Adhraim mo Leanbh Beag tagtha chun saol;
Codail a linibh gámh.
Adhraim a laige 's a loime nocht fhaon;
Codail a linibh go sámh.
Inis a ghrá liom id' luí sa mháinséar,
Inis cén fáth duit bheith sínte sa bhféar.
Is tú coimhde na ngrásta 'gus Íosa Mhac Dé;
Codail a linibh sámh
A Mhuire, a Mháthair 's a bhuime mhín tséimh;
Codail a linibh go sámh.
Is tú coimhde na ngrásta 'gus Íosa Mac Dé;
Codail a Linibh go sámh.
Ach go beo-bhocht le mian do tháinig ar an saol,
Chun deoraithe fánacha a shaoradh ón éag.
'''S nuair a chrochfar in airde mé leigheasfar a bpian.''
Codail a linibh go sámh.
S.Óg Ó Tuama. VH; IC