An Chéad Léacht Samuél 16:1. 6-7.10-13
Ungtar Dáivi mar rí ar Isráél.
Dúirt an Tiarna le Samúéil: Líon d’adharc d’ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.” Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.” Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.” Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.” D’fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.” Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.” Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d’fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d’éirigh sé agus d’imigh go Rámá.
Salm le Freagra Sm 22
Freagra : Is é an Tiarna m’aoire. ní bheidh aon ní de dhíth orm.
I. Is é an Tiarna m’aoire.ní bheidh aon ní de dhíth orm.Cuireann sé i mo luí méi móinéar féaruaithne.Seolann sé ar imeall an uisce mé,mar a bhfaighim suaimhneas. Freagra
2. Séolann sé mé ar rianta díreachamar gheall ar a ainm.Fiú da siúlfainn i ngleann an dorchadais,níor bhaol liom an t-olc .agus tú faram Ie do shlat is do bhachallchun só1ás a thabhairt dom. Freagra
3. Cóiríonn tú bord chun béile domi bhfianaise mo naimhde;Ungann tú mo cheann le hola;tá mo chupán ag cur thar maoil. Freagra
4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mégach uile lá de mo shaol.I dteach an Tiarna a mhairfidh mégo brách na breithe. Freagra
An Dara Léacht
nahEifísigh 5:8-14
Eirigh ó na mairbh agus soilseoidh Criost thú.
A bhráithre, mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais – bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh. Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim. Gach uile ní a nochtar faoinm solas, áfach, éiríonn sé follasach agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear:
“Dúisigh a chodlatáin!Éirigh ó na mairbhagus lonróidh Críost ort.”
Véarsa Eo 8:12
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
An Soiscéal Eoin 9:1-41
D‘imigh sé, nigh é féin agus dfill agus a radharc aige.
San am sin ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. D’fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?” D’fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a
thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann
Fad tá an lá ann, ní mór dúinn
oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh;
tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d’aon duine
obair a dhéanamh.
An fad atáim ar an saol
is mé solas an tsaoil.”
Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam” – is é sin le rá, Seolta. D’imigh sé, nigh é féin agus d’fhill agus a radharc aige.
Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.” Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.” Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?” D’fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D’imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.” D’fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé. Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d’oscail sé súile an duine.
D’fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé: “Fáidh is ea é.” Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?” D’fhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d’oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.” Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d’admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.” D’fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é – níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé I mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.” Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé iad: “D’inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?” Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.” D’fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina
dhall. Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.” D’fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?” D’fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?” – ar sé leis – “chun go gcreidfinn ann.” Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.” Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó. Dúirt Íosa:
“Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo,
i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis:
“Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”
Dúirt Íosa leo:
“Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh,
ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.”
Machnamh ar léachtaí -19ú Márta 2023
Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Íosa agus an Eaglais solas an tsaoil
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (1 Samuél 16:1, 6-7, 10-13). Ungtar Dáiví ina rí ar Iosrael. Cuireann an léacht seo síos ar faoi mar ar roghnaigh Dia an t-ógánach Dáiví, mac Iese, mar rí. Sheol sé an fáidh Samuél leis an ógánach Dáiví a ungadh. Is ón bhfocal Eabhraise sin “ungadh”, maiseach, trid an Ghréigis a thagann an focal Críost (“ungtha”) agus an ainmfhocal Meisias. Le briathar ó Dhia bhí Sól ungtha cheana ag Samuél ar Iosrael an Tuaiscirt, ach theip air mar rí agus bhí sé curtha i leataobh ag Dia. Leagann an sliocht seo béim gur thrí shaor-dheonú Dé a rognaíodh Dáiví mar rí anois, ní de bharr a thréithe féin. Ní raibh san ungadh seo ach gníomh samhaltach, nach mbeidh feidhm leis ach níos déanaí. Chaith Dáivi seal in arm Shóil, sul ar thogh treabh Iúda é mar rí ar Iúda. I ndiaidh bhás Shóil toghadh mar rí ar Iúda agus Iosrael an Tuaiscirt é, agus rinne Dia conradh leis go mbeadh a rítheaghlach buan go deo. creideamh agus dóchas as ar fhás an Meisiasachas a chomhlíon Críost. Ungadh sin Dháivi an t-ógánach ag an bhfáidh Samuél, chuir sé tús leis an ghluaiseacht sin faoi Dháiví agus Mhac Dháiví go bhfuil tagairt ann i soiscéal an lae inniu ag Íosa Mac an Duine, a thug radharc don dall.
Salm le Freagra (Salm 22[23]). Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Dara Léacht (Eifisigh 5:8-12). Éirigh óna mairbh agus soilseoidh Críost thú. Dúirt Íosa lena dheisceabail gurb solas an domhain agus salann na talún iad. Thóg an eaglais óg briathra seo Chríost go dáiríre, mar is léir ó litreacha Phóil agus ó scríbhinni eile an Tiomna Nua. Bhí teachtaireacht seo Chríost le craobhscaoileadh i dteagasc agus i gcleachtadh na hEaglaise. Féachadh ar an bpagántacht agus a bhain lena cuid teagaisc agus cleachtaidh mar dhorchadas. Cuireadh sin in iúl i ndeasghnáth an bhaiste: aistriú ó dhorchadas na pagántachta go solas an tsoisceil a bhí ann, nó, b’fhéidir, ba chirte a rá gur aontú le Críost, an bheatha agus an solas, ab ea é. Bhí an bheatha nua sin le léiriú don saol, don domhan, le beatha de réir an tsoiscéil, ag tabhairt toraidh i ngach cineál maitheasa agus firéantachta agus fírinne. Bheadh teagasc níos beaichte ná sin acu, ar ndóigh, ar na suáílcí le cleachtadh agus na duáilcí le seachaint. Leagtar béim ar thrédhearcacht sa saol poiblí agus san eaglais—le eolas a bheith ag Críostaithe ar dhorchadas agus peacaí sa saol. Tugann lonradh an tsoiscéil chun solais iad – rud is fíor ar ndóigh faoi pheacaí agus mháchail san eaglais féin. Ag deireadh na léachta tá rann, nó leath-rann, a tógadh is docha as sean-iomann Críostaí nach ann dó a thuilleadh, a ghlaonn ar chodlatán, duine ina chodladh nó ina leath-chodladh, éirí ó staid ar a dtugtar an bás air, bás an pheaca, nó dorchadas an dí-chreidimh, go soilsiú ó Chríost.
An Soiscéal (Eoin 9:1-41). D’imigh sé, nígh sé é féin agus d’fhill agus a radharc aige. Léacht an-fhada atá i soiscéal an lae inniu, ina bhfuil eachtraí difriúla. Tá siad nascaithe le chéile leis an téama láir gurb sholas an domhain é Íosa. Is nós le Eoin téama creidimh a nascadh le eachtra éigin: an Domhnach seo caite an t-uisce beo a thugann Íosa leis an Samáireach mná agus an tobar; an Domhnach seo an dall ón mbroinn agus Íosa mar sholas. In aimsir Chríost (agus fós inniu b’fhéidir) i meon daoine conacthas nasc idir máchail coirp agus peaca, sa chás seo peaca na dtuismitheoirí nó peaca an linbh féin sa bhroinn. Séanann Íosa gurb amhlaidh a bhí, ach le glóir Dé a léiriú tríd an mhiorúilt a bhíothas le déanamh. Gan coinne, tugann Íosa téama na leachta isteach: é féin mar sholas an tsaoil. Measadh an uair sin gur raibh tréithe leighis sa seile, agus smear Íosa seile agus láib ar shúile an daill, gan é a leigheas, agus dúirt leis an dall dul go dtí Linn iomráiteach in Iarúsailéim go raibh an t-ainm Siolóm, air, ainm ar bhrí leis san Airimis agus san Eabhrais “Seolta”, “curtha amach”, áit ar leigheasadh an dall. Déantar an ceangal sin anseo mar ba é Íosa an “Siolóm” ceart, an Té a bhí seolta amach ón Athair. Tar éis gur leigheasadh an dall lean ceisteana faoi chonas a tharla an leigheas, ar dtús idir na comharsana, ansin i measc na bhFairisíneach toisc gur ar an Sabóid a rinneadh an leigheas, rud a bhí in éadan Dlí Mhaois dar leo. Bhí an dall a leigheasadh ag tabhairt fianaise i dtaobh Íosa, gur cara le Dia agus fáidh a bhí ann. Ansin glaonn na “Giúdaigh”, na húdaráis Ghiúdacha, ar thuismitheoirí an daill a leigheasadh le fios fátha an leighis a fháil, áit a bhfuil tagairt do chinneadh na nGiúdach déanta cheana féin aoinne a admhódh gurb é Íosa an Críost a dhíbirt as an tsionagóg. Tagairt atá anseo, is dócha, do dhíbirt Chríostaithe as an tsionagóg a tharla níos déanaí sa stair, tar éis threascairt Iarúsailéim. Glaodar ar an duine a rugadh dall é féin, a thug fianaise do Íosa mar chara Dé agus chaitheadar amach é. Chuala Íosa sin agus bhuail sé leis agus chuir ceist air ar chreid sé i Mac an Duine agus chuir sé é féin in aithne mar Mhac an Duine. Chreid an té a rugadh dall in Íosa agus rinne omós dó. Tá críoch ag an léacht mar ar thosaigh sé, Íosa á rá gur tháinig sé le breithiúnas a thabhairt ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae. Íosa agus an Eaglais solas an tsaoil.
Tá trí phointe soiléir ag eascair as liotúirge agus léachtaí an lae inniu a thugann ábhar saibhir machnaimh agus agallaimh dúinn.
An chéad cheann ná gurb é solas an tsaoil é Íosa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol é ón Athair. Eisean an Té a seoladh. “an Seolta”, Silóm, a leigheasann an dall. Tháinig sé le go mbeadh radharc ghlóir an Athar ag an domhan. Tá sin soléir ó shoiscéal an lae inniu, agus óna lán áiteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid lárnach de theachtaireacht an Tiomna Nua é.
An dara pointe ná nach do bheatha Íosa ar talamh amháin an méid sin. Roghnaigh sé aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-scéal sin á fhógairt go críocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na talún iad lucht leanúna Íosa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais ó thús an soiscéal. Is rúndiamhair an tslánaithe í an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhfíréan.
Tugann sin go dtí an tríú pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei féin agus le saol an lae inniu. Ní mór don eaglais í féin a leasú de shíor leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cineál maitheasa agus fíreantachta agus fírinne. Go minic inniu nuair a labhartar faoi leasú na heaglaise is iad “na structúir” atá i gceist, go mór mór sa Vatacáin, an “curia” ach go háirithe. Bíodh go bhfuil tábhacht leis sin, ní hé sin an leasú go práomha atá i gceist, ach athrú i meon agus chleachtadh na bhfíréan le go mbeidis de réir an tsoiscéil, le fianaise a thabhairt do Íosa. Pointe eile san agallamh seo ná go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh “solas” air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.
17. An Ceathrú Domhnach den Charghas 2023
Léachtaí an Aifrinn - 19ú Márta 2023
An Chéad Léacht Samuél 16:1. 6-7.10-13
Ungtar Dáivi mar rí ar Isráél.
Dúirt an Tiarna le Samúéil: Líon d’adharc d’ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.” Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.” Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.” Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.” D’fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.” Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.” Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d’fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d’éirigh sé agus d’imigh go Rámá.
Salm le Freagra Sm 22
Freagra : Is é an Tiarna m’aoire. ní bheidh aon ní de dhíth orm.
I. Is é an Tiarna m’aoire.ní bheidh aon ní de dhíth orm.Cuireann sé i mo luí méi móinéar féaruaithne.Seolann sé ar imeall an uisce mé,mar a bhfaighim suaimhneas. Freagra
2. Séolann sé mé ar rianta díreachamar gheall ar a ainm.Fiú da siúlfainn i ngleann an dorchadais,níor bhaol liom an t-olc .agus tú faram Ie do shlat is do bhachallchun só1ás a thabhairt dom. Freagra
3. Cóiríonn tú bord chun béile domi bhfianaise mo naimhde;Ungann tú mo cheann le hola;tá mo chupán ag cur thar maoil. Freagra
4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mégach uile lá de mo shaol.I dteach an Tiarna a mhairfidh mégo brách na breithe. Freagra
An Dara Léacht
na hEifísigh 5:8-14