Bunaíodh Foilseacháin Ábhair
Spioradálta i 1956 faoi
choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a
bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí. Bhí leabhair á bhfoilsiú
go tráthrialta idir sin agus 1998 - os cionn trí scór acu.
As iris bheag a bhí ag Cuallacht Mhuire gan Smál dár teideal Geamhar a tháinig
F.Á.S. Breandán Mac Giolla Choille a bhí ina eagarthóir ar Geamhar, agus ba iad
Breandán, Art ó Riain, agus Micheál ó Conchubhair an triúr ba mhó a chuir bonn
daingean faoin tionscnamh nua. Bhí siad á misniú ó thús ag Íosánaigh áirithe,
go speisialta ag an Athair Séamus Mac Amhlaoibh. Is ar Íosánaigh eile, Seosamh
ó Murthuile, Diarmuid ó Laoghaire, Seán ó Duibhir agus Connla ó Dúshláine a
thit tromlach na hoibre ó na seascaidí i leith, idir eagarthóireacht agus
bainistíocht.
Tá meas as cuimse tuillte ag na bunaitheoirí, agus ag an dream dílis a sheas an
fód riamh ó shin, as an éacht a rinne siad.
Cuireadh tús le ré nua i saol F.Á.S. i dtús na bliana 2000, agus ceapadh
eagarthóir nua -An tSiúr Éilis Ní Thiarnaigh. Rinne sí éacht thar blianta go leor. An tAth
Alan Mac Eochagáin SJ, atá in Easbog i nDeoise Rath Bhótha a tháinig i
gcomarbacht uirthi go dti 2102. Frainc Mac Brádaigh SJ atá ina eagarthoir ó
shin. €35 an táille bliantúil, agus tá i
gceist trí leabhar a fhoilsiú in aghaidh na bliana agus a chur chuig na baill
saor tríd an bpost.
Foilseacháin
Catalóg FÁS
Rannóg A: Beathaisnéis, Dírbheathaisnéis, Beathaí na Naomh
RANNÓG B: Diagacht, Scrioptúr, Spioradáltacht
RANNÓG C: Urnaí, Liotúirge
RANNÓG D: Na Miseain
RANNÓG E: Filíocht
RANNÓG F: Ilghnéitheacht