Stair agus Aidhm
Bunaíodh an Cumann ar an 1ú Feabhra, 1916 de bharr rún a ritheadh ag cruinniú de Aontas Mhánuat (“Maynooth Union”) faoin ainm Cumann na Sagart nGaedhalach mar pháirt den Aontas, ach in imeacht aimsire d’éirigh sé neamhspleách, ag fágáil ‘nGaeladhach’ as an teidil. Ba é ba aidhm leis an gCumann úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc sagart, agus freisin eolas agus tuiscint ar na traidisiúin deabhóide agus creidimh a bhain leis an gcreideamh in Éirinn a fhorbairt.
Ar feadh na mblianta rinne an Cumann iarracht an aidhm seo a chur i gcrích trí cúrsaí Gaeilge do shagairt agus ábhair sagairt a chabhródh leo obair thréadach na hEaglaise a dhéanamh trí Ghaeilge sa nGaeltacht, nó do dhaoine ar bith ar theastaigh an seirbhís sin uatha; trí suim a mhúscailt san saibhreas spioradálta atá le fail i stair, béaloideas, litríocht agus i ndúchas an chreidimh. Cuimhnigh gur i nGaeilge agus trí Ghaeilge amháin a mhair an creideamh anseo ar feadh ceithre aois déag den sé aois déag de shaol an chreidimh in ár measc, agus san dá aois eile go bhfuil an Ghaeilge beo agus bríomhar fós i measc pobal na Gaeilge. Bíonn tionól staidéir ar siúl chuile bhliain ag an gCumann; foilsítear leabhra spioradálta, urnaí agus teagaisc gach bliain, agus tá na Leabhra Liotúirgeacha á solathar de réir mar bhíonn siad ag teastáil.