Ag an bPósadh bhí i gCána
bhí na ngrás ann i bpearsain,
É féin is Muire máthair,
is nárbh áluinn í an bhainis.
Bhí cuideacht’ os cionn clár ann,
agus fíon orthu in easnamh.
‘S an t-uisce bhí sna hártaigh
nárbh áluinn é a ‘bhlaiseadh.
Is ró-bhreá an stór
‘tá ag Rí na glóire dúinn i dtaisce,
A chuid fola agus feola mar lón do na peacaigh.
Ná cuirigí bhur ndóchas in ór buí nó i rachmas
Mar is bréag mar cheo é,
seachas glóire na bhflaitheas.
[VH]