Léachtaí an Aifrinn 17 Meán Fómhair 2017 | Baile | Cumann na Sagart

An Chéad Léacht         Shíorach 27:30-28:7
Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé, agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.
Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin,

agus gheofar iad i seilbh an pheacaigh.An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air,mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí. Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé,agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile,conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna?Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin,conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath;cé a mhaithfidh a pheacaí dó?Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath;cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n-aitheanta.Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa;cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas.

An Briathar Dé.  

Salm le Freagra            Sm 102
Freagra:  
                           Is grámhar trócaireach é an Tiarna,  foighneach agus lán dé cheansacht.

1. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a an am liom,
is ná déan dearmad da thíolací go léir.            
Freagra

2. Eisean a mhaitheann do chionta go léir,
a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha on mbás,
a chorónaíonn thú le grá is le trua.                    
Freagra

3. Ní bheidh sé go míchéata i gcónaí,
ní bheidh sé i bhfeirg de shíor.
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn:
ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé sinn.          
Freagra

4. Óir ní airdé neamh os cionn talún
ná méid a bhuanghrá do lucht a eaglaithe;
ní faide an t-oirthear ón iarthar
ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn[.    
Freagra

An Dara Léacht                   Rómhánaigh 14:7-9
Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith.

A bhráithre, ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.

An Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                    1Sam3:9,Eo 6:68.
Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!

An Soiscéal                           Matha 18:21-35
Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.

Tháinig Peadar chuig Íosa  ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m’aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?”

Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.

“Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d’ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.’ Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’ Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’ Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir anmáistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’ Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m’Athair neamhaí libhse ach mura maitheannm gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”

An Soiscéal Dé

© Cumann na Sagart 2017