Sliocht as an Leabhar Genesis 2:7-9, 3:1-7
Cruthtú agus peaca an tsinsir.
Chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé. Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.
Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?” Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: “Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.” Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.” Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d’ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d’ith sé é. Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d’fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 50
Freagra Déan trócaire orainn, a Dhia, mar gur pheacaíomar.
I. Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá;de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.Nigh m’urchóid díom go hiomlánagus glan díom mo pheaca. Freagra
2. Óir aithním mo chionta go maithagus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.I do choinnese amháin a pheacaigh mé,agus an ní is olc i d’fhianaise is é a rinne mé. Freagra
3. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia,agus cuir isteach ionam spiorad daingean.Ná teilg ó do radharc mé,agus do spiorad naofa ná bain díom. Freagra
4. Tabhair ar ais dom áthas do shlánaitheagus tabhair spiorad na díograise dom mar thaca.A Thiarna, oscail mo bheolaagus foilseoidh mo bhéal do mholadh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig Rómhánaigh 5:12-19
An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó Fós a mhéadaigh ar an ngrásta.
A bhráithre, tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca. Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann. Mar sin féin bhí an bás i réim ó Ádhamh anuas go Maois fiú amháin dóibh siúd nach raibh ciontach i mbriseadh reachta ar nós Ádhaimh. Agus bhí Ádhamh ina shamhail ar an té úd a bhí le teacht.
Ach ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an gcoir é. Mar, má fuair mórán bás de bharr choir an aon duine amháin, is fairsinge go mór do mhórán a bhí grásta Dé agus an tabhartas a dáileadh de dheonú an aon duine amháin, Íosa Críost.
Agus ní hé an dála céanna ag an tabhartas agus ag an toradh a bhí ar pheaca an duine aonair é: tháinig breithiúnas an daortha as coir aonair, ach is as coireanna iomadúla a tháinig tabhartas an tsaortha. Más trí choir an aon duine amháin a tháinig an bás i réim tríd an aon duine amháin, is mó go mór ná sin a bheidh réimeas na beatha tríd an aon duine amháin Íosa Críost, acu siúd a fhaigheann flúirse den ghrásta agus de thabhartas na fíréantachta.
Dá réir sin, faoi mar tugadh daorbhreith ar chách uile de dheasca choir an aon duine amháin, ar an gcuma chéanna tugadh saorbhreith na beatha ar chách uile de bharr dhea-ghníomh an aon duine amháin. Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.
Briathar Dé.
Véarsa Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 4: 1-11
Déanann Iosa troscadh ar feadh daichead lá agus cuirtear cathú air.
San am sin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.” Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”
Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’” Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”
Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis: “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do m’adhradh.” Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”
Ansin d’fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Soiscéal Dé
Machnamh ar léachtaí -26ú Feabhra 2023
Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bua Chríost agus aontacht leis
A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
Céad Léacht (Genesis 2:7-9; 3:1-7). Cruthú agus peaca an tsinsir. Tá dhá shliocht gairid sa léacht seo a théann lena bhfuil le rá ag Pól sa dara léacht. Cuireann an chéad sliocht síos ar chruthú, nó ar chumadh, an duine (san Eabhrais adam) de chré na talún (san Eabhrais adamah), le laige an duine dhaonna a chur in iúl. Tá cur i láthair pictiúrtha againn anseo ar chruthú, nó chumadh, an duine: duine as ithir ina shéideann Dia anáil na beatha ina phollairí, agus ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. Agus bhí todhchaí shuntasach in aigne Dé don duine. Phlandaigh sé parthas, gairdín, in Éidin, san oirthear dó. Logainm é Éidin, nach fios (agus gur cuma) cá raibh sé. Níos déanaí do Ghiúdaigh agus do Chríostaithe b’ionann Éidin agus Parthas, ar talamh nó ar neamh. Chuir Dia Ádhamh sa ghairdín sin le saorchead toradh a ithe as gach crann sa ghairdín, seachas crann fhios na maitheasa agus an oilc. B’sin an t-aon aithne dhiúltach a bhí air, lena umhlaíocht do Dhia a phromhadh. Cuireann an Bíobla síos chomh maith ar ar chruthú Éabha, céile cúnta a dhiongbhála do Ádhamh, ach fágtar ar lár sa léacht seo é gan aire a thógaint ón dá phointe lárnacha: cruthú agus peaca an tsinsir.
Cuireann an dara mír síos ar an gcathú a cuireadh ar na sinsir sin. Ag dul le cur i láthair pictiúrtha an tsleachta tugtar an nathair nimhe ar an gcathaitheoir. Níos deanaí sa traidisiún Giúdach agus Críostaí tógadh gurb é Satan, an Diabhal, é. Tá sé glic, agus fios a cheirde aige conas cathú a chur. Deir sé le Éabha go raibh Dia ag buaileadh bob orthu agus dá n-íosfaidis as an chrann go mbeidis cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc acu. D’itheadar an toradh (tugadh úll air níos déanaí) agus oscailt súl a bhí ann dóibh, ní cosúil le déithe ach mar daoine laga, gan ionracas. Roimh an bpeaca bhíodar ionraic, agus lomnocht, ach gan aon náire orthu. Anois chonaiceadar go rabhadar nocht, agus náire orthu ó thaobh gnéis agus laige an nádúir dhaonna. Bhí an tubaiste tite amach dá mbarr agus ré nua anró ann don chine daonna.
Salm le Freagra (Salm 50[51]). Déan trócaire orainn, a Dhia, mar gur pheacaíomar.
Dara Léacht (Rómhánaigh 5:12-19). An áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta. Ag machnamh thart ar an mbliain 30 roimh Chríost ar chuntas an Bhíobla ar chruthú an duine agus ar an bpeaca a lean é, scríobh údar Leabhar na hEagna (2:23-24) gur chruthaigh Dia an duine chun nach bhfaigheadh sé bás go deo. Ar dheilbh a nádúir féin a rinne sé é. Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saol, agus is iad na daoine atá i bpairt leis-sean a bhlaisfidh é. I léacht an lae inniu roinneann Pól linn a mhachnamh ar chuntas céanna sin leabhar Genesis ar Ádhamh, an chéad Ádhamh (duine), ach le comparáid a dhéanamh leis an leigheas ar an dtubaiste a dhéanann Críost, an dara hÁdhamh. Tháinig an bás, bás an anama agus an choirp, isteach sa saol trí pheaca an tsinsir. Cuireann an sliocht seo an peaca agus an bás inár láthair mar fhórsaí pearsantaithe. Bhí, agus tá, an cine daonna go léir gafa i slí éigin i peaca sin an tsinsir. Slí amháin le sin a mhíniú ná tríd an dteagasc tradisiúnta ar pheaca an tsinsir, ach níl sé deimhin go raibh sin ina aigne ag Pól. Ar aon chuma tá ceangal i slí éigin ag gach peaca pearsanta le peaca sin an tsinsir sa gháirdín. Ach mar a dúramar, ní sin is príomh-chúram do Phól, ach an leigheas a thug Críost, an Dara hÁdhamh, ar an dtubaiste trí ghrásta Dé. Mar adeir Pól ag deireadh na léachta: “Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin (Ádhamh), ar an gcuma chéanna déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin” (Críost).
An Soiscéal (Matha 4:1-11). Déanann Íosa troscadh ar feadh daichead lá agus cuirtear cathú ai. Táimid ag tús (inid, as an Laidin initium, “tús”) an Charghais inniu, agus i sliocht an tsoiscéil táimid ag tús bheatha phoiblí Chríost, díreach tar éis a bhaisteadh le Eoin Baiste. Mar a dúirt Matha linn, díreach tar éis a bhaiste do Íosa, osclaíodh na flaithis dó agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas agus ag tuirlingt air. Agus tháinig glór (an Athar) óna flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi”. Is é an Spiorad céanna sin, Spiorad an Athar, a sheol Íosa isteach san fhasach le promhadh ag an diabhal. Ba chuid de phlean Dé d’Íosa an promhadh sin. Cuireann an daichead lá agus oíche i gcuimhne dúinn, mar a rinne do na léitheoirí tosaigh, coinne Mhaois le Dia ar Shliabh Sina agus an daichead bliain ag Israel san fhásach ar a shlí go dtí Tír Tairngire. Promhadh Iosrael san fhásach sin agus pheacaigh sé. Bhí sé mídhílis do Dhia. Maois Nua agus Iosrael Nua é Íosa agus beidh an bua aige ar an diabhal, an cathaitheoir. Cuirfear cathú ar Íosa ar feadh a shaoil; ag Peadar féin nuair a rinne sé iarracht Íosa a chur ó phian na croise. Dúirt Íosa le Peadar: “Siar im dhiaidh, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá id aigne ach smaointe daoine”. Cuireann an diabhal chun a chuid oibre le stuaim. Glacann sé le guth an Athar ó neamh ag an baisteadh gur Mac Dé é Íosa, agus iarann air leas a bhaint as a ghradam le miorúiltí, fiú ag baint úsáide as téacs den Bhíobla. Tugann Íosa freagra air faoi thrí le téacsanna as Leabhar Deotrainimí, ina raibh tagairt do Iosrael san fhásach. Is í is aidhm don sliocht seo faoi throscadh agus chathú ar Íosa ná sinn a dhéanamh deimhin de gur duine dinn féin é Íosa, a shiúil inár measc, mar a chuirtear go soiléir é sa Litir chuig na hEabhraigh: Níorbh fholáir d’Iosa bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhis De. Aidhm eile don léacht ná a mheabhrú dúinne, braithre agus deirfiúracha Chriost, Críost san fhasach agus ina a throscadh a thógaint mar eiseamláir inár mbeatha le urnaí agus troscadh le go mbeadh toradh inár lá féin ar a rinne Íosa dúinn.
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bua Chríost agus aontacht leis
Tá ábhar machnaimh ann dúinn i léachtaí an lae inniu, agus bonn chomh maith do agallamh le saol an lae inniu. Táimid ag tús an Charghais, agus sa saol sibhialta cuirtear an cheist ar chóir dúinn scor le deasghnátha agus eile a bhaineann leis an Carghas i saol tuata, saolta, dí-eaglaisíoch seo an lae inniu. Bíodh a rogha acu siúd, ach do chreidmhigh ní mór ceacht an Charghais a choimeád os comhair ár n-aigne, is é sin gur ann fós don pheaca, do chathú, bheatha, bás agus aiséirí Chríost agus a bhua ar na bpeaca agus an laige dhaonna.
Is ann chomh maith don chathú de gach saghas dúinne daoine daonna. Guímid gach lá ar Dhia gan sin a ligint in gcathú. Tá cathuithe de shaghasanna iomadúla ann inniu: le drom a thabhairt do chreideamh i gCríost nó i nDia, le maireachtáil de réir luachanna an lae atá contrártha don Soiscéal agus do theagasc na hEaglaise seachas cloí leo, maidir le cúrsaí an teaghlaigh, naofacht an choirp de réir teagasc an Tiomna Nua agus mar sin de. Tá an Eaglais féin ag machnamh ar na cúrsaí i láthair na huaire.
D’iarr Íosa tráth ar a dheisceabail faire a dhéanamh in aonacht leis. Tá a leithéid de chuireadh againn anois ag tús an Charghais: machnamh a dheanamh feadh thréimhse an Charghais ar chreideamh i gCríost agus san eaglais, agus bheith aontaithe le Críost sa chreideamh sin le staonadh de shaghas éigin, lena mheabhrú dúinn féin nach dtagann beatha nó borradh san eaglais gan urnaí agus troscadh de shaghas éigin. Ag smaoineamh a dúirt Íosa le Peadar: Bíodh smaointe Dé againn seachas smaointe daoine
14. An Chéad Domhnach den Charghas 2023
Léachtaí an Aifrinn - 26ú Feabhra 2023
CÉAD LÉACHT