A Pádraig naofa, ‘s a aspail chaoin,
Do mholadh go síor ‘sé mian mo chroí
‘S tú sgab an scéal fá Chríost an Rí
Fá ghleanntáin, sléibh’, ‘s fá thalamh mín,
I n-Éirinn chaoin, i n-Éireann chaoin.
Ar mhalaidh Shliabh Mis a chaith tú ‘n oich’
A’ meabhrú ann ar Pháis an Rí.
‘S le bánú ‘n lae, ba é mian do chroí
An Phágantacht go deo a chloí,
I n-Éirinn chaoin, I n-Éirinn chaoin.
Go bruach Loch Cuan go dtáinig tú arís,
Go dian a sgabadh soiscéal Chríost
A’s ar mhullach na Sláine, i lár na h-oíche’,
Las tú an solas nach múchtar ‘choích,
I n-Éirinn chaoin, i n-Éirinn chaoin.
[Ceol ar téip le Albert Fry idir focail is ceol]