Sliocht as Leabhar Exodus 17:3-7
Tabhair dúinn uisce le hól.
Bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad. “An d’fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?” Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”
Salm le Freagra Sm 94
Freagra Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’
1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna, tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe. Tagaimis ina láthair le moltaí, déanaimis gairdeas dó le laoithe. Freagra
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis, feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn. Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Na calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba, mar a tharla an lá úd ag Masá san fhásach mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm, mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 5:1-2. 5-8
Tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn
Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.
Comhghair an tSoisceil Eo 4:42, 15
A Thiarna, is tú dáiríre Slánaitheoir an tsaoil;
tabhair dom on t-uisce beo i dtreo nach mbeidh tart orm choíche.
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 4:5-42
Tobar uisce ag brúchtail chun na beatha síoraí.
San am sin tháinig Íosa mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. D’fhreagair Íosa:
“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:‘ Tabhair dom deoch,’is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain.Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo?An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athairIacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”D’fhreagair Íosa:
“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi,
“beidh tart arís air.Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó,ní bheidh tart air go brách na breithe.Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó,déanfaidh tobar uisce de istigh ann,ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Dúirt an bhean leis:
“A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidhtart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”Dúirt sé léi:“Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.”D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,”ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;óir bhí cúigear fear agatagus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”
Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.” Dúirt Íosa léi:
“Creid uaimse é, a bheango bhfuil an uain ag teachtnuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;adhraimidne an ní is eol dúinn;mar is ó na Giúdaigh an slánú.Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,ina ndéanfaidh lucht an fhíoradharthaan tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.Spiorad é Dia,agus lucht a adharthais i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” – is é sin le rá an Críost – “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” Dúirt Íosa leo
“Is é is bia domsatoil an té a chuir uaidh mé a dhéanamhagus a obair a chur i gcrích.Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eileagus beidh an fómhar ann’?Seo mise á rá libh:Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;tá siad geal chun an fhómhair.Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin,agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóiragus ar an mbuanaí in éineacht.Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:‘ Cuireann duine, baineann duine eile.’Sheol mise sibhse uaimchun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.Shaothraigh daoine eile é,agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
Soiscéal Dé
Machnamh ar léachtaí -12ú Márta 2023
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dóchas Críostaí: Ní dócha ach deimhin.
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Eacsadas 17:3-7). Tabhair dúinn uisce le hól. Ina chomhthéacs sa Bhíobla tharla an eachtra seo i Refídím, an stad deiridh ag pobal Iosrael san fhásach roimh Sliabh Sinai. Ní raibh aon uisce le hól ag an bpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. Téama na léachta seo, agus téama i roinnt mhaith áiteanna eile sa Pheintiteoch, ná monabhar, nó casaoid, an phobail san fhásach. Easpa uisce a bhí ag cur as dóibh an babhta seo. Bhí Día le miorúilt a dhéanamh dóibh ag an gcarraig i Horeb (ainm eile do Sinai). Geallúint dá leithéid de mhiorúilt atá anseo, geallúint de uisce ina shlaoda. Tá seo ag dul le soiscéal an lae inniu ina gheallann Íosa tobar uisce don té a chreideann ann. Tá cur síos ar an eachtra chéanna in Uimhreacha 20:1-13, áit a deirtear go dtáinig an t-uisce amach as an charraig ina thuile. As na tagairtí éagsúla do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d’fhás traidisiún in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fhásach le ól a thabhairt dóibh, tradisisún a bhfuil tagairt dó ag Pól (1 Corantaigh 10:4). Samhail de Chríost ab ea an charraig sin. Tugtar dhá ainmneacha samhhailchomharthacha ar an áit a rinneadh an mhiorúilt sin: Massa, “promhadh” san Eabhrais, agus Meribah¸ “iomarbhá”, casaoid san Eabhrais.
Salm le Freagra (Sal 94[95]). Á, dá n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: “Ná calcaigí bhur gcroí”.
Dara Léacht (Rómhánaigh 5:1-2, 5-8). Tá ár gcroí lionta de ghrá Dé ag an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Tá teachtaireachtaí doimhne sa léacht seo dúinn. I dtosach báire meabhraítear dúinn an fhírinne bhunúsach gur trín gcreideamh in Íosa Críost, agus ní trínár n-oibreacha féin, atáimid fíréanaithe, agus i ngrásta Dé. Tugann an cairdeas sin le Dia bronntanas na síochána dúinn, an tsíocháin a gheall Íosa, síocháin anama nach rud daonna í, ach feidhmiú an Spioraid Naoimh san anam agus sa chorp. Bhí Pól go nimhneach i gcoinne bheith ag maoímh, ag déanamh mórtais, as g gníomhartha daonna mar luach saothair i láthair Dé. Is trí ghrásta Dé, agus ní trí ghníomhartha daonna, a tháinig an slánú. Ach tá ábhar mórála, mórtais, ann ag Críostaithe, agus is é sin an dóchas go bhfuil glóir i ndán dúinn. Tá tús curtha leis an ghlóir sin cheana féin, leis an fhíréantacht, le grásta Dé sa bhaisteadh agus sa saol mar Chríostaithe. Ní rud daonna (dóchúlacht) an dóchas sin. Is deimhin é. Ní chliseann sé orainn, mar is bronntanas ó Dhia é, suáilce dhiaga a thugann cinnteacht. Tá an dóchas agus an chinnteacht sin nascaithe le grá Dé agus grá Íosa dúinn, a thaispeaineadh trí bhás Chríost do pheacaigh.
An Soiscéal (Eoin 4:5-42). Tobar uisce ag brúchtaíl chun na beatha síoraí. Léacht fhada atá anseo, a bhfuil téamaí éagsúla inti. Lár-théamaí ann ná an tSamáireach mná, tobar agus uisce. Sa tráth sin bhí naimhdeas domhain idir na Giúdaigh agus na Samáirigh, ar fhéach na Giúdaigh orthu mar eiricigh, nárb chuid de phobal Iosrael iad in aonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is dócha. Bhí naimhdeas ann idir ríocht an tuaiscirt (an tSamáire i slí) agus ríocht Iúda. Nuair a dibhríodh pobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chríost tugadh pagánaigh isteach agus pobal meascaithe a bhí ann ina dhiaidh sin. Ach d’fhéach an Samáirigh orthu féin mar chuid de chlann an phatrarc Iácób agus bhíodar ag feitheamh le meisias de shaghas éigin. Bhí tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisiún siúd leis an uasalathair Iácób. Tá eachtra na léachta seo ag feidhmiú ar dhá leibhéal – cúrsaí an tsaoil seo thíos agus saol, réaltacht, eile gur samhail dó na cúrsaí sin. Uisce an tobair sin, is samhail é den uisce a thabharfaidh Íosa dá lucht leanúna, bronntanas an Spioraid ag treorú chun na beatha síoraí. Tugann adhradh na Samáireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nGíudach sa Teampall, deis lena mheabhrú nach mbeidh áit ag ceachtar acu i ré nua nuair a bheidh adhradh ann sa Spiorad agus san fhírinne. Tugann ocras Íosa deis dó an t-ocras agus an cíocras a bhí air an obair a thug an tAthair dó a chur i gcrích, le síolchur agus fomhar.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dóchas Críostaí: Ní dócha ach deimhin.
Sna saolta seo is coitianta amhras i gcúrsaí creidimh – amhras faoi phointí de theagasc morálta, faoi fhírinní an chreidimh, fiú féin faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fhealsúnacht áirithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairmíocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athraíonn ó aois go haois.
Déanann aoráid dá leithéid deacrachtaí do chleachtadh an chreidimh. Tá a leithéid de amhras glan in éadan teagasc an chreidimh ar na fírinní bunúsacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, fós le teacht. Tá an-chur síos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dtéacs nach éasca ar fad a aistriú: “Is é is creideamh ann ná bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear”. Tá dhá théarma thábhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith connte.
Ní deimhneacht nó cinnteacht shiceolaíoch, a bhfuil a préamha san aigne dhaonna, atá i gceist anseo, ach suáilce dhiaga an dóchais, bronntanas ó Dhia, a thugann cinnteacht atá thar acmhainn an nádúir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht í a bhfuil síocháin ag ghabháil lei, an tsíocháin sin a bhronnann Íosa ar na creidmhigh agus nach féidir le haoinne í a thógaint uathu.
16. An Tríú Domhnach den Charghas 2023
Léachtaí an Aifrinn - 12ú Márta 2023
CÉAD LÉACHT