Léachtaí an Aifrinn, 18 Meitheamh 2017: Solúntas Chorp Chríost | Baile | Cumann na Sagart

SOLLUNTAS  CHORP  CHRIOST

An Chéad Léacht           Deotranaimí 8:2-3. 14-16
Chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d’aithreacha

Dúirt Moois leis an bpobal: ‘Cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d’fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá. D’umhlaigh sé thú agus d’fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d’aithreacha, d’fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.

Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse; a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo; a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d’aithreacha, d’fhonn go n-úmhlódh sé
thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.

Sin é Briathar Dé.

Salm le Freagra           Sm 147 Freagra :                         Mol an Tiarna, a Iarúsailéim.
Malairt Freagra           Alleluia!

I. Mol an Tiarna, a Iarúsailéim,mol do Dhia, a Sión;toisc gur dhaingnigh sé boltaí do dhoirse,is gur bheannaigh sé do chlann istigh ionat.    Freagra

2. Dhaingnigh sé síocháin i do chríocha,bheir sé do sháith duit de smior na cruithneachta.Cuireann sé a ordú uaidh chun na talún,ritheann a bhriathar go mear.                             Freagra

3. Foilsíonn sé a bhriathar do lácób,a chánacha is a phroiceapta d’ IsráélNí dhearna sé amhlaidh do náisiúin eile;níor nocht sé dóibh a phroiceapta. Alleluia!    Freagra

An Dara Léacht                1 Coirintigh 10:16-17
Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin.

bhráithr,:cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t-arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é? Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t-aon arán amháin.

Sin é Briathar Dé.

Rosc

Gabh ag moladh an tSlánaitheora,
a Sión, mol an t-aoire, an treoraí
in iomainn is í gcainticí.

Moltar leat le dícheall croí é,
mar gach moladh sháraigh Iosa,
is ni leor do ghradam dó.

Abhar speisialta molta farat
arán beo agus lón na beatha
go sonrách an taca seo.

An t-arãn is léir gur dáileadh
do dhilbhuion an dârêag bràthar
i naomhphroinn na heaspartan.

Moladh iomlán dó, moladh ceolmhar,
lúchâir dhílis chroiúil chórach,
ardach aoibhinn aigne.

Mar i gcuimhne chruinn an lae seo
céadchaitheadh proinn na féile
a bunaíodh ar mhaithe linn.

Sa phroinn sin an nuareachta
is an nuaRi, chuir nuaPhasca
deireadh leis an seanreacht.

Chuir an nuaiocht an ruaig ar ársacht,
chuir an fhire ar dibirt scáthacht,
chuir an lá an oiche in anbhroid.

An t-éacht a rinne Críost ag bord ann,
ina dhilchuinihne dúinne d’ordaigh
é a dhéanamh fairis sin.

Ag gêileadh d’ordú an té a thug grâ dúinn
arán is fíon go fíor sacrãlam
in iobartach ár leasaithe.

Alt dár gcreideamh fíor go ndéantar
feoil de arãn, den fhion fuil cheart,
don ChrIostai mar a theagasctar.

An rud nach bhfeictear is nach smaoinítear
le dlúthchreideamh daingítear
thar ghnáthréim an aiceanta.

Ceiltear faoi éagsúlaeht gnéithe,
faoi chomharthaí nach nithe in aon chor,
seoda caoine rafara.

Feoil an t-arán, fuil an fíon ann,
in iomlãine fanann Criost ann
faoi gach gné go dearfa.

An caitheoir, gan roinnt gan pléascadh,
gan aon bhriseadh, gan aon réabadh,
glacann slán an tabhartas.

Glacann duine é, glacann míle,
ni mó cion slua de nâ cion aoinfhir,
ná ní idíonn caitheamh é.

Glacann daoine, an t-olc is an maith, é,
glacann fós faoi mhalairt ratha é,
bheireann bâs nó beatha dóibh.

Don dea-thear beatha, bâs don drochfhear
dáiltear; féach nach ionann toradh,
cé gurb ionann caitheamh dóibh.

An tsacraimint faoi dheoigh ma bhristear,
créid go bhfaightear i ngach giota
n méid go cruinn a bhi san uile,
an t-iomlán gan easnamh.

Ar aon ní ni théann an briseadh,
ach amháin ar chomharthaí nithe,
a d’flág an ní faoin gcomhartha againne
slAn i gcló is i gcalmacht.

Féach, arãn na n-aingeal
á thabhairt mar bhia don slua ar marthain:
arán is taca is is lón na leanai
nach caite chun na madraí.

Is léir a réamhchomharthaí le hinsint:
Isác ma iobartach mar a sineadh,
uan na Cásca mar a ídíti,
mar a dháilti manna ó thlaitheasa.

A Aráin chirt, a Aoire dhílis,
dáil do thrócaire orainn, a Iosa,
beathaigh sinn, tabhair ión an chroi dOinn,
las le do thaitneamhacht ár n-intinn
sa saol úd thall na marthana.

A Rí na gcumhacht, an ulle ós léir duit,
ós ár lón thú ar an saol seo,
bímis is na naoimh le chéile
inár gcomhoidhrí ar do naomhríocht
ag an bhfleá in ardbhrú parthais.

Amen! Alleluia!

Alleiuia Vearsa            Eo 6:51-52
Alleluia, alleluia!Is mise an t-arân beo a tháinig anuas ó neamh, a deir an Tiarna.Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo.Alleluia

An Soiscéal :                  Eoin 6:51-58
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.

San am sin dúirt Íosa leis na sluaite:

s mise an t-arán beo
a tháinig anuas ó neamh.
Má itheann duine an t-arán seo
mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim
is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.”
Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil
a thabhairt dúinn le hithe?”
Dúirt Íosa leo:

“Amen, Amen, a deirim libh,

mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól,
ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
An té a itheann m’fheoil
agus a olann m’fhuil,
tá an bheatha shíoraí aige,
agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola
agus is deoch go fíor mo chuid fola.
An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil
cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,
agus mar is beo mise tríd an Athair,
mar an gcéanna, an té a itheann mise,
mairfidh sé tríom.
Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é
agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t-arán seo,
mairfidh sé go deo.”

Sin é Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2017