A Rí na nUile, a Dhia mo chléibhse,
Ní neach eile ach Rí na Spéire
Go mba Tú mo mhachnamh de ló is d’óiche.
Go mba Tusa chífead im’ chodhladh choíche.
Go mba Tú m’urlabhra, go ma Tú mo thuiscint,
Go mba domsa Tusa, go mo Duitse mise.
Go mba Tusa m’athair, is mise do mhacsa.
Go mba liomsa tusa, is fós go mba leat mé.
Go mba Tú gach maitheas, dom chorp, dom anam,
Go mba Tú mo fhlaithieas ar neamh is ar talamh,
Go mba Tusa id aonar, sainsearc mo chléibse,
Ná raibh agamsa ach Rí na Spéire
An tSr. Dóirín Ní Bhloscaidh