Léachtaí an Aifrinn, 11 Márta 2018

CÉAD LÉACHT     

Sliocht as an dara leabhar  gCroinicí     36:14-16. 19-23
Léirítear fearg agus trócaire Dé trí dheoraíocht agus saoradh a pobail.

Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheithm mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim. An Tiarna, Dia a n-aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe. Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir. Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht. Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”

Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas: “Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse:  ‘An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!’”

Briathar Dé.  

SALM LE FREAGRA.     Sm 136 Freagra        

Go gceanglaí mo theanga de mo chúláirí
 mura mbím ag cuimhneamh ort!

I. Cois srutháin na Baibealóine
a shuíomar ag sileadh na ndeor,
nuair a chuimhníomar ar Síón;
ar shaileoga na tíre sin
chrochamar ár gcruiteanna.   
Freagra

2. Óir an drong a rinne braighde dínn
d’iarr siad amhráin orainn ansin.
Is an dream a bhíodh dár gciapadh
d’iarr siad lúcháir orainn:
‘Scaoiligí chugainn,’ a deiridís
‘ceann d’amhráin Síón.’        
   Freagra

3. Conas a chanfaimis
amhrán an Tiarna
i dtír iasachta?
Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,
go gcrapa mo dheaslámh!     
  Freagra

4. Go gceanglaí mo theanga de mo chúláirí,
mura mbím ag cuimhneamh ort;
mura gcuirim Iarúsailéim
mar bharr m’aoibhnis uile.      
Freagra

DARA LÉACHT:     

Sliocht as litir N.Pól chuig na hEifísigh                2:4-10
Nuair a bhi sibh marbh trí bhur gcionta, slanaíodh sibh tríd an ngrásta.

bhráithre. 

Tá Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost – is in aisce a slánaíodh sibh – gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost, d’fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa. Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia. Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.

Briathar Dé.  

Comhgháir an tSoiscéil          Eo 3: 16

Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann, tá an beatha shíoraí aige.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!

SOISCÉAL                    Eoin 3:14-21
Thug Dia a Aonghin Mic uaidh chun go slánófaí an domhan tríd.

Seo mar a dúirt Íosa le Nícodémas :

Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo, gach duine a chreideann ann,go mbeidh an bheatha shíoraí aige. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór singur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol
a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saolach chun go slánófaí an saol tríd.An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin. Agus an daorbhreith, is mar seo í:mar gur tháinig an solas isteach sa saol,de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha. Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfí gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.”

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2018