1
A Pheadair, a Aspail, a’ bhfaca tú mo grá geal
Óchón agus óchón ó
Chonaic mé ar ball é i lár a namhaid
Óchón agus óchón ó
Cúrfá:
Gabh i leith a dhá Mhuire
go gcaoineadh sibh mo ghrá liom
Óchón agus óchón-ó
Céard tá le caoineadh againn
muna caoinimid a chnámha.
Ochón agus och ón ó!
2
B’éigin don Árd-Mhac an trom chrois a thógáil
Óchón agus óchón ó
A réiteach ár gcás duinn, le toil Athair na nGlóire
Óchón agus óchón ó. Cúrfá
3
Éist a Mháthair is ná bí cráite
Óchón agus óchón ó
Tá mná mo chaointe le breith fós a Mháithrín
Óchón agus óchón ó Cúfá:
4
Ní hí an chrois náireach amháin a chuir lean air
Óchón agus óchón ó
Ach leag an t-Athair Síoraí cáin Shíl Éabha air
Óchón agus óchón ó Cúfá:
5
Chuimil an bhean mhín tlaith, le trua dá éagcruth
Óchón agus óchón ó
Giobal geal lineadaí dá ghrua is dá éadan
Óchón agus óchón ó Cúfá:
6
Tugadh ar Shíomón, crann na náire a thógáil
Óchón agus óchón ó
A ghluaiseacht i ndiaidh Íosa grásta narbh eol dó
Óchón agus óchón ó Cúfá:
7
Thógadar suas ar ghuailiní árda é
Óchón agus óchón ó
Is caitheadar anuas fá leacracha na sráide é
Óchón agus óchón ó Cúfá:
8
A iníonacha Iarúsailéim, a mhná na truamhéile
Óchón agus óchón ó
Ná caoinigí mise, ach sibh fhéin is bhur ndaoine
Óchón agus óchón ó Cúfá:
9
Thriall chun a phian-pháis an t-uan geal mánla
Óchón agus óchón ó
Gur síneadh gan bhrí de thuairt ar lár é
Óchón agus óchón ó Cúfá:
10
Thugadar go Calbhairí é, is bhain de an t-eadach
Óchón agus óchón ó
Stróiceadar an fheoil, anuas óna chréachta
Óchón agus óchón ó Cúfá:
11
Shádar na táirní trína chosa ‘s trína lámha
Óchón agus óchón ó
Íosa d’árdaíodar suas ar an gcrois gan cás é
Óchón agus óchón ó Cúfá:
12
Cé hé an fear breá úd ar crann na Páise
Óchón agus óchón ó
An é nach n-aithníonn tú do Mhac, a Mhathair
Óchón agus óchón ó Cúfá:
13
An É sin mo mhaicín a d’iompar mé trí raithe?
Ochón…
An É sin an maicín a rugadh ins an stabla?
Ochón… Cúfá:
14
Níl duine a shílfeas deóra, ar son na Páise
Óchón agus óchón ó
Nach bhfaighidh a chuid de chathair na nGrásta
Óchón agus óchón ó Cúrfá
[VH]