Léachtaí an Aifrinn, 2 Aibreán 2017 | Baile | Cumann na Sagart

AN CUIGIU DOMHNACH DEN CHARGHAS

An Chéad Léacht          Ezícéal 37:12-14 
Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a phobal liom, tá m

é chun bhur n-uaigheanna a oscailt, chun sibh a thabhairt aníos as bhur n-uaigheanna, agus seolfaidh mé abhaile sibh go tír Iosrael. Tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a osclóidh mé bhur n-uaigheanna, nuair a thabharfaidh mé aníos sibh as bhur n-uaigheanna, a phobal liom. Cuirfidh mé mo spiorad ionaibh agus beidh sibh beo, agus socróidh mé sibh síos in bhur dtír féin. Ansin a thuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, a labhair, agus gur mise a rinne é – an Tiarna a labhraíonn.”

Salm le Freagra             Sm 129
Freagra:                            Is ag an Tiarna atá trócaire, agus tá fuascailt aige go flúirseach.

I. As na doimhní a éim ort, a Thiarna.   A Thiarna, éist le mo ghuth!   Tugadh do chluasa aire   do ghlór m’achainí.                                            Freagra

2. Dá gcoinneofá cuimhne, a Thiarna, ar chionta,     a Thiarna, cé thiocfadh slán?    Ach tugann tú maithiúnas sna peacaí:    agus ar an ábhar sin móraimid thú.              Freagra

3. Tá mo dhóchas sa Tiarna agam,    cuireann m’anam a dhóchas ina bhriathar.    Is mó an feitheamh a dhéanann m’anam ar an Tiarna     ná feitheamh lucht faire ar an láchaint.   Ná raibh feitheamh lucht faire ar an láchaint.   níos mó ná feitheamh Isráél ar an Tiarna.    Freagra

4. Óir is ag an Tiarna atá trócaire    agus tá fuascailt aige go flúirseach;    agus fuasclóidh séisean Isráél     óna urchóidí go léir.                                          Freagra

An Dara Léacht                            Rómhánaigh 8:8-11
Spiorad an té a thóg losa ó mhairbh, tá sé lonnaithe ionaibh.

A bhráithre, na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.

Véarsa                               Eo 11:25, 26
‘Mise an tAiséiri agus an Bheatha,’ a deir an Tiarna; 
‘An te a chreideann ionamsa ní bhfaighidh sé bás choiche.‘

An Soiscéal                    Eoin 11:1-45 
Mise an tAiséiri agus an Bheatha.

San am sin bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.” Arna chloisteáil sin d’Íosa dúirt sé: “Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.”

Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d’fhan sé dhá lá mar a raibh sé. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: “Téimis go Iúdáia arís.” Dúirt a dheisceabail leis: “A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?” D’fhreagair Íosa:

“Nach bhfuil dhá uair déag sa lá?Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle,mar feiceann sé solas an tsaoil seo.Ach má shiúlann sé san oíche,faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.”

Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: “Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.” Dúirt a dheisceabail leis ansin: “Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.” Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh; agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.” Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”

Ar theacht d’Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le Íosa: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.” Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.” “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.” Dúirt Íosa léi:

“Mise an t-aiséirí agus an bheatha;An té a chreideann ionamsa,fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa,ní bhfaighidh sé bás choíche.An gcreideann tú an méid sin?”

“Creidim, a Thiarna,” ar sí, “creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.”

Arna rá sin di, d’imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: “Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.” Nuair a chuala sise an méid sin d’éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.

Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.” Bhris a ghol ar Íosa. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: “Féach, cad é cion a bhí aige air!” Ach dúirt cuid acu: “An té seo a d’oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?” Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog.” Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: “Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.” Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?” D’aistrigh siad an líog ansin agus d’ardaigh Íosa a shúile agus dúirt:

“A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí;ach is ar son an tsluaatá ina seasamh anseo i mo thimpeall,a labhair mé,chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.”

Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!” Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.” Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.

© Cumann na Sagart 2017