A Mhuire Mháthair
‘s é seo mo ghuí
go maire Íosa
go deo im’ chroí.
Cúrfá: Ave Maria,
mo ghrá Ave.
Is tusa mo mháthair,
Is máthair Dé.
A Mhuire mháthair
I rith mo shaoil
bí liom mar dídean
Ar gach aon bhaol. Cúrfá:
A Mhuire Mháthair,
‘tá lán de grást,
Go raibh tú taobh liom
ar uair mo bháis. Cúrfá:
S.E Ó Cearbhail