An Searmanas
AN CHÉAD LÉACHT AS AN SEAN-TIOMNA 1:26-28.31
1. Sliocht as leabhar Geineasas|
Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”
Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad. Agus bheannaigh Dia iad á ra leo: “Bígí torthach , agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! Bhí sé go sármhaith.
Sin é briathar Dé.
Sailm Loinneogach Sm 32:12.18.20-22. Frv.5
L. Tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.
1. Is méanar dá mbíonn an Tiarna ina Dhia acu,
an pobal a roghnaigh sé do féin.
Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá. L.
2. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Is ann a ghairdíonn ár gcroí;
is iontaoibh linn a ainm naofa. L.
3. Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
do réir an dóchais a chuirimid ionat. L.
2. Sliocht as leabhar Geineasas 2:18-34
Déanann aon fheoil amháin díobh.
Dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
Chumum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cén t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.
Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í. Dúirt an duine ansin:
“Is cnámh de mo chnámh-sa í seo ar deireadh, agus is feoil de m’fheoil-se í. Tabharfar bean (is-ea) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (is) í.”
Uime sin, fágann an fear a athair agus a mhathair agus cloíonn se lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.
Sin é bhriathar Dé.
Salm Loinneogach: Sm 148:1-4.9-14. Fr v. 12
L. Molaidís ainm an Tiarna.
Nó
L. Alleluia!
1. Molaigí an Tiarna ó na flaithis,
molaigí sna hárda é.
Molaigí é, a aingle uile leis
molaigí é, a armshlua uile leis. L.
2. A shléibhte agus a chnoca uile,
a chranna toraidh agus a chranna céadrais go léir,
a ainmhithe allta agus a bheithíocha uile,
a phiasta agus a éanacha eiteacha. L.
3. Ríthe na cruinne is na pobail uile,
flatha is breithiúna uile na cruinne;
óganaigh agus maighdeana,
seanóirí agus leanaí. L.
4. Molaidís ainm an Tiarna,
mar is é a ainmsean amháin atá ardaithe.
Sáraíonn a mhaorgacht talamh agus neamh. L.
3. Sliocht as leabhar Geineasas 24:48-51.58-68
Thug Íosác grá do Ribeacá agus ar an gcuma sin fuair sé sólás tar éis bhás a mháthar.
Dúirt searbhónta Abrahám le Lábán: “Mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac. Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí – ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”
D’fhreagair Lábán agus Batúél: “Ón Tiarna é seo! ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat. Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.” Agus ghlaoigh siad ar Ribeacá agus chuir ceist uirthi: “An rachaidh tú leis an bhfear seo?” “Déanfaidh mé,” ar sí.
Scaoil siad chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear. Chuir siad beannacht ar Ribeacá agus duradar léi:
“A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol ar gheataí a naimhde.”
Ansin d’éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d’imigh.
Bhí Íosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann. Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; d’árdaigh sé a shúile agus d’fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige. Agus d’árdaigh Ribeacá a súile agus nuair a chonaic si Íosác tháinig anuas dá camall agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?” “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt.
Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é. D’inis an searbhónta do Íosác gach a raibh déanta aige. Rug Íosác Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di. Fuair Íosác sólás ar an gcuma sin tar éis bhás a mháthar.
Sin é briathar Dé.
Salm Loinneogach Sm 144:8-10.15.17-18. Fr v.9
L. Is maith é an Tiarna don uile ní.
1. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile. L.
2. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Bíonn súile cách ag feitheamh ort,
agus tugann tú bia dóibh in am tráth. L
3. Is firéanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go fírinneach. L.
4. Sliocht as leabhar Tóibít 7:6-14
Go rathaí Tiarna neimhe sibh, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh.
Agus é ag sileadh deor thug Raguéil póg do Thóibias. Dúirt se leis ansin: “Bail ó Dhia ort, a bhuachaill, a mhic an dea-athar uasail! Nach trua an scéal é gur chaill fear firéanta déirciúil mar é radharc a shúl!” Chaith sé é féin ansin ar bhráid Thóibias agus é ag gol go fuíoch agus thosaigh Eadna, a bhean chéile, agus Sara, a iníon, ag gol chomh maith mar gheall ar Thóibít.
Ina dhiaidh sin mharaigh sé reithe as an tréad agus cuireadh fáilte fhíorchaoin rompu. Tar éis dóibh iad féin a ní agus a fholcadh lig siad
fúthu ag bord.
Ansin dúirt Tóibias le Rafael: “A Azairias, a bhráthair liom, abair le Raguéil Sárá, mo bhean mhuinteartha, a thabhairt dom.” Ach chuala Raguéil an chaint sin agus dúirt sé leis an mbuachaill: “Ith agus ól agus bíodh áthas ort an oíche seo, mar níl aon fhear eile ann seachas tú féin, a bhráthair liom, a bhfuil sé de cheart aige m’iníon a fháil. Mar an gcéanna, i dtaca liomsa de, níl aon údarás agam í a thabhairt d’aon fhear eile ach duitse amháin, mar is agatsa atá an gaol is gaire liom. Mar sin féin, a mhic, caithfidh mé an fhírinne iomlán a insint duit. Is amhlaidh a thug mé mar chéile í do sheachtar fear dár mbráithre féin i ndiaidh a chéile, ach maraíodh gach duine díobh chomh luath agus a chuaigh siad isteach ina seomra an oíche sin. Ach ith agus ól leat anois, a mhic, agus cá bhfios nach dtabharfaidh an Tiarna a ghrásta agus a shíocháin duitse?”
Ach dúirt Toibias: “Ní íosfaidh ná ní ólfaidh mé dada feasta nó go ndéanfaidh tú socrú éigin i mo thaobhsa.”
“Tá go maith,” arsa Raguéil leis, “ós leatsa í do réir dlí leabhar Mhaois, ordaíonn na flaithis féin í a thabhairt duit. Mar sin de, glac cúram do mhná muinteartha ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh.”
Ansin chuir Raguéil fios ar a iníon, Sara, agus tháinig sí chuige. Rug sé greim láimhe uirthi agus thug sé do Thóibias í á rá: “Cuirim faoi do chúram í; tugann an dlí agus an reacht atá scríofa i leabhar Mhaois duit í mar bhean chéile. Tóg í; beir leat abhaile go teach d’athar í le coinsias glan agus go rathaí Dia neimhe bhur dturas.”
Chuir sé fios ar a mháthair ansin agus dúirt sé léi páipéar a thabhairt chuige. Ansin scríobh sé conradh pósta amach ag tabhairt Sara dó mar bhean chéile de réir an reachta atá i ndlí Mhaois. Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag ithe agus ag ól.
Sin é briathar Dé.
Salm Loinneogach Sm 32:12.18.20-22.Fr v.5
L. Tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.
1. Is méanar dá mbíonn an Tiarna ina Dhia acu,
an pobal a roghnaigh sé dó féin.
Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá. L
2. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Is ann a ghairdíonn ár gcroí;
is iontaoibh linn a ainm naofa. L.
3. Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
do réir an dóchais a chuirimid ionat. L.
5. Sliocht as leabhar Tóibít 8:4-8
Go bhfaighimid aois mhaith i dteannta a chéile.
Oíche an phósta dúirt Tóibias le Sárá: “Guímis agus iarraimis ar ár dTiarna trócaire a dhéanamh orainn agus sinn a shlanú.” D’éirigh sise agus thosaigh siad ag guí agus ag iarraidh go slánofaí iad agus chuir Tóibias tús ar an urnaí mar seo:
“Is beannaithe thú, a Dhia ár sinsear; go moltar d’ainm choíche agus go brách; na flaithis agus gach ar chruthaigh tú, go mola siad thú go deo. Is tusa a rinne Ádhamh; rinne tú Éabha, a bhean chéile, chomh maith chun cabhair agus cúnamh a thabhairt dó; agus is ón mbeirt seo a shíolraigh an cine daonna. Is tú a dúirt: ‘Ni maith an duine a bheith ina aonar; déanaimis céile cúnta dó cosúil leis féin.’ Mar sin de, ní le teann drúise a ghlacaim mo bhean mhuinteartha chugam mar chéile ach le croí ionraic glan.
Deonaigh trócaire a dhéanamh ormsa agus uirthi sa chaoi go bhfaighimis aois mhaith i dteannta a chéile.” Agus dúirt siad araon ansin: “Amen! Amen!”
Sin é briathar Dé.
Salm Loinneogach Sm 102:1-2.8.13 Fr v.8. Mal Fr v.17
L. Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
nó
L. Maireann buanghrá an Tiarna i gcónaí don dream ar a mbíonn a eagla.
1. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
is ná déan dearmad dá thíolacthaí go léir. L.
2. Is grámhar trócaireach é an Tiarna,
foighneach agus lán de cheansacht.
Amhail is trua leis an athair a chlann,
is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe. L.
3. Maireann buanghrá an Tiarna i gcónaí
don dream ar a mbíonn a eagla,
agus a fhíréantacht do chlann a gclainne,
nuair a choinníonn siad a chonradh go dílis. L.
6.Sliocht as leabhar na Seanfhocal:31:10-13,19-20,30-31
Is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
Bean chéile gan cháim, cé ar feidir leis í a fháil?
Is luachmhaire í ná péarlaí. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,
agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil.
Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha. Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsaid. Caitheann sí go rial leis an duine dearóil, agus tugann sí deirc don duine bocht. Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
Sin é briathar Dé.
Salm Loinneogach Sml27:l-5.Frv.l
L. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlite.
1. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tú go sona séanmhar. L.
2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird. L.
3. Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
Gach lá de do shaol. L
7. Sliocht as Laoi na Laoithe 2:8-10.14.16;8:6-7
Ní láidre an bás ná an grá.
Éist! mo ghrá! Chugainn é thar bharr na gcnoc ag léim na ngleannta.
Cosúil mo ghrá le heilit nó le fia óg ag léim.
Sin é lasmuigh anois é, ag féachaint isteach an fhuinneog, Ag faire agus ag glinniúint. Seo é mo ghrá ag labhairt liom:
“Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom. Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis.”
Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise.
Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh.
Óir ní láidre an bás ná an grá, Ní doichte an tÉad ná Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.
Díle uisce ní mhúchfadh an grá, ná tuile abhann ní scuabfadh chun siúil é.
An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá, tarcaisne a gheobhadh sé.
Sin é briathar Dé.
SalmLoinneogach: Sm 127:1-5. Fr v.l. Mal Fr v.4
L. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna.
nó
L. Is amhlaidh a bheannófar an fear ar a mbíonn eagla an Tiarna.
1. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tú go sona séanmhar. L.
2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird. L.
3. Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
gach lá de do shaol! L.
8. Sliocht as leabhar Síorach 26:1-4.13-16
Mar an ghrian ag éirí is ea is áille dea-mhná I detach dea-riartha.
Is méanar don fhear a bhfuil bean chéile mhaith aige; méadofar líon a laethanta faoi dhó.
Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear, agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.
Tabhartas breá is ea bean chéile mhaith; bronnfar í mar chuid an te a bhfuil eagla an Tiarna air.
Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sásta; agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gconaí.
Is geal le fear grástúlacht a mhná, agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.
Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal; ní féidir luach a chur ar mheon deá-mhúinte.
Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil; ní féidir aigne gheanmnaí a mheá mar is dual.
Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna, is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.
Sin é briathar Dé
Salm Loinneogach Sm 33:2-9. Fr v. 2. Mal Fr v. 9
L. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth.
Nó
L. Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
1. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna;
cluineadh lucht na huirisle agus déanaidís lúcháir. L.
2. Móraigí an Tiarna mar aon liom,
agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna agus d’fhreagair sé mé,
agus shaor mé ar gach uile eagla. L.
3. Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar
oraibh
is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é,
agus shaor sé é óna anacraí go léir. L.
4. Cuireann aingeal an Tiarna campa
thart timpeall lucht a eaglaithe, is fuasclaíonn iad.
Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
Is aoibhinn don fhear a thriallann chuige. L.
9. Sliocht as leabhar Irimia fáidh 31:31-34
Déanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael agus le teach Iúdá
Féach, tá na laethanta ag teacht – an Tiarna a labhraíonn — a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael agus le teach Iúdá,
ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n-aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte.
Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cerbh é an máistir — an Tiarna a labhraíonn.
Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin — an Tiarna a labhraíonn. Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: “Bíodh aithne ar an Tiarna agat!” Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó — an Tiarna a labhraíonn – óir maithfidh mé a n-éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.
Sin é briathar Dé.
Salm Loinneogach Sm 111:1-9. Fr v. 1
L. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Nó
L. Alleluia!
1. Is aoibhinn don fhear ar an mbíonn eagla an Tiarna,
a thugann taitneamh dá aitheanta uile.
Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh;
is beannaithe iad clann an duine fhíréanta. L.
2. Bíonn maoin is maitheas ina theaghlach;
mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
Lonraíonn sé sa dorchacht do dhaoine cneasta:
is trócaireach é, is fial, is ionraic. L.
3. Bíonn an dea-dhuine carthanach airleacthach,
riarann sé a ghnó go ceart onórach.
Ní chorrófar an firéan choíche:
mairfidh a chuimhne go brách na breithe. L.
4. Ní chuirfidh drochscéal eagla air;
is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
Is dílis daingean a chroí gan eagla;
feicfidh sé a naimhde is iad á dtreascairt. L.
5. Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair.
Maireann a fhéile go brách is choíche.
Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar. L.
Tá an léacht seo oiriúnach do Thráth na Cásca.
10. Sliocht as leabhar an Apacailipsis 19:1.5-9
Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.
Ina dhiaidh sin chuala mise, Eoin, mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá: “Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.”
Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhór.”
Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór tóirní tréine, agus iad a rá: “Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim. Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin. Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach, óir is iad oibreacha firéantachta na naomh an línéadach mín.” Agus dúirt an t-aingeal liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.”
Sin é briathar Dé.
Salm Loinneogach Sm 148:1-4.9-14. Fr v. 12
L. Molaidís ainm an Tiarna.
Nó
L. Alleluia!
1. Molaigí an Tiarna ó na flaithis,
molaigí sna harda é.
Molaigí é, a aingle uile leis,
molaigí é, a armshlua uile leis. L.
2. Molaigí é, a ghrian is a ghealach,
molaigí é, a realtaí soilseacha uile.
Molaigí é, a fhlaitheasa na bhflaitheas,
agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas. L.
3. A shléibhte agus a chnoca uile,
a chranna toraidh agus a chranna céadrais go léir,
a ainmhithe allta agus a bheithíocha uile,
a phiasta agus a éanacha eiteacha. L.
4. Ríthe na cruinne is na pobail uile,
flatha is breithiúna uile na cruinne;
ógánaigh agus maighdeana,
seanóirí agus leanaí. L.
5. Molaidís ainm an Tiarna,
mar is é a ainmsean amháin atá ardaithe.
Sáraíonn a mhaorgacht talamh agus neamh. L.
AN DARA LÉACHT AS AN TIOMNA NUA
8:31-35.37-39
1. Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh
Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn?
Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?
Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? Ach sna cursaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás na beatha, aingil na prionsaí na cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.
Sin é briathar Dé.
2. Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh
Déanaigí sibh féin a thoirbhirt do Dia in bhur n-íobairt bheo naofa thaitneamhach.
A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís an Tiarna. Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.
Beannaigí bhur ngéarleantoirí – is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta. Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin. Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirígí teann as bhur gcuid gaoise féin. Ná himrígí cor in aghaidh an chaim ar aon duine ach an rud uasal a bheith mar aidhm agaibh os comhair an tsaoil. Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile.
Sin é briathar Dé.
Leagan gearr
Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh 12: 1-2.9-13
Déanaigí sibh féin a thoirbhirt do Dia in bhur n-íobairt bheo naofa thaitneamhach.
A bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta. Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith. Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile; bígí dúthrachtach gan leisce, ar lasadh leis an Spiorad, agus ag seirbhís an Tiarna.
Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh, ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.
Sin é briathar Dé.
3. Sliocht as litir N. Pól chuig na Romhanaigh 15:lb-3a,5 7,13
Go dtuga Dia na foighne daoibhse a bheith báúil le chéile.
Ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa d’fonn é a neartú. Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost.
Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile do réir mheon Chríost Íosa ar shlí go mbeidh sibh d’aontoil agus d’aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost. Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé.
Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
Sin é briathar Dé.
4. Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Corantaigh: 6:13-15.17-20
Is teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh.
Ní don drúis atá an corp ann ach don Tiarna, agus is don chorp atá an Tiarna ann. Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. Nach bhfuil fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp?
An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d’aon spiorad leis.
Seachnaigí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh an choirp féin a pheacaíonn fear na drúise.
Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.
Sin é briathar Dé.
5. Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Corantaigh 12:31 – 13:8
Má táim gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.
Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táimse chun ríbhealach a thaispeáint daoibh.
Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh.
Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d’aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.
Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d’fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne. Ní rachaidh an grá i léig go deo.
Sin é briathar Dé.
6. Sliocht as litir N. Pól chuig na hEifisigh 4:1-6
Déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.
Táim ag impí oraibh, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí do réir na gairme atá faighte agaibh agus sibh a bheith lán d’uirísle, de láchas agus d’fhoighne.
Cuirigí suas go carthanach le chéile agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána. Aon chorp amháin agus aon Spiorad amháin atá ionaibh faoi mar nach bhfuil ach aon dóchas amháin agaibh ó fuair sibh bhur ngairm ó Dhia. Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin. Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.
Sin é briathar Dé.
7. Sliocht as litir N. Pól chuig na hEifisigh 5 : 2. 21-33
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.
Mairigí do réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son. Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost. Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna, mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanna bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.
A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d’fhonn i a choisreacan do Dhia. Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce d’fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.
Go deimhin, tá d’fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an te a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, de bhrí gur baill dá chorp sinne. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais. Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean omós dá fear.
Sin é briathar Dé.
Leagan gearr
Sliocht as litir N. Pól chuig na hEifisigh 5:2.25-32
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.
Mairigí do réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.
A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d’fhonn í a choisreacan do Dhia. Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce d’fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.
Go deimhin, tá d’fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, de bhrí gur baill dá chorp sinne. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”
Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.
Sin é briathar Dé.
8. Sliocht as litir N. Pól chuig na Colosaigh 3:12-17
Mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.
Ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua chroí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne. Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna. Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán. Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.
Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur mease. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.
Agus gach ní a dhéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t-iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.
Sin é briathar Dé.
9. Sliocht as litir N. Pól chuig na Filipigh 4:4-9
Beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí.
Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna. Ná bígí imníoch faoi rud ar bith; ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.
Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n-aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh.
Sin é briathar Dé.
10. Sliocht as an litir chuig na hEabhraigh 13:l-4a,5-6b
Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh.
Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí; ná déanaigí dearmad ar an bhféile a chleachtadh. Óir, mar gheall ar a bhféile bhí daoine áirithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios dóibh. Cuimhnigí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnigí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.
Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.” Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm.”
Sin é briathar Dé.
11. Sliocht as céad litir N. Peadar 3 : 1-9
Bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre.
A mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban, nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n-iompar urramach geanmnaí.
Narb í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram, ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé. Na mná naofa fadó, iadsan a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear. Sin mar a bhí ag Sara a bhí umhal d’Abrahám, ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.
Mar an gcéanna libhse, a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná do réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha, ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n-urnaithe.
Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon. Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.
Sin é briathar Dé.
12. Sliocht as céad litir N. Eoin 3:18-24
Tugaimis grá gnímh agus fírinne.
A chlann liom,
ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.
Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn.
Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, do réir mar a d’ordaigh seisean dúinn.
An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnimid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
Sin é briathar Dé.
13. Sliocht as céad litir N. Eoin 4:7-12
Is é Dia an Grá.
A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.
An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.
Mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc gur sheol sé a AonMhac sa saol le go mairimis-ne trídsean.
Seo é grá Dé —
ní gur thugamarna grá do Dhia ach gur thug seisean grá dúinne agus gur sheol uaidh a Mhac go mbeadh ina íobairt shásaimh ar ár bpeacaí.
A chairde cléibh, ós fíor gur thug Dia grá dúinne nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.
Ní fhaca aon duine Dia riamh.
Má thugaimid grá dá chéile maireann Dia ionainn agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá.
Sin é briathar Dé.
An Soiscéal
1 Eo 4:8.11
1. Comhgháir an tSoiscéil
Alleluia, alleluia!
Is é Dia an Grá.
Ós fíor gur thug Dia grá dúinne,
nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Mhatha 5:1-12
Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.
Nuair a chonaic Íosa na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:
“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.
Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.
Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.
Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.
Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.
Is méanar dóibh seo a d’fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sort drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.”
Sin é Soiscéal an Tiarna.
2. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo 4:12
Alleluia, alleluia!
Má thugaimid grá dá chéile
maireann Dia ionainn
agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Mhatha 5:13-1
Is sibhse solas an domhain.
Dúirt Íosa lena dheisceabail: “Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar de chosa ann.
Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic, ní féidir í a cheilt. Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas da mbíonn sa teach.. Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.”
Sin é Soiscéal an Tiarna.
3. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo 4:16
Alleluia, alleluia!
An té a mhaireann sa ghrá
maireann i nDia
agus maireann Dia ann.
Alleluia!
Sliocht as an soiscéal naofa do réir Mhatha 7:21.24-29
Thóg sé teach dó féin ar an gcarraig.
Dúirt Íosa lena dheisceabail: “Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m’Athar atá ar neamh.
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach dó féin ar an gcarraig: thit an bhaisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.
“Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”
Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar a bheadh duine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus a scríobhaithe féin.
Sin é Soiscéal an Tiarna.
Leagan gearr
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Mhatha 7:21.24-25
Thóg sé teach dó féin ar an gcarraig.
Dúirt Íosa lena dheisceabail: “ Ní hé gach aon duine a deir liom: “A Thiarna, a Thiarna!” a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m’Athar atá ar neamh.
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach dó féin ar an gcarraig: thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus ghabh siad ar an teach sin, ach níor thit sé, mar bhí bonn carraige faoi.
Sin é Soiscéal an Tiarna.
4. Comhghair an tSoisceil 1 Eo 4:7
Alleluia, alleluia!
An té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é,
agus aithníonn sé Dia.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Mhatha 19:3-6
An ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.
Tháinig Fairisinigh chuig Íosa agus dúirt leis, ag baint trialach as:
“An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?”
D’fhreagair sé agus dúirt:
“Nár léigh sibh go ndearna an cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann agus go ndúirt: ‘Mar gheall ar sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’ Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.”
Sin é Soiscéal an Tiarna
5. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo 4: 8-11
Alleluia, alleluia!
Is é Dia an Grá.
Ós fíor gur thug Dia grá dúinne
Nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Mhatha 22: 35-40
Is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne; agus is cosúil léise an dara ceann.
Chuir dlíodóir ceist ar Íosa ag baint trialach as: “ A Mháistir, cén aithne mhór sa dlí?”
Dúirt sé leis: “ Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’ —is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”
Sin é soiscéal an Tiarna.
6. Comhghair an tSoisceil 1 Eo 4:7
Alleluia, alleluia!
An té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é,
agus aithníonn sé Dia.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Mharcais 10:6-9
Ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin.
San am sin dúirt Íosa: “Ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann; mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.”
Sin é Soiscéal an Tiarna.
7. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo4:12
Alleluia, alleluia!
Má thugaimid grá dá chéile
maireann Dia ionainn
agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Eoin 2:1-11
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl.
San am sin bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann. Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail. Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le hÍosa: “Níl aon fhíon acu.” Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m’uairse tagtha fós.” Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.” Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh do réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann. Dúirt Íosa leo: “Líonaigí na soithí suas le huisce.” Agus líon siad go béal iad.
Dúirt sé leo:
“Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é.”
Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, agus dúirt leis: “Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois.”
Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.
Sin é Soiscéal an Tiarna.
8. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo4:16
Alleluia, alleluia!
An té a mhaireann sa ghrá
maireann i nDia
agus maireann Dia ann.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Eoin 15:9-12
Fanaigí i mo ghrá.
Dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá.
Má choinníonn sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar, agus fanaim ina ghrá. Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-se iomlán.
Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.”
Sin é soiscéal an Tiarna.
9. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo 4:4.11
Alleluia, alleluia!
Is é Dia an Grá.
Ós fíor gur thug Dia grá dúinne,
nach mithid dúinne grá a thabhairt dá chéile.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Eoin 15: 12-16
Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile.
Dúirt Íosa lena dheisceabail:
“ Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh. Níl grá ag aon duine níos mó ná seo: go dtabharfadh duine a anam ar son a chairde.
Sibhse mo chairde, má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir.
Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh,
agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d’iarrfadh sibh ar an Athair i m’ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.”
Sin é soiscéal an Tiarna.
10. Comhgháir an tSoiscéil 1 Eo 4:12
Alleluia, alleluia!
Má thugaimid grá dá chéile
maireann Dia ionainn
agus is lánfhoirfe ionainn a ghrá.
Alleluia!
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Eoin 17:20-26
Go mba aon iad go foirfe.
Ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas d’Íosa, dúirt sé
“A Athair naofa, ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar;
ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa;
go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh. A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an glóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.
A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé. Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d’ainm, ionas, an grá a thug ní dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”
Sin é Soiscéal an Tiarna.
Leagan gearr
Sliocht as an Soiscéal naofa do réir Eoin 17:20-23
Go mba aon iad go foirfe.
Ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas d’Íosa, dúirt sé agus é ag guí:
“A Athair naofa, ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar;
ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.
Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;
mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé,
agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa.”
Sin é Soiscéal an Tiarna..
Samplaí de Ghuí an Phobail
Ní miste cuid díobh seo a roghnú nó cinn eile mar iad a chumadh.
Nuair a bhíonn ábhar ghuí an phobail a shocrú, ba chóir cuimhneamh air go bhfuil urnaí le déanamh ar son na hEaglaise, ar son na n-údarás sibhialta, ar son lucht anró de gach sórt, ar son slánú an chine dhaonna, chomh maith leis an lánúin nuaphósta féin.
Ceannaire Guímis anois ar son na lánúine nuaphósta, ar son daoine pósta i ngach áit, ar son na hEaglaise, agus ar son an tsaoil mhóir.
Cúntóir : Ar son A. agus A., go ndéana an Tiarna, a bhronn áthas an lae seo orthu, iad a choimeád go dlúth le chéile i ndílse agus i ngrá go deo. A Thiarna, éist linn.
P A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son tuismitheoirí A. agus A., ar son a gcairde, agus ar son gach duine a chabhraigh leo an pósadh Críostaí seo a chur i gcrích.
A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son an tsaoil mhóir, agus ar son an uile dhuine, go gcuire Dia a shíocháin mar bheannacht orthu agus a ghrá mar dhídean.
A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son ár muintire féin, agus ar son ár dteaghlach, a fháiltíonn roimh Chríost in imeachtaí an lae, go gcuire siad aithne air agus fáilte roimhe faoi chló na mbocht agus na ndearóil. A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son na hEaglaise, céile Chríost, go raibh sí aontaithe sa chreideamh agus sa ghrá. A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son cách atá faoi leatrom, agus ar son na muintire in éamais grá agus cúraim.
A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son lánúineacha pósta, cibé áit ina bhfuil siad, go raibh a saol ina shampla aontais, dílseachta agus grá dúinn go léir. A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son gach aon duine atá ag caoineadh agus sinne ag gáire, go raibh misneach agus sólás ó Dhia acu. A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Cúntóir : Ar son ár gcairde atá ar shlí na firinne, agus ar son na marbh go léir, go rabhaimid i dteannta a chéile arís in aoibhneas na bhflaitheas. A Thiarna, éist linn.
P: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Ceannaire : A Dhia, a Athair linn, agus a Chruthaitheoir gach uile mhaith, éist leis na hachainíocha seo a dhéanaimid le teann muiníne in Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna.
P: Amen.
2
Ceannaire: Guímis :
Ag an bpósadh a bhí i gCána, bhí Rí na nGrás ann i bpearsa. larraimis air an lánúin seo a bheannú, faoi mar a bheannaigh sé an bhainis úd sa Ghailíl.
Brídeog : A Íosa, a Mhic Mhuire, Déan trócaire orainn.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Fear : Bí um thús ár slí, Bí um chríoch ár saoil.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Brídeog : Bí ag múscailt ár mbeatha, Bí ag dubhadh ár lae.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Fear : Bí romhainn agus linn, Go deireadh ár ré.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Brídeog : Coisric sinn, Cor agus crann.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Fear : Coisric sinn, Corp agus cuid.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Brídeog : Coisric sinn, Croí agus cré.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Fear : Ár gcroí is ár gcré, Gach lá duit féin.
Pobal : A Rí na Rí, A Dhia na nDúl.
Athair na Brídeoige : Bua ratha daoibh, Bua mac is iníonacha daoibh, Bua mara is tíre daoibh.
Máthair na Brídeoige : Bua grá daoibh, Bua dílse daoibh, Bua Flaithis daoibh, Bua lae is oíche daoibh.
Athair an Fhir : Maitheas mara daoibh, Maitheas tailimh daoibh, Maitheas Neimhe daoibh
Máthair an Fhir : Gach lá sona daoibh, Gan lá dona daoibh, Onóir is urraim daoibh, Grá gach duine daoibh.
Ceannaire: A Dhia shíoraí uilechumhachtaigh, dearc anuas ar do sheirbhísigh A. Agus A., atá aontaithe sa phósadh anseo inniu, agus tabhair dóibh, as ucht a ngrá dá chéile, go mairfidh a ngrá duitse go buan.
A Dhia shiorai uilechumhachtaigh,
dearc anuas ar do sheirbhisigh A. agus A., ata aontaithe sa phosadh anseo inniu, agus tabhair doibh, as ucht a ngra da cheile, go mairfidh a ngra duitse go buan.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.