Léachtaí anAifrinn, 19 Márta 2017 | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht                  Exodus 17:3-7
Tabhair dúinn uisce le hól

Bhí íota tarta ar an bpobal agus rinneadar monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad chuige ar thug tú amach as an Éigipt sinn?” ar siad. “An d’fhonn go gcuirfeá sinn féin agus ár gclann agus ár stoc chun báis le tart?” Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “

An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”

SALM LE FREAGRA.          Sm 94
Freagra :                                 Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:  ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’

1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna,     tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.     Tagaimis ina láthair le moltaí,    déanaimis gairdeas dó le laoithe.                              Freagra

2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis,    feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.    Óir is é ár nDia é, agus is sinne    pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh.                  Freagra

3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu:    ‘Na calcaigí bhur gcroí mar a tharla i Meríba,    mar a tharla an lá úd ag Masá san fhásach    mar ar chuir bhur n-aithreacha cath orm,    mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’   Freagra

An Dara Léacht                    Rómhánaigh 5:1-2. 5-8   
Tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn

Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhíomar fós lag, fuair Críost bás i dtráth ar son drochdhaoine. Is ar éigean a gheobhadh fear bás ar son duine chóir féin – is ea, b’fhéidir go mbeadh sé de chroí aige bás a fháil ar son dea-dhuine. Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.

Comhghair an tSoisceil  Eo 4:42, 15
A Thiarna, is tú dáiríre Slánaitheoir an tsaoil;
tabhair dom on t-uisce beo i dtreo nach mbeidh tart orm choíche.

An Soiscéal                          Eoin 4:5-42
Tobar uisce ag brúchtail chun na beatha síoraí.

San am sin tháinig Íosa mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. D’fhreagair Íosa:

“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:‘ Tabhair dom deoch,’is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,agus thabharfadh sé duit uisce beo.”

“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain.Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo?An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athairIacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”D’fhreagair Íosa:

“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi,
“beidh tart arís air.Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó,ní bheidh tart air go brách na breithe.Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó,déanfaidh tobar uisce de istigh ann,ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”

Dúirt an bhean leis:

“A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidhtart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”Dúirt sé léi:“Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.”D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,”ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;óir bhí cúigear fear agatagus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”

Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.” Dúirt Íosa léi:

“Creid uaimse é, a bheango bhfuil an uain ag teachtnuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;adhraimidne an ní is eol dúinn;mar is ó na Giúdaigh an slánú.Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,ina ndéanfaidh lucht an fhíoradharthaan tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.Spiorad é Dia, agus lucht a adharthais i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”

Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” – is é sin le rá an Críost – “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”

Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.

Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” Dúirt Íosa leo

“Is é is bia domsatoil an té a chuir uaidh mé a dhéanamhagus a obair a chur i gcrích.Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eileagus beidh an fómhar ann’?Seo mise á rá libh:Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;tá siad geal chun an fhómhair.Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin,agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóiragus ar an mbuanaí in éineacht.Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:‘ Cuireann duine, baineann duine eile.’Sheol mise sibhse uaimchun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.Shaothraigh daoine eile é,agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”

Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá. Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”

© Cumann na Sagart 2017