A Mháthair ró-cheansa,
a Mhuire gan small,
Glac trua dod’ chlannsa
‘s bí in ár ndáil.
Ave, ave, ave Maria x 2.
Do chailín bocht leice,
an Bernadet óg,
Do léirís do ghnúis gheal
sa phluais ‘measc na rós. Ave.
Déanamh cúiteamh ‘n ár bpeacaí,
le fíor aithrí,
‘S fill’ ar do Mhac-sa,
do bé sin d’impí. Ave.
I mór shiúlta ceolmhar
Ag síor moladh Dé,
Ag ól an fíor uisce
‘s fós ann ‘ar ní féin. Ave.
Ar an láthair mar a raibh said,
Go dtógfaí séipéal,
Mar a thiocfaidh na sluaite
Ag guí grásta Dé/ Ave.
Nuair a ceistíodh an fís gheal,
ag an gcailín, faoin a cáil,
‘S é an freagra a thug sí:
“Mis’ an Ghiniúint gan Smál.” Ave.
[Ave Lourdes]