A Spiorad ró-naofa tar go caoin,
is lonnaigh 'nár gcroí' go buan.
Is Tú ár neart is Tú ár mian,
Is Tú bhéarfas sólás dúinn.
Bronntanas Tú ó Pharrthas glé,
Is sólásaí dúinn faoi bhrón.
Is Tusa tobar fíorghrá Dé,
Is Tusa an lasair beo.
Bronntóir na beatha, foinse's tús,
Seacht dtíolacaí ghrásta Dé.
Tabhair tuiscint, neart is eagna dúinn,
Is misneach in aghaidh an lae.
A Dhia a thug teagasc dúinn go léir
Is lonnradh ón Spiorad fíor,
Tabhair dúinn an fíorghrá thig uait féin,
Is lúcháir a bheith 'nár gcroí.
[Fonn: Praise to the Holiest in the height
R. R. Terry nó:Veni Creator Spiritus mebtes]