A Rí an Domhnaigh,
Tar le cabhair chugam is fóir in am ón bpian mé.
A Rí an Luain ghil,
B’í-se buan liom, is ná lig uaitse féin mé.
A Rí na Máirte, A chroí na páirte,
déan díonadh Lá an tSéibhe dhom.
A Rí na Ceadaoine, Saor ó ghéibheann mé,
cé fad’ óm’ chaomhghin féin mé.
A Rí na Déardaoine,
Maith dúinn ár bpeacaíne
a rinne do dhlí a réabadh.
A Rí na hAoine, Ná coinnigh cuimhne
ar mo dhrochghníomhartha baotha.
A Rí an tSathairn, Go síoraí achainím
mé ‘thabhairt thar Acheron caorthainn.
Faoi dhíon do thearmainn, tri ríocht an Aifrinn,
suas go Parthas naofa.
[VH]