Léachtaí an Aifrinn, 22 Bealtaine 2022

CÉAD LÉACHT                         Gníomhartha na nAspal 15:1-2. 22-29
Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach.


Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul I gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.

Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas. Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis. Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne. Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas, beirt a bhfuil a n-anam curtha sa bhfiontar acu ar son ainm ár dTiarna Íosa Críost. Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siadsan an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh. Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach: sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra             Sm 66
Freagra                            Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.

Malairt Freagra             Alleluia

1. Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn;
taispeáin dúinn solas do ghnúise,
chun go n-aithnítear do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún uile.  
Freagra

2. Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas
toisc go rialaíonn tú an domhan go fíréanta.
Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas;
treoraíonn tú na náisiúin ar talamh.      
Freagra

3. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
Go mbeannaí ar nDia i gcónaí sinn,
gurab eagal le críocha na cruinne é.      
Freagra

DARA LÉACHT        Apacailipsis 21:10-14. 22-23
Thaispeáin sé an chathair bheannaithe dom agus í ag tuirlingt ó neamh.

Rug an t-aingeal leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia, agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail. Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael; bhí trí gheata ar an taobh thoir, trí gheata ar an taobh thuaidh, trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar. Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain. Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici. Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                    Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL                 Eoin 14:23-29
Cuirfidh an Spiorad Naomh, i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.


San am sin d’fhreagair Íosa a dheisceabail:

“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis,“coinneoidh sé mo bhriathar,agus beidh grá ag m’Athair dó,agus tiocfaimid chuige,agus déanfaimid cónaí mar aon leis.An té nach mbíonn grá aige dom,ní choinníonn sé mo bhriathra.Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,ach leis an Athair a chuir uaidh mé.Tá an méid sin inste agam daoibh,fad a bhí mé ag fanacht agaibh,ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh,a chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse,múinfidh seisean an uile ní daoibh,agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh,ar inis mise daoibh.Fágaim síocháin agaibh;tugaim mo shíocháin daoibh.Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í.Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.Chuala sibh mé á rá libh:‘Táim ag imeacht uaibh,agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’Dá mbeadh grá agaibh dom,bheadh áthas oraibh,óir táim ag dul go dtí an tAthair,mar is mó an tAthair ná mise.Agus anois, tá sé inste agam daoibh,sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas,nuair a thiocfaidh sé chun críche,go gcreidfidh sibh.

Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2020