Léachtaí an Aifrinn, 7 Feabhra 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:         Íseáia 6:1-8
Seo anseo mise, cuir mise!


A
n bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard agus an sanctóir líonta lena scuaine: bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d’eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.

Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:

“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.
Tá an talamh lán dá ghlóir.”

Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á
líonadh le deatach.

Arsa mise:
Is mairg dom, tá mé caillte,
óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,
tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan
agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir. Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:

“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,
tá do pheaca scriosta,
tá d’urchóid clúdaithe.”

Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:

“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”

D’fhreagair mise:

“Seo anseo mise, cuir mise!”

SALM LE FREAGRA.        Sm 137 Freagra                                 I bhfianaise na n-aingeal móraim thú, a Thiarna.

I. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán
mar gur éist tú e briathra mo bhéil.
I bhfianaise na n-aingeal móraim thú;
sléachtaim i dtreo do theampaill naofa.        
Freagra

2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílse,
mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú.
Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom,
agus thug tú neart breise do m’anam.         
Freagra

3. Molfaidh ríthe na cruinne go léir thú
nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
Canfaidh siad slite an Tiarna:
‘Nach mór í glóir an Tiarna!’                         
Freagra

4. Leathann tú do lámh in aghaidh fhearg mo naimhde;
tarrthaíonn do dheaslámh mé.
A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí;
ná tréig obair do lámh.                                
  Freagra

AN DARA LÉACHT              1Coirintig 15:3-8. 11
Sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

A
 bhráithre, ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d’fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de. Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é – ach mura in aisce a chreid sibh.

Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne. Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail – ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.
____________________________________

AN DARA LÉACHT (Shorter Version )  (Please translate)          1Coirintig 15:3-8. 11
Sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

T
hug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne. Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail – ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.
______________________________

Alleluia Véarsa   Eo 6: 63, 68

Alleluia, alleluia!
Is spiorad agus is beatha iad d’focail .
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

AN SOISCÉAL: Lúcás 5:1-11
d’Fhág siad gach uile ní agus lean é.

A
on lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit, agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta. Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d’iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.” D’fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d’fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.” Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh, agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.

Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad agus mar an gcéanna do Shéamas agus d’Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.” Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d’fhág siad gach uile ní agus lean é.

© Cumann na Sagart 2017