An Chéad Léacht Íseáia 22:19-23
Leagaim eochair theach Dháiví ar a ghualainn.
Seo mar a deir Tiarna na Slua le Seabna, máistir an ph’aláis:
Brisfidh mé as do phost thú,as d’ionad stróicim thú anuas;agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach,Eiliácaím mac Hilciá.
Tá mé chun a ghléasadh i d’ionarsa,
chun é a fheistiú le do shursaing,agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim,agus ag teaghlach Iúdá.Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;má osclaíonn sé, ní dhúnfar;má dhúnann, ní osclófar.Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.
Sin é Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 137
Freagra A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí; na tréig obair do lámh.
1. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán
mar gur éist tú le briathra mo bhéil.
I bhfianaisé na n-aingeal móraim thú;
sléachtáim i dtreo do theampaill naofa. Freagra
2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílsé,
mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú.
Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom,
agus thúg tú neart breisé do m’anam. Freagra
3. Dá airde é an Tiarna, is cúram dó an t-íséal;
ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.
A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí;
na tréig obairdo lámh. Freagra
An Dara Léacht
Rómhánaigh 11:33-36
Is uaidh agus tríd agus dó gach uile ní dá bhfuil ann.
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí! 34 “Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?” 35 Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?” Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.
Sin é Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Mth 16: 18
Alleluia, alleluia!
Deirimse leatsa gurtú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais,
agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
Alleluia!
An Soiscéal Matha 16:13-20
Is tü Peadar, agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas.
San am sin ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d’fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal:“Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”
Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?” Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”D’fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”
Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
Sin é Soiscéal Dé.