Sliocht as an Leabhar Geineasas 12:1-4
Glaoch Abráhám, athair Phobal Dé. Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.
Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.
Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile
An domhain iad féin a bheannú.”
D’imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis.
Salm le Freagra Sm 32
Freagra Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.
I. Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is iontaofa a obair uile. Is ionúin leis an chóir is an ceart; tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna. Freagra
2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna: is é sin ár gcabhair is ár sciath. Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig Timóteas 1:8-10
Glaonn Dia orainn agus soilsíonn sinn.
Bhráthair: fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia. Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr on ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa.
Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.
Briathar Dé
Véarsa Mt 17:5
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 17:1-9
Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine.
San am sin rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.” Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.
Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
Soiscéal Dé
Machnamh ar léachtaí -5ú Márta 2023
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glóir Chríost agus gairm chun fianaise
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Genesis 12:1-4). Glaoch Abrahám, athair Phobal Dé. Leis an dtéacs seo tosaíonn scéal phobal Iosrael. Réamhstair a bhí sa mhéid a ghabh roimhe i Genesis caibidil 1 go 11. Ní hé go bhfuil spéis i gcúrsaí staire sa sliocht seo. Seasann sé amach ó chúlra ar bith staire sa dóigh go labhraíonn sé la gach aois. Níl ach beirt i gceist: Dia agus Abrahám, gan aon chur síos ar chúinsí anama, aigne nó staire ó thaobh Abrahám de. Glaonn Dia agus tugann Abrahám freagra air, gan ceist, gan coinníollacha. Sa mhéid seo tá gairm Abrahám cosúil leis an glaoch a thug Íosa ar a chéad dheisceabail ag Muir na Gailíle. D’fhreagair misinéirí ár dtíre féin an glaoch céanna le dul thar lear óna dtír dhúchais agus a muintir féin leis an dea-scéal a scaipeadh i dtíortha eile. Ach le filleadh ar Abrahám: geallann Dia go mbeidh beannacht Dé air agus ar a shliocht, agus gur tríd a dhéanfaidh ciníocha uile an domhain iad féin a bheannú (“Go raibh beannacht Dé orainn mar a bhí sí ar Abrahám”), nó gur tríd a bheannófar ciníocha uile an domhain. Is féidir ceachtar den dá bhrí sin a bhaint as an dtéacs Eabhraise. Ar ndóigh, is eol dúinn uile gur téacs lárnach é seo don Tiomna Nua agus an bheannacht ar chiníocha an domhain a tháinig trí Íosa, síol Abrahám.
Salm le Freagra (Salm 32[33]). Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Dara Léacht (2 Tiomóid 1:8-10). Glaonn Dia orainn agus soilsíonn sinn. Tá ceangal ag an léacht seo leis an gcéad cheann (glaoch agus gairm ó Dhia) agus leis an Soiscéal (glóir Chriost). I gcomhthéacs na litreach seo tá Pól ag moladh do Thiomóid, easbag nua-cheaptha, gan bheith cúthalach in admháil an chreidimh, ná laghríoch toisc Pól bheith i ghéibheann, ach tabhartas Dé a mhúscailt ann féin. Mar an spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é, ach spiorad na cumhachta, an ghrá agus na féinsmachta, spiorad a spreagann le bheith réidh fulaingt ar son an tsoiscéil, agus deimhin a dhéanamh ar uaisleacht na gairme atá againn sa chreideamh. Cumhacht Dé atá sa chreideamh, cumhacht a shaor sinn de réir réamh-phlean Dé, ní de bharr ár n-oibreacha féin. Labhraíonn Pól faoi dhó anseo faoin nglaoch agus an ghairm a fuair Críostaithe. Is gairm naofa í, mar tagann sí ó Dhia, údar na naofachta. Réamh-phlean Dé a bhí anseo ón tsíoraíocht anall, ach a foilsíodh anois, sa Tiomna Nua, “trí theacht, foilsiú (sa Ghreigis epifaneia) dealraitheach, lonrach, Chríost”. Go hiondual is é teacht Chríost ag deireadh an tsaoil le breithiúnas a thabhairt is brí leis an bhfocal Gréigise sin (“teacht, foilsiú”) sa Tiomna Nua. Anseo is dá theacht ar an saol seo, ina bheatha agus ina aiseirí, a dhéanann sé tagairt. Bhí a theacht dealraitheach do shúile an chreidimh. Bhí sé dealraitheach, lonrach, ina athrú cló, a bhfuil cur síos ar sa soiscéal inniu.
An Soiscéal (Matha 17:1-9). Shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine. Tagann an mhír seo den Soiscéal faoi athrú cló Chríost tar éis admháil Pheadair i gceantar Chéasaráia Philip gurb é an Meisias (an Críost) é Íosa agus tar éis a dúirt Íosa lena dheisceabail faoina pháis agus a aiséirí. Sheol Íosa a thriúr aspal Peadar, Séamus agus Eoin suas ar sliabh ard ar leithrigh. Ní thugtar ainm an tsléibhe dúinn. Hermon, seachas Tabór, a bheadh ann, toisc sin a bheith níos cóngaraí do Chéasaráia. Tháinig athrú cló ar Íosa, réamhshamhail den ghlóir a bheadh aige tar éis aiséirí dó. Chonnaic an triúr aspal sin Maois agus Éilías ag comhrá le hÍosa. Finnéithe nó ionadaithe de stair naofa Iosrael ab ea iad, agus don chaidreamh trí na haoiseanna idir Dhia agus a phobal naofa. Bhí gach ar sheas Maois (an Dlí) agus na fáithe dó le comhlíonadh in Íosa. Bhí an comhluadar sin, na hAspail, Maois, Éilías agus Dia i láthair ar an sliabh sin. Comhartha agus samhail de láithreacht Dé an scamall. Ionann é i slí agus na spéartha oscailte ag baisteadh Íosa. Agus arís tagann an glór, glór an Athar gurb é Íosa a Mhac dar thug sé gnaoi, ach an babhta seo cuirtear dhá fhocal breise leis: “Éistigí leis”. Tabharfaidh na haspail agus an eaglais fianaise tríd an stair síos do ghlóir sin Íosa, an claochlú dealraitheach, lonrach, a tháinig air agus a bheidh ann i gcónaí do shúile an chreidimh.
B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Glóir Chríost agus gairm chun fianaise
Teist, léiriú, ghlóir Chríost tar éis a aiséirí a bhí a gclaochlú Chríost ar an Sliabh. Bíonn an léargas sin de ghlóir Chríost againn i gcónai san eaglais. Dúirt Criost féin an té a fheiceann é go bhfeiceann sé an tAthair. Foilsíonn Íosa an tAthair. Chuaigh an fhírinne sin i bhfeidm go mór ar an aspal Pól. Mar a scríobh sé chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): “An Dia a dúirt: ‘Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,’ is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn”. Sa dara léacht inniu tá tagairt do láthaireacht lonrach Íosa Críost inár measc.
Tá Críost beo i gcroíthe na bhfíréan trína ghrásta agus tríd an Spiorad Naomh. Tá sé ag lonradh trína theagasc sna soiscéil, sna Biáide, sa Seanmóir ar an Sliabh. Tháinig sé chun an bheatha a thabhairt dá lucht leanúna agus don saol, agus í a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochlú Chríost, agus a lucht leanúna trí ghrásta, fís dúinn, fís atá thar a bheith tábhachtach an lá atá inniu ann, agus físeanna eile nach Críostaí iad á mbrú isteach orainn.
Ábhar machmaimh eile a thugann an dara léacht dúinn ná cuireadh, foláireamh b’fhéidir, gan bheith cúthalach faoi chreideamh sa bhfís sin faoi lonradh Dé, agus bheith réidh fianaise a thabhairt dí mar a oireann.
15. An Dara Domhnach den Charghas 2023
Léachtaí an Aifrinn - 5ú Márta 2023
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Geineasas 12:1-4
Glaoch Abráhám, athair Phobal Dé.
Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.