Sliocht as Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4 D’itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aisáirí ó mhairbh.
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Salm le Freagra Sm 117 Freagra Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn. Malairt FreagraAlleluia, Alleluia, Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor. Bíodh teaghlach Isráél a rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaigh mé. Ní éagfaidh me-mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di. Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Colosaigh 3:1-4 Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.
A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Briathar Dé.
________________________________ Malairt Léachta
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-8 Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua.
A bhráithre, glanaigi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua faoi mar atá sibh gan ghabhàil. Oir tâ Críost, ár gCâisc, ofráilte mar íobairt. Dâ bhri sin, caithimis an fhêile, ní leis an tseanghabháil ná le gabhâil na mailise agus na hurchóide, ach le harán neamhghabhálach na dílseachta agus na fírinne.
___________________________________________-
Rosc
Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d’úinne
cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.
D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Alleluia Véarsa Alleluia, Alleluia!Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha.Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9 Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
Soiscéal Dé
Machnamh ar léachtaí -9ú Aibreán 2023
B.An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae:Críost mar ceann na heaglaise agus croílár ár gcreidimh. Creidmhigh mar fhinnéithe dó.
A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)
Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 10:34, 37-43). D’itheamar agus d’ólamar ina chuideachta i ndiaidh a aiséirí ó mhairbh. Ina chomhthéacs i nGníomthartha na nAspal tá an sliocht seo mar chuid den chur síos ar an áit a bhí ag Peadar agus an Eaglais óg in Iarúsailéim le creideamh Chriost a thabhhairt do na pagánaigh gan an timpeallghearradh a bheith riachtanach. Bhí aisling ag Cóirnéilias, taoiseach céad na Róimhe, pagánach cráifeach, á rá leis glaoch ar Pheadar le eolas an tslánaithe a thabhairt dó. Bhí an glaoch bheith ina aspal dona pagánaigh faighte ag Pól cheana féin, ach ní raibh sé i mbun saothair fós. Thug Peadar an t-aitheasc sa léacht seo agus chreid Cóirnéilias agus a theaghlach agus tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu. Bhaist Peadar iad gan timpeallghearradh; thug tuairisc faoi sin don eaglais in Iarúsailéim, a aontaigh leis. Aitheasc Pheadair do Chóirnéilias agus a theaghlach atá i sliocht seo an lae inniu. Is dócha gur sampla é de chéad-sheanmóireacht na heaglaise ag craobhscaoileadh theachtaireacht an tsoiscéil di.Thosaigh an cur síos le baiste Eoin Baiste, ungadh Chríost ansin leis an Spiorad Naomh, agus na miorúiltí a rinne sé dá bharr, beatha phoiblí Chríost, agus na hAspail mar fhínnéithe ar sin; céasadh agus bás Chríost agus a aiséirí, agus an fhianaise gur aiséirigh sé dáiríre á thaispeáint féin dá lucht leanúna, agus mar ar ordaigh sé dá dheisceabail an soiscéal a craobhscaoileadh. Seanmóirí den eaglais óg cosúil leis an ceann seo a thug an creatlach do na Soiscéil a cuireadh le chéile níos déanaí, ag tosú le seanmóireacht Eoin Bhaiste agus ag críochnú le aiséirí Chríost. Bun agus barr na seanmóireachta go léir in aon aois ná an glaoch chun aithrí.
Salm le Freagra (Salm 117[118]). Is é seo an lá a rinne an Tiarna: bíodh áthas agus gliondar orainn.
Dara Léacht (Colosaigh 3:1-4). Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost. Roghnaíodh an sliocht seo den litir chuig na Colosaigh toisc go bhfuil sé feiliúnach do Dhomhnach na Cásca, an lá ina bhfuilimid ag ceiliúradh aiséirí Chríost agus a fhilleadh faoi ghlóir go dheaslámh an Athar, áit a bhfuil sé de shíor ag guí ar son na hEaglaise, agus ar ár son go léir le go mbeadh toradh ar a bhás agus a aiséirí. Tá Críostaithe aontaithe le Críost sa bhaisteadh, agus mar adeir an léacht seo aontaithe leis ar neamh. Ní léacht ghinearálta gan téagar atá anseo. Tamall gearr roimhe seo scríobh Pól (Colosaigh 2:6-7): “Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa mar Thiarna, tugaigí bhúr saol i bpáirt leis. Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar múineadh daoibh é”. Agus ní rud teibí an creideamh seo i gCríost ar dheis Dé. Tá Íosa ann fós ag craobhscaoileadh a shoiscéíl agus ag múineadh conas ár saol a thabhairt as anseo ar talamh, mar a deirtear sna véarsaí a leanann an sliocht seo: toisc go gcreidimid go bhfuilimid in éineacht le Críost ar neamh deirtear linn an “taobh saolta”, na hainmhianta, a bhású. Agus mar shampla ar sin áirítear ceithre chinn de nósanna gnéasacha, agus moltar liosta de shuáilcí le cleactadh. Ionann creideamh i gCríost ar dheis Dé agus conas ár mbeatha sa saol seo a chaitheamh seachas a mhalairt.
Malairt Léachta. (1 Corantaigh 5:6-8). Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua. Sa téacs díreach roimh an cheann seo cháin Pól an comhluadar Críostaí sa Coraint toisc an droch-iompair ann: bhí fear ag maireachtáil lena leasmháthair mar chéile gan cháineadh ón chomhluadar Críostai. Truailliú a bhí ann. Sa léacht seo cuireann an t-aspal lucht leanúna Chríost san airdeal faoin bhaol ón droch-shampla, agus chuige sin baineann sé úsáid as chúlra Cháisc na nGiúdach a bhí á ceiliuradh b’fhéidir an tráth bliana sin. Le Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh níor mhór gach píosa aráin le giosta, gabháil, a chaitheamh amach leis an Cháisc a chomóradh. Sa Cháisc Ghiúdach ba é uan na Cásca an íobairt. Sa Cháisc Nua ba é Íosa an íobairt. I súile Phóil siombal den truailliú an ghabháil. Ionann Cáisc na hEaglaise agus easpa arán gabhála, sin le rá dílseacht, ionracas, trédhearcacht agus firinne. Seanmóir gonta Cásca an giota seo le Pól Aspal. Do Chríostaithe, cuireadh é do ghlaine chroi, cuireadh chun sacraimint na faoistine.
Soiscéal (Eoin 20:1-9). Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh. Tá cuntais éagsúla againn sa Tiomna Nua faoi aiséirí Chríost agus conas a thaispeáin sé féín do lucht leanúna tofa dá chuid. De réir Phóil (1 Corantaigh 15:3-8) thaispeáin sé é féin faoi chúig, i dtosach báire do Pheadar agus sa deireach thiar do Phól féin. Sliocht an lae inniu as soiscéal Eoin níl ann ach ceann amháin de shraith eachtraí: ar thús an tuama folamh (Eoin 20:1-10); ansin taispeáint do Mháire Mhaigdiléana (20:11-18); ansin do na deisceabail gan Tomás (20:19-23), agus ansin le Tomás i láthair (24-29). Sliocht an lae inniu is faoin chuairt go dtí an tuama é, tuama a faightear folamh. Measann Máire Mháigdiléana gur robáil atá i gceist. Tugann an “deisceabal eile” (an deisceabal múirneach; an deisceabal a raibh grá ag Íosa dó, Eoin 13:23) aird ar stádas faoi leith Pheadair. Cuireann an staid slachtmhar ina bhfuil na baill éadaigh slad as an áireamh. Faigheann an deisceabal eile tuiscint ar leith faoi aiséirí Chríost, agus níos déanaí tiocfaidh an eaglais ar an dtuiscint go raibh sin de réir an scrioptúir, tuiscint nach raibh aici ó thús.
B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae.Críost mar ceann na heaglaise agus croílár ár gcreidimh. Creidmhigh mar fhinnéithe dó.
Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin. Sa chéad léacht cuireann Peadar béim ar na haspail mar fhinnéithe d’aiséirí Chríost agus sa dara léacht as an litir chuig na Colosaigh meabhraítear do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha “folaithe mar aon le Críost i nDia”. Críost ar neamh ceann na hEaglaise, tá sé fós ag fógairt a shoiscéil mar a rinne sé dá mhuintir na Giúdaigh, ach chomh maith ag fógairt shoiscéil Phóil do na neamh-Ghiúdaigh, na pagánaigh, á meabhrú do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, nósanna pagánacha a chur díobh, nósanna a áiríonn sé: “Básaigí mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pagánacha) díbh féin: an drúis, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh”. Gan Críost bheith mar chroílár aici ní bheadh san eaglais dá fearr í ach cumann leasa shoisialigh, mar a mheabhraigh an Pápa Proinséas dúinn. Thuig ár muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don “duine atá i dtúis a shaoil” sa dán ón mbéaaloidas: “Sara dtiocfaidh iomad ded’ aois, bíodh aithne ar Chríost agat” – ní eolas faoi Chríost ach aithne phearsanta air.
Maidir le cúrsaí creidimh, tá Éire inniu ag crosbhóthar a staire. Tá meon saolta, meon di-eaglaisiú, saecúlárach, ag teacht i réim, agus leisce, nó mífhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Ach is é is creideamh ann ná cruthú, nó cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Tá feachtas nua tosaithe san eaglais chun daoine a thabhairt ar ais do Chríost. Sin teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaisteadh, sa chreideamh. Mar is léir ón dara léacht inniu tá Críost aiséirithe, ar dheaslámh an Athar, ag fógairt an tSoiscéil dúinn mar a rinne sé sa Seanmóir ar an Sliabh: “Is sibhse salann na talún. Is sibhse solas an domhain. Bíodh bhur solas ag taitneamh mar sin os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhthartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh”. Beannachtaí na Cásca orainn go léir.
20. Domhnach Cásca Aiséirí an Tiarna 2023
Léachtaí an Aifrinn - 9ú Aibreán 2023
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4
D’itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aisáirí ó mhairbh.
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra Alleluia, Alleluia, Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor. Bíodh teaghlach Isráél a rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaigh mé. Ní éagfaidh me-mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di. Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Colosaigh 3:1-4
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.
A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Briathar Dé.
________________________________
Malairt Léachta
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-8
Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua.
A bhráithre, glanaigi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua faoi mar atá sibh gan ghabhàil. Oir tâ Críost, ár gCâisc, ofráilte mar íobairt. Dâ bhri sin, caithimis an fhêile, ní leis an tseanghabháil ná le gabhâil na mailise agus na hurchóide, ach le harán neamhghabhálach na dílseachta agus na fírinne.
___________________________________________-
Rosc
Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d’úinne
cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.
D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Alleluia Véarsa
Alleluia, Alleluia!Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha.Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9
Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.