Léachtaí an Aifrinn, 6 Márta 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT:         Iósua 5:9-12 Choimeád  muintir Iosrael an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí.

Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin rinne mé aithis na hÉigipte a dhíbirt uaibh.”

Uime sin tugadh Gilgeál ar an áit go dtí an lá atá inniu ann. Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó. Amárach na Cásca, an lá sin díreach, d’itheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha. As sin ar aghaidh, ón uair a d’itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d’itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.

SALM LE FREAGRA.        Sm 33
Freagra :                            Blaisigí agus feachaigí a fheabhas atá an Tiarna.

I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna:
cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir.         
Freagra

2. Móraigí an Tiarna mar aon liom,
agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna is d’fhreagair sé mé,
agus shaor mé ar gach uile eagla.                               
Freagra

3. Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh
is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniséoir is chuala an Tiarna é,
agus shaor sé é óna anacraí go léir.                            
Freagra

 AN DARA LÉACHT:           2Coirintigh 5:7-21
Is é Dia a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost

Aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaitheas an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.Is é Dia a thug an t-iomlán igcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a d’fhág ant-athmhuintearas ina chúram orainne.Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gurfúinne a d’fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí.Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.Mar an té údnárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d’fhonn go ndéanfaí dínnefíréantacht Dé ann.

Véarsa        Lc  15. 18

Cuirfidh mé chun bóthair agus ráchaidh me chun m’athar agus dearfaidh me leis:
‘A athair. pheacadh mé in aghaidh na bhfaitheas agus i do láthairse.’

AN tSOISCÉAL:                     Lúcás 15:1-3.11-32
Bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís.

San am sin bhí na poibleacánaigh agus na peacaigh, uile ag teacht ina ghar chun bheith
ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”

Agus labhair sé an parabal seo leo:

“Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatar thu. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d’imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach. Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa. D’imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún éag aoireacht mhuc. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d’itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m’athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m’athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus I do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’ Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair.

Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga. Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’  Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa, agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

“Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d’fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun. Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d’athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’ Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air. Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.  Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’  Ach dúirt sé leis:

‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat;  ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís,  bhí sé caillte agus fuarthas é.’”

© Cumann na Sagart 2017