A Thiarna, m’aoire m’anama,
Is tú mo shearc is mo rún
Ar bhánta glasa ó dírigh mé
‘S tabhair slán trí gach contúirt
Is bia is deoch do m’anam tú.
Is neart gach lá dom shiul,
Is Tú mo dhíon ar pheaca is ar olc,
Is ort ná tabharfad cúl.
Má bheireann orm lámh an bháis
Ní cás dom brón ná buairt;
Ag smaoineamh ar do thrócaire,
Cúis áthais dom do chuaird
Mo chorp is m’anam faoi do scáth,
Gan smacht orm ag namhaid,
Is tabhargaidh Peadar Naofa mé
Chun na bhflaitheas leis ina bhád.
Déan orm trócaire do chroí,
I mo dhúiseacht nó i mo shuan,
‘S id’ iothlainn féin go gcastar mé
I do lámha slán go buan.
[Fonn :Crimmon ]