Léachtaí an Aifrinn, 25 Feabhra 2018

CÉAD LÉACHT     

 Sliocht as an céad leabhar Genesis                     22:1-2. 9-13. 15-18
Íobairt Abráhám, ár n-athair sa chreideamh.

Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean.  “Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d’aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”

Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t-adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú.

Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.” Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d’aonmhac, dom.” Ansin d’ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d’ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.

Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh:  “Mhionnaigh mé dar mise féin – focail an Tiarna iad seo – ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d’aonmhac féin, dom, dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra                    Sm 115
Freagra:
                                    Siúlfaidh me i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.

1. Bhí muinín agam fiú nuair a dúirt mé:
‘Táim do mo bhuaireamh go mór.’
Is luachmhar i bhfianaise an Tiarna
bás a chuid naomh.                               
Freagra

2. A Thiarna, is mise do ghiolla;
scaoil tú mo chuibhreacha díom.
Ofrálfaidh mé duit íobairt an mholta,
gairfidh mé ar ainm an Tiarna.       
    Freagra

3. Comhlíonfaidh mé ar mhóidigh mé don Tiarna
i láthair a phobail go léir,
i gcúirteanna theach an Tiarna,
i do lár baill, a Iarúsailéim                   
Freagra

DARA LÉACHT         

Sliocht as litir N.Pól chuig na Rómhánaigh              8:31-34
Níor lig Dia uaidh a Mhac Féin.

A bhráithre, má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?  Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?

Briathar Dé.  

Comhgháir an tSoiscéil                          Mth 17:5

Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De! 
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!

SOISCÉAL           

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh  Marcas      9:2-10
Is é seo mo Mhac muirneach.

San am sin rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a 

súl, agus d’éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad. Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis. Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir, “ ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias” – mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu. Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!” Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar.

Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh. Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2018