Léachtaí an Aifrinn, 2 Feabhra 2020

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an fáidh Malací              3:1-4
An Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann.

Seo mar a deir an Tiarna “Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua. Ach cé a fhulaingeoidh lá a theachta? Cé a fhéadfaidh seasamh nuair a thaibhseoidh sé?

Óir, is cuma é nó tine an athleádóra agus buac an úcaire. Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d’íobróirí iontu ag an Tiarna. Ansin, beidh íobairt Iúdá agus Iarúsailéim taitneamhach leis an Tiarna faoi mar a bhí sí anallód, na blianta fada ó shin.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra            Sm 23
Freagra                           Cé he an Rí seo na glóire? Is é an Tiarna é.

1. Ardaígí bhur lindéir, a gheataí;
éirígí suas, a dhoirse ársa,
go dtaga Rí na glóire isteach.             
Freagra

2. Cé hé an rí seo na glóire?
An Tiarna atá láidir tréan,
an Tiarna atá tréan i gcogadh.           
Freagra

3. Ardaígí bhur lindéir, a gheataí;
éirígí suas, a d hoirse ársa,
go dtaga Rí na glóire isteach.             
Freagra

4. Cé hé an rí seo na glóire?
Is é Tiarna mór na slua é.
Is é sin is Rí na glóire ann.                  
Freagra

Alleluia Véarsa                   Lc 2: 32 
Alleluia, alleluia!
An solas chun na náisiúin a shoilsiú
agus glóir do phobail Iosrael.
Alleluia!

DARA LÉACHT    

Sliocht as litir N.Pól chuig na Eabhraig             2:14-18
Níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí.

Ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin, agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt. Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám. Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu.

Briathar Dé.  

SOISCÉAL             

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás        2:22-40
Tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil.

Nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug a thuismitheoirí Íosa go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna – mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” – agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”

Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh s

é an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt: “

Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,de réir d’fhocail, faoi shíocháin,mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáilatá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: solas chun na náisiúin a shoilsiúagus glóir do phobail Iosrael.”

Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar – agus gabhfaidh claíomh trí d’anam féin – chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”

Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d’oíche le troscadh agus le hurnaithe. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.

Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d’fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Soiscéal Dé.

© Cumann na Sagart 2020