A Dhia na Nollag, | Baile | Cumann na Sagart | Baile | Cumann na Sagart

A Dhia na Nollag, a rugadh san oich’

gur iompar na réalt go geal chugat an lá;

Mar chaoin sholas dhil ar laethannta ár saol,

Ár mbreith go raibh de bharr ár mbáidh le hÍosa

an leanbh, an fear, is an Dia,

thug oidhreacht na saoirse ó’n stábla

chuig aoirí ‘gus ríthe gur fógraíodh ós ard

ó lucht a pháirte ar thalamh síocháin.

 

A Dhia na Cásca, ar Aoine na Páise

Co ciúin ar ár son, gur fhulaing do bhás

Bás ár nDé, ár síor bheatha slán.

Saoirse iomlán de bharr a ghrá

Don aoire is don Ri, don Athair ‘s don Mhac

maithiúnas ár bpeaca tré phian na páise

Ó thaobh taobh na cruinne gur fógraíodh os ard

do lucht a pháirte ar thalamh síocháin.

 

A Dhia an Aifrinn, a Athair an Uain,

A d’íobraigh é féin anseo ar ár son,

Is beannaithe thú is naofa is Tiarna Ró-ard

Do shlánaigh ó’n mbás sinn, is do thug led’ ghrá

Íosa, an Uain, aon Mhac Dé

Mar sholas na Réaltán ar an lá.

Ó’n láthair bheannaithe, fógair go hard

Do lucht a pháirte ar thalamh síocháin.

                                    Máire Ní Dhuibhir

© Cumann na Sagart 2018