Léachtaí an Aifrinn, 14 Meitheamh 2015 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT              Ezícéal 17:22-24

Tógaim an crann íseal.

Seo mar a deir an Tiarna Dia:

Ó bharr an chéadrais,
ón ngéag is airde de
gearrfaidh mé maothán
agus cuirfidh é ar shliabh ard beannach;
ar bharr shliabh Iosrael a chuirfidh mé é.
Ginfidh sé géaga agus béarfaidh toradh,
agus beidh ina chéadras breá.
Cónóidh gach sórt éin faoi,
lonnóidh gach dúil sciathánach faoi scáth a ghéag.
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc
gur mise, an Tiarna,
a leagann an crann ard,
agus a thógann an ceann íseal,
a sheargann an crann glas
agus a bhláthaíonn an ceann críon.
Mise, an Tiarna; a labhair
agus déanfaidh mé beart dá réir.”

SALM LE FREAGRA.             Sm 91
Freagra:   Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.

I. Is maith an rud é an Tiarna a cheiliúradh
agus canadh do d’ainm ós tú an Té is Airde
chun do bhuanghrá a fhógairt ar maidin
is do dhílse ó oíche go chéile.                           

Freagra

2. Bláthóidh an fíréan amhail crann pailme,
fásfaidh sé amhail céadras na Liobáine.      

 Freagra

3. An dream a plandaíodh i dteach an Tiarna,
beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
Bhéarfaidh siad toradh fiú agus iad sean,
beidh siad glas agus lán de shú,
chun a fhoilsiú a dhírí atá an Tiarna.
Mo charraig é, nach bhfuil aon urchóid ann.  

Freagra

AN DARA LÉACHT                    2 Coirintigh 5:6-10

Bímis inár gcónaí leis an Tiarna nó ar deoraíocht uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh.

A bhráithre, bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna. Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é. Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mb’fhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus bheith inár gcónaí leis an Tiarna. Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl d’aidhm againn ach é a shásamh. Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.

Alleluia Véarsa                           Eo 15: 15.   

Alleluia, alleluia!
Sibhse mo chairde, a deir an Tiarna,
óir gach a gcuala ó m’Athair,
chuir mé in iúl daoibh é.
Alleluia!

AN SOISCÉAL                         Marcas 4:26-34
Ta sé ar an ngráinnIn sí1 is lú ar bith de na síolta, ach fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir.

San am sin dúirt Íosa leis na sluaite: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil”.

Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi? Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh, ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”

Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d’fhéad siad éisteacht leis. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.

© Cumann na Sagart 2017