A Íosa, a Íosa, coimeád na caoire | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

A Íosa, a Íosa, coimeád na caoire

ar na gleannta míne 's ar na móinéir chaoine.

 

''Nach bhfánfaidh sibh liom?'' deir an Tiarna linn.

''Scaoiligí bhur gcros uaibh,Suaimhneas tabharfad díobh.''

 

''Is beannaithe an té a chreideann,'' deir an Tiarna linn.

''Feicfidh sibh an lá seo mé in aoibhneas pharrathais.''

 

''Is sibhse clann an tsolais,'' deir an Tiarna linn.

''Sínigí dá chéile mo shaibhreas is mo mhaoin.''

 

''Sé mo chéad achainí,'' deir an Tiarna linn.

''Scaipigí an buan ghrá im' ainm de shíor.''

 

A Íosa, a Íosa, Fanfaimid go fóillín

Fanfaimid le haoibhneas

‘S le grá go deo dhuit.

                          [Máire Ní Dhuibhir,  MIS;  IC]

© Cumann na Sagart 2018