AN CHÉAD LÉACHT Sliocht as leabhar Íseáia 55:6-9
Ní hiad mo bhearta bhur mbearta.
Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;glaoigí air, fad atá sé i ngar.Fágadh an coirpeach a dhrochnósagus fear na hurchóide a bhearta.Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.Is ard iad na spéartha os cionn na talún,agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaíagus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
An Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 144Freagra Is gairid an Tiarna dá ngaireann air.
1. Beannóidh mé thú gach uile lá
agus molfaidh mé thú dé shíor.
Is mór é an Tiarna, is is ionmholta go mór é,
ní féidir a mhórgacht a mheas. Freagra
2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach. Freagra
AN DARA LÉACHT Sliocht as litir N.Pól chuig naFilipigh 1:20-24.27
Mar is é Críost is beatha domsa
A bhráithre, nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom. Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.
Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost.
An Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar
Alleluia!
AN SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Matha 20:1-16
Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m’fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d’fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’
Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d’fhulaing ualach an lae agus an brothall.’ D’fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’
Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”
An Soiscéal Dé.
Machnamh ar léachtaí -24ú Mean Fomhair 2023
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Aghaidh ar an dtodhchaí le fís agus freagra.

Céad Léacht (Íseáia 55:6-9). Ní hiad bhur smaointe mo smaointese. Go hiondual feictear ar chaibideal seo de Leabhar Íseáia mar an caibideal deiridh de chnuasach den Dara Íseáia, ina chuirtear críoch le fís mhór an fháidh seo do phobal Iosrael sa deoraíocht faoi ré ghlórmhar a bhí i ndán dóibh ina dtír dhúchais. Ach ní leor an fhís i gcúrsaí creidimh, faoi mar nach leor i gcúrsaí poilitíochta. Ní foláir comhoibriú an phobail, agus i gcúrsaí caidrimh le Dia an aithrí chuí. I dtús an chaibidil seo tugann Dia cuireadh dá phobal, mar a rinne an Eagna roimhe sin, teacht chuig Dia le bia agus deoch fónta a fháil saor in aisce. Léadh an téacs sin san Aifreann don Ochtú Domhnach Déag Saor agus tá míniú simplí tugtha leis sa suíomh don lá sin. Leanann léacht an lae inniu ar aghaidh leis an teachtaireacht sin. I bhfís Íseáia tá cruthú nua, saol nua, ina aigne ag Dia, ach ní mór croí glan le Dia agus a shlíte a aimsiú agus a thuiscint. As sin tuigtear an cuireadh don aithrí sa léacht seo, le filleadh ar Dhia agus ar a mhaithiúnas gan teora. Leagtar an bhéim arís anseo ar an rúndiamhair atá i gceist i bplean seo Dé dá phobal, agus don domhan, agus ina fheidhmiú. Ní ionann smaointe (Bíobla Mhaigh Nuad agus an leicseanár “bearta”) an phobail agus smaointe agus plean Dé dóibh ná na slíte (bealaí) a ghabhann siad agus slíte Dé. Tá difríocht an talaimh agus na spéartha eatorthu. Ní mór an creideamh agus an aithrí le sin a thuiscint.
Salm le Freagra (Salm 144[145]). Is gairid an Tiarna dá ngaireann air
Dara Léacht (Filipigh 1:20-24, 27). Domsa is ionann bheith beo agus Críost. I liotúirge an Domhnaigh seo caite bhí críoch curtha againn leis na sleachta as an litir chuig na Rómhánaigh. Innu cuirtear tús le léamh sleachta as Litir Phóil chuig na Filipigh, léamh as an litir seo a leanfaidh ar aghaidh ar feadh ceithre Dhomhnach. Coilíneacht Rómhánach a bhí i gcathair Filipi. Thug Pól cuairt uirthi sa bhliain 49 nó 50, agus bhí air a lán a fhulaingt ó ghiústaísí agus póilíní na cathrach. Ach bhunaigh sé an eaglais ann agus d’fhás báidh faoi leith idir é agus an eaglais sin. Ba uathu amháin a ghacfadh sé síntiús airgid leis féin a chothú. Scríobh sé an litir seo chucu le linn dó bheith i bpriosún, san Eifeasas is dócha, ar son an tsoiscéil, agus gan a fhios aige an é an bás nó scaoileadh saor a bhí i ndán dó. I slí ba chuma leis. Seirbhís do Dhia a bheadh ina bhás nó ina bheatha. Ba bhreá leis an bás, chun bheith in éineacht le Críost, ach ar an dtaobh eile den scéal ba chabhair dá chuid eaglaisí, agus Filipi ach go háirithe, é bheith beo. Fágann sin idir dhá chomhairle é. Críochnaíonn an léacht le comhairle uaidh don eaglais bheith dílis do bheatha de réir an tsoiscéil, Dea-Scéal Chríost,
An Soiscéal (Matha 20:1-16). An ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilím féin maith? Parabal soiléir agus éasca le tuiscint é seo, ach ceann ó Íosa le gné de ríocht Dé a shoiléiriú. Parabal faoi fhear tí agus fhíonghort an parabal. Sealbhóir tí ab ea fear tí, ach sa chás seo sealbhóir fíonghoirt. Téann sé amach go luath ar maidin, thart ar a sé roimh nóin abair, le lucht oibre a fhostú. Réitíonn sé an gnáth-phá lae leo, sin le rá déanar. Níl aon chonradh oibre buan acu. Téann sé amach arís ar a naoi roimh nóin, ag meán lae, ar a trí iar-nóin agus thart ar a chúig iar-nóin (i gcóras an ama sin ag an tríú, séú, naoú agus an aonú uair déag), chonaic daoine dífhostaithe agus chuir isteach ina fhíonghort iad, ag geallúint an pá ceart dóibh. Thug sé déanar an duine dóibh uile, rud a spreag monabhar ón dream a bhí ag obair ó thús maidine. Is é freagra Íosa buaic phointe an pharabail. Níor rinne an fear tí aon éagóir. A fhlaithiúlacht féin a bhí i gceist. Maidir le parabal faoi ríocht Dé, is í teachtaireacht an pharabail ná nach gnóthaíotar ríocht Dé mar luach saothair. Bronntanas saor ó Dhia í.
Díríotar parabail Íosa go minic ar, nó i gcoinne, daoine nó grúpaí áirithe. Ní luaitear aon duine nó grúpa maidir leis an parabal seo. D’oirfeadh sé do na Fairisínigh, bíodh nach luaitear iad. Ach oireann sé do gach aois, agus téann sé go deas le teagasc Phóil agus na Críostaíochta faoin fhíréantacht trí creideamh gan gníomhartha an dlí.
Ní bheadh an parabal seo ag teacht le prionsabail cheardchumann an lae inniu, ach baineann sé le saol eile, le sealbhóir fíonghoirt ar ghabh trua é do dhaoine dífhostaithe, agus a thug do gach duine acu tuarastal lae. Níl an parabal ag tabhairt prionsabail faoi eacnamaíocht ach ag léiriú gné de ríocht Dé, agus ar thrócaire Dé do chách.

Tá ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu faoi mar is cóir dúinn fís agus freagra uirthi a thabhairt le chéile agus sinn ag machnamh ar saol ár linne agus ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar romhainn amach. Is éasca géilleadh don chathú faoi smaointe teibí, mar shampla ag rá: dá mbeadh spiorad ghlúin a imigh romhainn againn, spiorad Vatacáin II agus mar sin de, an fhís a bhí ag an ghlúin sin nó ag an Chomhairle sin. Tá a fhios againn an freagra a thug an fáidh sa chéad léacht ar a leithéid de cheist. Tá fís ann dúinn i gcónaí agus is ag Dia, is é Dia féin, an fhís sin. Ach ní fiú tada fís gan comhoibriú daonna, mura nglactar leis uainne. Ná cailltear i smaointe teibí sinn. Rud lárnach do na léachtaí go léir inniu ná go bhfuil Dia i láthair linn, ach san am céanna mar Dhia na Glóire, le fís léirithe aige dár dtodhchaí, agus é dár nglaoch is dár ngairm freagra a thabhairt uirthi, agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn le creideamh, le humhlaíocht agus le haithrí. Faoi mar a bhí ag Pól, is é Críost bun agus barr agus lár ar mbeatha go léir mar Chríostaithe. Ní mór bheith daingean sa chreideamh sin. Níor choir riamh dearmad a dhéanamh ar fhís an Dea-Scéil i gcoraí an tsaoil, fís nach réitíonn i gcónaí le fealsúnacht reatha. Glaoch saor ó Dhia an creideamh, a glactar leis go humhail, agus le haithrí mar gheall ar laigí daonna. Agus tugann an creidmheach aghaidh ar an ré le teacht le lán-dochas, mar is é Dia a spreag an fhís ann céaduair, agus tá sé linn le freagra cuí a thabhairt uirthi agus lena chur i ngníomh.
44. An Ceathrú Domhnach is Fiche den Bhliain 2023
Léachtaí an Aifrinn - 24ú Mean Fomhair 2023
AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Íseáia 55:6-9
Ní hiad mo bhearta bhur mbearta.
Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;glaoigí air, fad atá sé i ngar.Fágadh an coirpeach a dhrochnósagus fear na hurchóide a bhearta.Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.Is ard iad na spéartha os cionn na talún,agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaíagus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
An Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 144Freagra Is gairid an Tiarna dá ngaireann air.
1. Beannóidh mé thú gach uile lá
agus molfaidh mé thú dé shíor.
Is mór é an Tiarna, is is ionmholta go mór é,
ní féidir a mhórgacht a mheas. Freagra
2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile. Freagra
3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach. Freagra
AN DARA LÉACHT
Sliocht as litir N.Pól chuig naFilipigh 1:20-24.27