna chloisteáil sin d’Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”
Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d’fhan sé dhá lá mar a raibh sé. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.” Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?” D’fhreagair Íosa:
“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle,mar feiceann sé solas an tsaoil seo.Ach má shiúlann sé san oíche,faigheann sé barrthuislemar níl an solas sa duine sin.”
Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.” Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.” Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh; agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.” Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”
Ar theacht d’Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.” Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.” “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.” Dúirt Íosa léi:
“Mise an t-aiséirí agus an bheatha;An té a chreideann ionamsa,fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa,ní bhfaighidh sé bás choíche.An gcreideann tú an méid sin?”
“Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”
Arna rá sin di, d’imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.” Nuair a chuala sise an méid sin d’éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.
Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.” Bhris a ghol ar Íosa. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!” Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d’oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?” Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.” Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?” D’aistrigh siad an líog ansin agus d’ardaigh Íosa a shúile agus dúirt:
“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí;ach is ar son an tsluaatá ina seasamh anseo i mo thimpeall,a labhair mé,chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!” Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.” Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
Soiscéal Dé
Machnamh ar léachtaí -26ú Márta 2023
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
AnBíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Eizicéil 37:12-14). Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh. Fís an fháidh do phobal Iosrael i ndeoraíocht na Baibealóine sa séú céad roimh Chríost atá againn anseo. Bhí na deoraithe á rá: “Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn”. Bhí an Teampall scriosta, cathair Iarúsailéim treascartha agus tír Iúda bánaithe. Ag caint go meafarach, bhíodar amhail is dá mbeidis básaithe, faoi chré, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh atá. Tá sé chun a phobal, a fhéachann air féin amhail is a bheith san uaigh, a thógaint óna n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu arís, le go mbeadh beatha úr acu ina dtír dhúchais. Aiséirí an phobail atá anseo. Nil tagairt ann do aiséirí pearsanta na colainne. Níor tháinig an creideamh san aiséirí sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chríost.
Salm le Freagra (Salm 129[130]). Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.
Dara Léacht (Rómhánaigh 8:8-11). Spiorad an té a thóg Íosa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh. Déanann Pól codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus nádúr lag an duine, agus an meon contrártha do Dhia agus a bhaineann leis agus atá claon chun peaca. Iad sin atá faoi réir a leithéid ní féidir leo Dia a shásamh, dar le Pól. Ní hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad Dé acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua dóibh. Mar a deir Pól cúpla véarsa (8:14) i ndiaidh na léachta seo: “Iad sin a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann Dá iad sin”. Samhlaíonn Pól an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhrí go bhfuil sé le bás a fháil go fisiciúil agus gur uirlis don pheaca é. Ach tá cumhacht, fórsa, eile chun na beatha sa chorp céanna, is é sin le rá an Spiorad atá acu tar éis dóibh a bheith fíréanaithe trí chreideamh i gCríost. Thóg Dia Íosa ó na mairbh trína chumhacht féin gan teora, agus is é Spiorad Dé, le cumhacht sin Dé, atá lonnaithe i gcorp, i bpearsa, básmhar na gcreidmheach a thugann beatha nua dóibh, iad deimhin bua a fháil ar an bpeaca abhus agus an bheatha shíorai a bheith acu ina dhiaidh sin.
An Soiscéal (Eoin 11:1-45). Mise an tAiséirí agus an Bheatha. Tá an léacht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bhí againn le dhá Dhomhnach anuas, ina bhaineann Íosa feidhm as eachtra éigin den saol seo le ceacht faoi rúndiamhair a phearsa féin a mhúineadh, mar shampla an Samáireach mná agus tobar Iácób agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bhí sé féin le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall ón bhroinn agus Íosa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras ó mhairbh agus Íosa mar an tAiséirí agus an Bheatha. Bhí Íosa cáirdiúil le teaghlach na Béatáine (thart ar 3 ciliméadar ó Iarúsailéim), Máire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lazaras d’Íosa dúirt sé nach chun báis ach le go dtabhaharfaí glóir do Mac Dé (sin le rá dó féin) tríd an ngalar sin. Ní théann sé go Lazaras láithreach, ach ligeann sé dó bás a fhail. Bhí Lazaras ceithre lá básaithe nuair a shrois Íosa an tuama. Deireann Íosa le Marta go n-éireoidh a dheartháir arís, agus déanann Marta gníomh creidimh san aiséirí – ach sa lá deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na léachta ag Íosa: tá an t-aiséirí tagtha cheana ina phearsa féin: “Mise an tAiséirí agus an Bheatha”
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige annádúir
Uaireanta cuirtear i leith Íosa gur beag an tuiscint a bhí aige ar laige an nádúir dhaonna, mar shampla nuair a chuir sé bac iomlán ar an colscaradh. Is trom i slí an misean a leag sé ar a lucht leanúna nuair a sheol sé amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na talún. D’fhéach an eaglais óg ar an misean a bhí aici díreach mar arb thoil le hÍosa é. Ba sholas úrnua don domhan an eaglais, an comhluadar Críostaí, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhraíonn Pól go deas faoin mhisean uasal sin agus an laige dhaonna ag scríobh chuig na Corantaigh faoin ábhar dó (2 Corantaigh 4:6-7): “An Dia a dúirt, ‘Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas’, is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í”. Ag scríobh chuig na Filipigh dó, meabhraíonn Pól faoi mar ar umhlaigh Íosa é féin, ag glacadh riocht an sclábha, agus ansin impíonn sé orthu a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur ó chomhoibriú le Dia a thagann an slánú, agus nach uainn féin amháin. Agus is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus gníomh sna creidmhigh de réir a dhea-thola féin (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na Rómhánaigh, mar is léir ó shliocht an lae inniu, leagann Pól béim níos mó ar laige an nádúir agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, arís, tá an bhéim is mó aige ar bhua Chríost, tríd an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.
Ag teacht go dtí ár laethanta féin: go minic déantar an eaglais a cháineadh faoina h-iliomad rialacha. Tá a leithéid de cháineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chríost féin agus an tsoiscéil a bhítear ag casaoid. Sa chás seo, maidir le teachtaireacht an tsoiscéil á craobhscaoileadh ag an Eaglais, ní rialacha iontu féin atá i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chríostaí, agus sin faoi stiúir an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghrásta Dé. Ní thuigtear an scéal faoi bheatha na hEaglaise, fiú ina laigí, gan toimhse seo na rúndiamhaire a thabhairt isteach.
Tá iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin le rá bheith ag brath ar an nádúr daonna amháin, gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige féin maidir le cúrsaí mórálta, agus neamhaird a dhéanamh den ghá atá le grásta Dé. Is fiú cluas a thabhairt fós ar theagasc Phóil.
Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diospóireachtaí faoi leasú na heaglaise agus a leithéidí de, agus ar leasú ar chuid dá cleachtadh a meastar bheith as dáta, agus in éadan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, ní dochar cuid dá bhfuil ráite thuas a mheabhrú: solas an tsoiscéil agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghrásta Dé.
18. An Cúigiú Domhnach den Charghas 2023
Léachtaí an Aifrinn - 26ú Márta 2023
CÉAD LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Ezícéal Fáidh. 37:12-14
Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá m
é chun bhur n-uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n-uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n-uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n-uaigheanna, a phobal liom. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é – an Tiarna a labhraíonn.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 129
Freagra Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.
I. As na doimhní a éim ort, a Thiarna. A Thiarna, éist le mo ghuth! Tugadh do chluasa aire do ghlór m’achainí. Freagra
2. Dá gcoinneofá cuimhne, a Thiarna, ar chionta, a Thiarna, cé thiocfadh slán? Ach tugann tú maithiúnas sna peacaí: agus ar an ábhar sin móraimid thú. Freagra
3. Tá mo dhóchas sa Tiarna agam, cuireann m’anam a dhóchas ina bhriathar. Is mó an feitheamh a dhéanann m’anam ar an Tiarna ná feitheamh lucht faire ar an láchaint. Ná raibh feitheamh lucht faire ar an láchaint. níos mó ná feitheamh Isráél ar an Tiarna. Freagra
4. Óir is ag an Tiarna atá trócaire agus tá fuascailt aige go flúirseach; agus fuasclóidh séisean Isráél óna urchóidí go léir. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:8-11
Spiorad an té a thóg losa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh.
A bhráithre, na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.
Briathar Dé.
Véarsa Eo 11:25, 26
‘Mise an tAiséiri agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna;‘An te a chreideann ionamsa ní bhfaighidh sé bás choiche.‘
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 11:1-45
Mise an tAiséiri agus an Bheatha.
San am sin bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” Arna chloisteáil sin d’Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”
Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d’fhan sé dhá lá mar a raibh sé. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.” Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?” D’fhreagair Íosa:
“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle,mar feiceann sé solas an tsaoil seo.Ach má shiúlann sé san oíche,faigheann sé barrthuislemar níl an solas sa duine sin.”
Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.” Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.” Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh; agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.” Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”
Ar theacht d’Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.” Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.” “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.” Dúirt Íosa léi:
“Mise an t-aiséirí agus an bheatha;An té a chreideann ionamsa,fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa,ní bhfaighidh sé bás choíche.An gcreideann tú an méid sin?”
“Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”
Arna rá sin di, d’imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.” Nuair a chuala sise an méid sin d’éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.
Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.” Bhris a ghol ar Íosa. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!” Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d’oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?” Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.” Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?” D’aistrigh siad an líog ansin agus d’ardaigh Íosa a shúile agus dúirt:
“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí;ach is ar son an tsluaatá ina seasamh anseo i mo thimpeall,a labhair mé,chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”
Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!” Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.” Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
Soiscéal Dé
Machnamh ar léachtaí -26ú Márta 2023
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Eizicéil 37:12-14). Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh. Fís an fháidh do phobal Iosrael i ndeoraíocht na Baibealóine sa séú céad roimh Chríost atá againn anseo. Bhí na deoraithe á rá: “Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn”. Bhí an Teampall scriosta, cathair Iarúsailéim treascartha agus tír Iúda bánaithe. Ag caint go meafarach, bhíodar amhail is dá mbeidis básaithe, faoi chré, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh atá. Tá sé chun a phobal, a fhéachann air féin amhail is a bheith san uaigh, a thógaint óna n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu arís, le go mbeadh beatha úr acu ina dtír dhúchais. Aiséirí an phobail atá anseo. Nil tagairt ann do aiséirí pearsanta na colainne. Níor tháinig an creideamh san aiséirí sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chríost.
Salm le Freagra (Salm 129[130]). Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.
Dara Léacht (Rómhánaigh 8:8-11). Spiorad an té a thóg Íosa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh. Déanann Pól codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus nádúr lag an duine, agus an meon contrártha do Dhia agus a bhaineann leis agus atá claon chun peaca. Iad sin atá faoi réir a leithéid ní féidir leo Dia a shásamh, dar le Pól. Ní hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad Dé acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua dóibh. Mar a deir Pól cúpla véarsa (8:14) i ndiaidh na léachta seo: “Iad sin a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann Dá iad sin”. Samhlaíonn Pól an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhrí go bhfuil sé le bás a fháil go fisiciúil agus gur uirlis don pheaca é. Ach tá cumhacht, fórsa, eile chun na beatha sa chorp céanna, is é sin le rá an Spiorad atá acu tar éis dóibh a bheith fíréanaithe trí chreideamh i gCríost. Thóg Dia Íosa ó na mairbh trína chumhacht féin gan teora, agus is é Spiorad Dé, le cumhacht sin Dé, atá lonnaithe i gcorp, i bpearsa, básmhar na gcreidmheach a thugann beatha nua dóibh, iad deimhin bua a fháil ar an bpeaca abhus agus an bheatha shíorai a bheith acu ina dhiaidh sin.
An Soiscéal (Eoin 11:1-45). Mise an tAiséirí agus an Bheatha. Tá an léacht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bhí againn le dhá Dhomhnach anuas, ina bhaineann Íosa feidhm as eachtra éigin den saol seo le ceacht faoi rúndiamhair a phearsa féin a mhúineadh, mar shampla an Samáireach mná agus tobar Iácób agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bhí sé féin le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall ón bhroinn agus Íosa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras ó mhairbh agus Íosa mar an tAiséirí agus an Bheatha. Bhí Íosa cáirdiúil le teaghlach na Béatáine (thart ar 3 ciliméadar ó Iarúsailéim), Máire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lazaras d’Íosa dúirt sé nach chun báis ach le go dtabhaharfaí glóir do Mac Dé (sin le rá dó féin) tríd an ngalar sin. Ní théann sé go Lazaras láithreach, ach ligeann sé dó bás a fhail. Bhí Lazaras ceithre lá básaithe nuair a shrois Íosa an tuama. Deireann Íosa le Marta go n-éireoidh a dheartháir arís, agus déanann Marta gníomh creidimh san aiséirí – ach sa lá deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na léachta ag Íosa: tá an t-aiséirí tagtha cheana ina phearsa féin: “Mise an tAiséirí agus an Bheatha”
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghrásta ionainn ná laige an nádúir