Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 55:10-11 Cuireann an bháisteach eascar sa talamh.
Seo mar a deir an Tiarna:
Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha
agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann,
chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh,
gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur I gcrích.
Briathar Dé.
Salm le FreagraSm 64 Freagra Thit an síol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.
1. Tugann tú cuairt ar an talamh, á uisciú.
Méadaíonn tú a mhaoin.
Sceitheann abhainn Dé thar bruacha
d’fhonn arbhar a sholáthar dó. Freagra
2. Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh
ag tabhairt uisce dá chlaiseanna.
Déanann tú é a bhogadh Ie ceathanna.
Beannaíonn tú a gheamhar. Freagra
3. Cuireann tú barr ar an mbliain le d’fhéile
go mbíonn do chéimeanna ag sileadh le méathras
agus féarach an fhásaigh ar sileadh. Freagra
4. Tá na cnoic arna gcrioslú Ie gairdeas,
tá na móinéir líonta de thréada.
Tá na gleannta faoi bhrat arbhair:
tógann siad gártha agus canann Ie háthas. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:18-23 Tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.
A bhráithre, measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. 22 Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.
Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn,agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa1 Sam 3: 9, Eo 6: 68
Alleluia, alleluia!Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.Is agatsa atá briathra na beatha síoraíAlleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:1-23
Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl…
Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.
Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
Tháinig na deisceabail chuige á rá: “Cén fáth ar i bparabail atá tú ag caint leo?” Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd. Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus sin é an fáth a bhfuilim ag caint i bparabail leo, mar feiceann siad gan feiceáil agus cluineann siad gan cloisteáil agus gan tuiscint. Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia:
‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh,
beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh,
óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre,
d’éist siad le cluasa bodhránta,
d’iaigh siad a súile,
d’eagla go mbeadh radharc na súl acu,
ná clos na gcluas,
ná tuiscint an chroí,
agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’ “
Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. Deirim libh go fírinneach, b’é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”
“Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra. Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach, ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”
Soiscéal Dé.
__________________
Soiscéal gearr
SOISCÉAL Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 13:1-23 Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl…
Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach. Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail.
Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid den ghrán le hais an bhóthair, agus tháinig an éanlaith á ithe suas. Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d’eascair sé gan mhoill. Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d’fheoigh sé de cheal fréimhe. Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d’fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile. A té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
Soiscéal Dé.
Machnamh ar léachtaí - 16ú Iúil 2023
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Íseáia 55:10-11). Cuireann an bháisteach eascairt sa talamh. An teideal seo a tugadh don sliocht seo, oireann sé don fháth ar roghnaíodh é, sin le rá le dul leis an parabal sa soisceal ar an síoladóir. Ach is fiú a mheabhrú go bhfuil aidhm eile a fad leis i Leabhar Íseáia, agus sin mar chuid de chlabhsúr ar an chéad chuid de Dara Íseáia, ina bhfuil bailiúcháin fáistiní atá ag tabhairt uchtaigh do dheoraithe Iosrael sa Bhaibealóin, ag meabhrú dóibh go bhfuil Dia leo i gcónaí ina bhriathar agus lena chumhacht. I dtús an bhailiúcháin (40:7-8) meabhraítear go bhfuil an uile fheoil, an uile rud daonna, mar an féar. Feonn an féar, tréigeann an bláth, ach seasann briathar ár nDia go Deo. Ansin mar fhoirceann, mar dhúnadh, ar an sliocht deirtear an rud céanna, le comparáid leis an mbáisteach agus an sneachta a dhéanann an ithir réidh don síoladóir, a chuireann eascairt sa talamh: Briathar Dé a thagann as béal Dé, téann sé tríd an stair agus bíonn toradh fónta air. Cuireann an Briathar seo i gcrích an rud is toil le Dia. Ní hionann sin agus a rá go ndéanann sé go tobann nó gur trí dhraíocht éigin é. Ní mór creideamh agus foighid le feidhmiú Bhriathar Dé sa stair a thuiscint, agus pé tobann mall fíoradh na bhfáistiní seasann Briathar ár nDia go deo.
Salm le Freagra (Salm 64[65]). Thit an síol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.
Dara Léacht (Rómhánaigh 8:18-23). Tá an dúlra ag tnúth go díocasach le foillsiú chlann Dé. Leagann caibideal 8 den litir chuig na Rómhánaigh béim láidir ar an bua atá ag na creidmhigh i gCríost tríd an Spiorad Naofa, ar laige na colainne agus i slíte eile. Ach ní mór an fhoighid i gcruatain an tsaoil seo, agus is beag iad san i gcomparáid leis an ghlóir a bheidh againn sa deireadh thiar le Críost. Tá an Críostaí ag tnúth leis an ghlóir sin. Spreagann an Spiorad é, an Spiorad a chuireann in iúl dúinn gur clannmhac agus clann iníonacha Dé sinn. Mothaimid go bhfuil easnamh mór orainn sa laige dhaonna seo, agus sinn ag tnúth le foilsiú ionainn an ghlóir is dual do íomhá Dé ionainn. Téann Pól thar sin sa léacht seo. Tá a bhfuil cruthaithe, an dúlra go léir, dar leis, easnamhach, agus gan a bheith de réir mar ba thoil le Dia ó thus. Cuireadh ó rath é, ní mar chuid inmheánach den dúlra, den nádúr, féin, ach cuireadh ó rath é ó chumhacht éigin, ag “an té a chuir ó rath é.” Is dócha gur Dia atá i gceist, agus gur thit an dúlra ó rath le peaca an tsinsir. Ba choir go mbeadh an dúlra féin ag tabhairt fianaise do dhínit an chine dhaonna, ag léiriú a ghlóire. Samhlaíonn Pól an dúlra féin ag cneadach ag feitheamh leis an tsaoirse is dual dó féin agus don chine daonna. Agus spreagann an Spiorad Naomh na creidmhigh a bheith ag tnúth leis an tsaoirse agus an ghlóir is dual dóibh mar íomhanna Dé agus Íosa.
An Soiscéal (Matha 13:1-23). Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl. Sa léacht seo ón Soiscéal, tar éis an réamhrá tá trí (nó fiú ceithre) míreanna ann, iad go léir aontaithe sa teama céanna. I dtús báire tá an réamhrá a thugann suíomh pharabail an lae inniu, nó suíomh parabal go ginireálta. Is é an téarma Eabhraise taobh thiar den fhocal parabal ná maiseal, a bhfuil bríonna éagsúla ag gabháil leis, mar shampla seanfhocal, ráiteas gaoise, soiléiriú, comparáid, nó fiú dúfhocal, dúthomhas. Leagann an réamhrá béim ar mhisean Íosa teagasc a thabhairt. Ceann de na modhanna ar bhain sé úsáid astu ná an parabal, scéal le comparáid ag gabháil leis a thug ar an lucht éisteachta machnamh a dhéanamh air. Is faoi shíoladóir an parabal, agus tar éis an pharabail cuirtear ceist ar Íosa óna dheisceabail faoin gcúis ar bhaineann sé úsáid as an modh áirithe seo múinteoireachta. Is é an freagra a thugann Íosa ná go bhfuil gné, buntomhais, thar chúrsaí an tsaoil seo, le craobhscaoileadh an tSoiscéil. Baineann sé le plean shlánú Dé, rúndiamhair a bhí folaithe leis na cianta cairbeacha ach á foilsiú anois trí phearsa agus theagasc Íosa. Lena glacadh ní mór bronntanas an chredimh ó Dhia. Tá an bronntanas seo ag na hAspail agus na deisceabail. Tá rúndiamhra ríocht Dé foilsithe dóibh agus is méanar dóibh dá bharr. Ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe sin a fheiceáil agus a chloisint ach nár fhaca nó nár chuala iad. Téann an téacs ar aghaidh ansin le míniú Íosa ar an parabal a thabhairt, soiléiriú a bheadh á thabhairt ag an luath-eaglais féin, agus malairt de ag an Eaglais tríd an stair aníos. Bheadh ar chumas an dreama a chéad chuala an parabal na híomhánna a thuiscint go héasca: na hithreacha de shaghasanna éagsúla taobh le taobh, casáin, clocha, carraigeacha, deilgnigh, screaga, maraon le ithir mhéith. Tá teachtaireacht bhuan aige sin go léir don Eaglais in aon aois agus dár linn fein. Tá meascán dá leithéid san Eaglais i gcónaí, agus ní mór an creideamh agus grásta Dé le guth Dé i mBriathar Dé a thuiscint agus a ghlacadh chugainn féin, le toradh a thabhairt i mbeatha Chríostaí.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Spreagann Briathar Dé díocas agus dóchas
Tá an téama seo ag rith trí na trí léachtaí inniu agus is fiú machnamh a dhéanamh air mar tá ábhar agallaimh ann do shaol ár linne féin. Bhí pobal Iosrael ar scríobh an fáidh ar a dtugaimid an Dara Íseáia air in íseal brí agus faoi lag-mhisneach sa Bhaibealóin gan mórán dóchais acu go raibh todhchaí ar bith i ndán dóibh. Mheabhraigh an fáidh seo dóibh nach mar sin a bhí in aigne Dé, a mhaireann a Bhriathar de shíor. Bhí ré nua i ndán dóibh, agus gan mhoill, gealltanas a thug díocas dóibh, agus ní briatrhra baotha folamha a bhí anseo ach dóchas bunaithe ar fhírinne agus dhílseacht Dé féin. Spreagadh chun gnímh iad dá bharr.
Mar an gcéanna le téacs Phóil chuig na Rómhánaigh, leis na tagairtí do chneadach an dúlra ag iarraidh saoirse agus foilsiu ghlóir chlann Dé. Ar uairibh sa Seantiomna féachtar ar an dúlra, ar gach ar cruthaíodh, mar bhrat glóire Dé. Brat glóire i slí é don chine daonna chomh maith, agus níl sé chomh foirfe sa ról sin agus a oirfeadh do ghlóir na gcreidmhach. Tá an dúlra easnamhach sa mhéid sin de. Dar le Pól sin toisc neach éigin, Dia is dócha, a rinne gan rath é. Tá baol ann don dúlra inniu, ní tóisc Dé ach de bharr neamh-chúram agus mí-úsáid an chine dhaonna. Tá spéis faoi leith again inniu san imshaol, sa timpeallacht, agus tá seo ag teacht go geal lena dúirt Pól. Is cuid dinn féin, brat an chine dhaonna, an timpealleacht.
Agus maidir le íomhá an tsíoladóra de, is cuid dílis de stair poilitíochta agus réabhlóideach na hÉireann íomhá an tsíl agus an tsíoladóra – an síol á chur ag glúnta romhainn agus an fomhar á bhaint níos déanaí. Ach maille leis sin tá Briathar Dé ann agus guth Dé tríd na haoiseanna síos. Is síoladóir fós é Íosa. Agus is síoladóir gach duine againn a chreideann i nDia agis in Íosa, síoladóir le briathar, le guth agus sampla. Ná cuireadh sé isteach orainn má thiteann cuid den tsíol ar ithreacha éagsúla, ar charraigeacha, chlocha agus eile. Mar sin a bhí riamh. Ach leanann an síoladóir leis ina shaothar.
34. An Cúigiú Domhnach Déag den Bhliain 2023
Léachtaí an Aifrinn - 16ú Iúil 2023
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Íseáia, Fáidh 55:10-11
Cuireann an bháisteach eascar sa talamh.
Seo mar a deir an Tiarna:
Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha
agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann,
chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh,
gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur I gcrích.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 64
Freagra Thit an síol ar an talamh maith agus thug toradh uaidh.
1. Tugann tú cuairt ar an talamh, á uisciú.
Méadaíonn tú a mhaoin.
Sceitheann abhainn Dé thar bruacha
d’fhonn arbhar a sholáthar dó. Freagra
2. Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh
ag tabhairt uisce dá chlaiseanna.
Déanann tú é a bhogadh Ie ceathanna.
Beannaíonn tú a gheamhar. Freagra
3. Cuireann tú barr ar an mbliain le d’fhéile
go mbíonn do chéimeanna ag sileadh le méathras
agus féarach an fhásaigh ar sileadh. Freagra
4. Tá na cnoic arna gcrioslú Ie gairdeas,
tá na móinéir líonta de thréada.
Tá na gleannta faoi bhrat arbhair:
tógann siad gártha agus canann Ie háthas. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 8:18-23
Tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé.
A bhráithre, measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. 22 Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.
Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn,agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa 1 Sam 3: 9, Eo 6: 68