Léachtaí an Aifrinn, 11 Meán Fómhair 2016 | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

AN CHÉAD LÉACHT: Exodus 32:7-11. 13-14
Bhog an Tiarna agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.

D

úirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d’ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d’adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’” “Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo! Lig dom anois más ea agus lasfaidh m’fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.” Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan? Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: ‘I bhfeall a rug sé amach iad, d’fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne’? Scaoil uait d’fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal. Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’” Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.

SALM LE FREAGRA.  Sm 50 Freagra :                        Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m’athar.

I.  Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá;
de réir do mhórthruamhéile scrios amach mo chionta.
Nigh m’urchóid díom go hiomlán
agus glan díom mo pheaca.                                                             
Freagra

2. Cruthaigh croí glan dom, a Dhia,
agus cuir isteach ionam spiorad daingean.
Ná teilg ó do radharc mé,
agus do spiorad naofa ná bain díom.                                            
Freagra

3. A Thiarna, oseail mo bheola
agus foilseoidh mo bhéal do mholadh.
Spiorad brúite, a Dhia, is é sin m’íobairt duit;
de chroí brúite briste ní dhéanfaidh tú neamhshuim, a Dhia. 
Freagra

AN DARA LÉACHT:      1Timóteas 1:12-17
Tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. 


Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó, cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh. Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa. Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu, agus is é fáth a ndearnadh trócaire ormsa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i m’eiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí. Moladh agus glóir do rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Amen.

Alleluia Véarsa            Eo 6: 63, 68  
Alleluia, alleluia!
Na focail atá ráite agat, a Thiarna, is spiorad agus is beatha iad.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí
Alleluia!           

 

AN SOISCÉAL Fada :  Lúcás 15:1-10
Beidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.

S

an am sin na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.” Agus labhair sé an parabal seo leo: “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? Agus nuair a fhaigheann,
buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’ Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

“Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin,
nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é? Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’ Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

Dúirt sé freisin: “Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d’imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach. 14Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa. D’imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d’itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. Ach tháinig sé chuige féin agus

dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m’athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m’athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; 19ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’ Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga. Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’ Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa, agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

“Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d’fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun. Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d’athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’ Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air. Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde. Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’ Ach dúirt sé leis: ‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat; ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’”

____________________________________________________

AN SOISCÉAL (Gearr) :  Lúcás 15:1-10
Beidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.

San am sin na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.” Agus labhair sé an parabal seo leo: “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? Agus nuair a fhaigheann,
buaileann ar a ghuaillí í go háthasach, agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’ Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

“Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin,
nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é? Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’ Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

© Cumann na Sagart 2017