A Spioraid Naoimh, a chara dhílis, ‘chara dhílis buan,
Coinneal lasta, lóchrann aoibhinn,réalt an eolais dhúinn,
A Spioraid Naoimh, a chara dhílis, fuinneamh neart is brí,
Cabhra’ liom an tslí a leanacht bóthar díreach caol.
Cúrfá
Tar a’m (chugam) a Spioraid Naoimh mar réalt gheal ins an oíche..
Tar a’m a Spioraid Naoimh, mar lóchrann i mo chroí
A Spioraid Naoimh, a chara dhílis, cabhra’ liom le neart,
Coinní‘ ar an gcosán cóir mé, stiúra’ mé don cheart.
A Spioraid Naoimh, a chara dhílis ‘speáin dhom an slí,
A chara dhílis siúl an ród liom mar threoraí le mo thaobh.
A Spioraid Naoimh, a chara dhil tabhair misneach dhom is brí,
Árda’ suas m’anam nuair is ar mo ghlúine bhím.
A Spioraid Naoimh, a chara dhil, déan árus i mo chroí,
An focal “grá” a bheith ar mo bhéal ó mhaidin gheal go faoithín.
[Antaine Ó Faracháin agus Bernard sexton Beo go Deo]