A Rí na glóire is mó Daonacht,
Coimirce m’anama maidin ‘s oíche ort.
Achainím thú, a Rí na ríthe,
Slóite aingeal, is aspal naofa.
A Athair, a Mhic, ‘s a Spiorad Naofa,
Bígí mbhur ngarda ar gach taobh díom.
Gí nár thuill mé Thú do mo chaomhnadh,
A Dhia a chruthaigh flaitheas is tíortha,
As gleann na ndeor saor mé, a Rí dhil,
Mar shaorais Ábram is Iósaef Naofa.
A Athair, a Mhic, is a Spiorad naofa,
bigí bhur ngarda ar gach taobh díom.
[D.D. + Seán Óg Ó Tuama]