Léachtaí an Aifrinn, Lá le Phádraig 17 Márta 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

N. Pádraig, Easpag
Príomhéarlamh Eireann

An Chéad Léacht:      Slíocht as leabhar Amós 7: 12-15
Is é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleach.

Dúirt Amaiziá le hAmós: “Imigh leat a fhísí, fill ar thír Iúdá; saothraigh do chuid aráin ansin, déan do chuid tairngreachta ansin. Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.”
Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar; ach ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht agus ba é a dúirt liom: ‘Téigh agus tairngir do mo phobal Iosrael.’”

Salm Loinneogach:    Salm 138: 1-3.7-10.13-14. L v.9-10 Freagra                           Ma ghabhaim cónaí i gcríocha imchiana na farraige
ansin féin beidh tú ag tabhairt aire dom.

1. Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé.
más luí dom, más suí dom, is eol duit é;
is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.
Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;
is eol duit mo shlite go léir.                                               Freagra 

2. Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?
ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?
Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;
má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.      Freagra 

3. Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,
agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,
ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;
agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.                       Freagra 

4. Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;
agus a d’fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;
de bhrí gurb éachtach iad d’oibreacha.                           Freagra 

An Dara Léacht:          N, Pól chuig na Teasalonaigh 2:2-8
De bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram

Bhí drochíde agus tarcaisne faighte i bhFilipí againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach
fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse d’ainneoin fhreasúra
láidir. Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a
mhealladh a bhíomar; ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram,
craolaimid é dá réir, ní d’fhonn daoine a shásamh ach d’fhonn Dia a shásamh, mar is
eisean a phromhann ár n-intinn. Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh
riamh, agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta
ó dhaoine, uaibhse ná eile, cé go bhféadfaimis bheith teann oraibh mar thoscairí ó
Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú
a páistí. Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh

Comhgháir an tSoiscéil:       Lc 4:18-19

Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Chuir an Tiarna uaidh mé
ag tabhairt an dea-scéil do na bochtáin,
ag fógairt a scaoilte do bhraighde.
Gloir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!

An Soiscéal:                         Lúcáis 5:1-11
Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé. Dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort.”

Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí Íosa ina
sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit, agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar
chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta.
Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d’iarr air tarraingt amach beagán ón
talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád. Nuair a stad sé
den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach
bhur líonta ag iascach.” D’fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche
go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d’fhocalsa, cuirfidh mé
amach na líonta.” Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta
ag briseadh, agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu.
Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi. Nuair a chonaic Síomón
Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach
mé.” Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad
agus mar an gcéanna do Shéamas agus d’Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón.
Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a
ghabháil.” Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d’fhág siad gach uile ní agus lean é.

© Cumann na Sagart 2017