Léachtaí an Aifrinn, 3 Meitheamh 2018

Sollúntas Corp Chríost


CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Exodus  24:3-8
Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh.

Tháinig Maois agus d’aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D’fhreagair an pobal go léir d’aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.” Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d’éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael. Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.

Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir. Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.” Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.” 

Briathar Dé

Salm le Freagra                     Sm 115 Freagra                                    

Glacfaidh mé cupán an tslánaithe; agus gairfidh mé ar ainm an Tiarna.
Malairt Freagra                  Alleluia!

1. Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
ina ndearna sé dom?
Glacfaidh mé cupán an tslánaithe;
agus gairfidh mé ar ainm an Tiarna.           
Freagra

2. Is luachmhar i bhfianaise an Tiarna
bás a chuid naomh.
A Thiarna, is mise do ghiolla;
scaoil tú mo chuibhreacha díom.             
    Freagra

3. Ofrálfaidh mé duit íobairt an mholta,
gairfidh mé ar ainm an Tiarna.
Comhlíonfaidh mé ar mhóidigh mé don Tiarna
i láthatr a phobail go léir.                              
Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Eabhraig         9:11-15
Glanfaidh fuil Chríost ár n-anam ó pheacaí marfacha.

A bhráithre, tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í. Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn. Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad. Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d’ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.

Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.

Briathar Dé

 Rosc

Gabh ag moladh an tSlánaitheora, a Sión, mol an t-aoire, an treoraí in iomainn is i gcaintici.

Moltar leat le dicheall cr01 é, mar gach moladh sháraigh Iosa, is ni leor do ghradam dó.

Abhar speisialta molta farat arán beo agus iOn na beatha go sonrách an taca seo.

An t-arán is léir gur dáileadh do dhilbhuion an dáréag bráthar i naomhphroinn na heaspartan.

Moladh iomián dó, moladh ceolmhar, lúcháir dhilis chroiúil chórach, ardach aoibhinn aigne.

Mar i gcuimhne chruinn an lae seo céadchaitheadh proinn na féile a bunaiodh ar mhaithe linn.

Sa phroinn sin an nuareachta is an nuaRi, chuir nuaPhasca deireadh leis an seanreacht.

Chuir an nuaiocht an ruaig ar àrsacht, chuir an fhire ar dibirt scáthacht, chuir an la an oiche in anbhroid.

An t-éacht a rinne Criost ag bord ann, ina dhilchuimhne dOinne d’ordaigh é a dhéanamh fairis sin.

Ag géileadh d’ordú an té a thug grá dOinn arán is fíon go fíor sacrálamin iobartach ãr leasaithe.

Alt dãr gcrideamh fíor go ndéantar feoil de arán, den fhíon full cheart, don Chriostal mar a theagasctar.

An rud nach bhfeictear is nach smaoinítear le dlúthchreideamh daingnítear thar ghnáthréim an aiceanta.

Ceiltear faoi éagsúlacht gnéithe, faoi chomharthai nach nithe in aon chor, seoda caoine rafara.

Feoil an t-arán, fuil an fíon ann, in iomláine fanann Criost ann faoi gach gné go dearfa.

An caitheoir, gan roinnt gan pléascadh, gan aon bhriseadh, gan aon réabadh, glacann slãn an tabhartas.

Glacann duine é, glacann míle, ní mó cion slua de nã cion aointhir, nã ní idíonn caitheamh é.

Glacann daoine, an t-oic is an maith, é, glacann fós faoi mhalairt ratha é, bheireann bás nó beatha dóibh.

Don dea-fhear beatha, bás don drochihear dáiltear;féach nach ionann toradh, cé gurb ionann caitheamh dóibh.

An tsacraimint faoi dheoigh ma bhristear, creid go bhfaightear i ngach giota an méid go cruinn a bhi san uile, an t-iomlán gan easnamh.

Ar aon ní ní théann an briseadh, ach amháin ar chomharthaí nithe, a d’fhág an ní faoin gcomhartha againne slAn i gcló is i gcalmacht.

Féach, arán na n-aingeala thabhairt mar bhia don slua ar marthain:arán is taca is is lón na leanaí nach caite chun na madraí.

Is lêir a réamhchomharthaí le hinsint:Isác ma iobartach mar a síneadh, uan na Cásca mar a ídítí, mar a dháiltí manna ó fhlaitheasa.

A Aráin chirt, a Aoire dhiis, dáil do thrócaire orainn, a iosa, beathaigh sinn, tabhair lón an chroi dúinn, las le do thaitneamhacht ár n-intinn sa saol úd thall na marthana.

A Rí na gcumhacht, an uile Os léir duit,ós ár lón thO ar an saol seo, bimis is na naoimh le chéileinár gcomhoidhrí ar do naomhríocht ag an bhfleá in ardbhrú parthais.

Amen! Alleluia!

SOISCÉAL     

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas        14:12-16. 22-26
Is é seo mo chorp. Is .í seo m’fhuil.

Ar an gcéad lá d’fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail le h Íosa: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?” Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n-ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’ Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.” D’imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d’ullmhaigh siad an cháisc.

Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.” Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d’ól siad go léir as. Agus dúirt sé leo: “Is í seo m’fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán. Deirim libh go fírinneach, nach n-ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2018