Macnamh ar léachtaí an Aifrinn, 20 Nollaig 2015 | Cumann na Sagart

20 Nollaig 2015 (C) An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Críost i bhfáistine. An Té Atá le Teacht

 

 

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

 

Céad Léacht (Míocá 5:1-4). Is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael. Ba chomhaimsearach leis an bhfáidh Íseáia é an fáidh Míocá, a mhair ón lár go deireadh an ochtú céad roimh Chríost. Murab ionann agus Íseáia, a tháinig ó uasal aicme Iarúsailéim, tháinig Míocá ón bhaile beag tuaithe Móraisteach ag spoir sléibhe Iúda thiar theas ó Iarúsailéim. Bhí an bheirt fháidh seo ar aonfhocal ag cáineadh peacúileacht Iúda agus Iarúsailéim, agus ag fógairt dhíoltas Dé a bheadh le teacht go cinnte. Ach bhí de dhifríocht seo eatorthu mar seo:  bíodh nach bhféadfadh Íseáia glacadh le treascairt na cathrach naofa ag a naimhde pagánacha, gur fhógar Míocá go poibli go ndéanfaí gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim (Míocá 3:11). Ba fheasach Míocá go maith go raibh todhchaí ag pobal Dé tar éis píonóis, agus fiú deoraiochta. Bheidis riamh ina phobal tofa Dé, le grá aige dóibh. Bhí an-mheas ag an bpobal ar oracail Mhíocá agus in aoiseanna tar éis Mhíocá féin rinneadh iad a leathnú agus cuireadh leo chun dóchas sa todhchaí a chothú. Ar uairibh, maidir le téacs faoi leith den Leabhar níl sé soiléir an ó Mhíocá féin é nó forbairt de ráiteas leis. Ceann de na fháistiní sa Leabhar ná go mbeadh san am le teacht lárionad domhanda ag Iarúsailéim ag fógairt teachtaireacht na síochána don domhan uile (Míocá 4:1-4). Beadh an Tiarna ina rí ar Chnoc Síón. Feiceann Leabhar Míocá chomh maith todhchaí ghlórmhar do theaghlach Dháiví (léacht an lae inniu), le ceannaire, Meisias, nach dtagann ó ardchathair Iarúsailéim, ach cosúil le Dáiví féin, ó bhaile na Beithile, gur beag é i measc clanna Iúda. Téann sinsearacht an cheannaire, an Mheisias, as Beithil na cianta cairbreacha siar, go Dáiví féin, cúig chéad bliain nó mar sin sul ar tugadh an fháistine seo faoi. Trí mheafar cuirtear Iosrael i láthair mar bhean thorrach, ag súil leis an slánú agus breith an Mheisias. Is í máthair Iosrael atá le breith a thabhairt don rí, mac Dháiví, a bheidh ina údar síochána go críocha na cruinne.

 

Salm le Freagra (Salm 79[80]). Cuir ar ais sinn, a Dhia. Taispeáin dúinn d’aghaidh ghrianmhar agus slánaigh sinn, a Thiarna.

                 

Dara Léacht (Eabhraigh 10:5-10). Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh. Tá briathra tosaigh an tsleachta seo, a chuirtear ar bheola Chríost ag teacht isteach sa saol dó, tógtha as Salm 40 (Salm 39 in uimhriú na dtéacsanna Gréigise agus Laidine). Tosaíonn an Salm le gabháil buíochais toisc an salmaire a bheith sabháilte ó thrioblóid, agus leanann urnaí i gcóir cabhrach ar sin. Tar éis dó buíochas a ghabháil leiríonn an salmaire mian a chroí toil Dé a dhéanamh, rud a thaitníonn níos mó le Dia na iobairtí de réir Dlí a chine. Mar chuid den téacs faoi íobairt agus ofráil a deirtear nach toil le Dia iad, sa téacs Eabhraise baineann an salmaire feidhm as ráiteas diamhair: “Thochail tú cluasa dom (a Thiarna)”, i leagan Ghaeilge Bíobla Naofa agus Bedell: “d’oscail tú mo chluasa”. Cuireann an leagan Gréigise de na Sailm, a bhaineann an Litir chuig na hEabhraigh úsáid as i léacht an lae inniu, an t-aistriúchán seo air: “d’ullmhuigh tú corp dom”. Níl sé soiléir cad ba bhrí don salmaire i Salm 40:8 le “rolla an leabhair” ina raibh an t-ordú faoi thoil Dé scríofa. D’údar na litreach chuig na hEabhraigh b’ionann “rolla an leabhair”, nó “an Leabhar”, is dócha, agus an Seantiomna go léir tógtha mar fháistine, mar thairngreacht, faoi Chríost agus a chuid oibre. Toil Dé a dhéanamh agus an íobairt a bhain leis sa deireadh thiar, ba shin bun agus barr bheatha Chríost. Céad bhriathra Chríost ag teacht isteach sa saol seo, a chomóraimid um Nollaig, ba iad: “Táim ag teacht, a Dhia, chun do thoil a dhéanamh”.

 

An Soiscéal (Lúcás 1:39-45). Conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Seo an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sléibhteach i Iúdáia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iarúsailéim ar an treo a thógtar, pé acu a théitear direach tríd san tSamáir, nó ar bhealach níos faide soir. Tá an bealach díreach thart ar 120 cilliméadar, nó 75 míle, aistear a thógfadh thart ar ceithre lá. Ní bheadh teach Eiliosaibeit ró-fhada ó Iarúsailéim, bíodh nach eol dúinn go beacht cá raibh sé. (Níl sé deimhin go raibh sé in Ain Karim, an láthair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach níorb spéis do Lúcás nó do chuid mhór againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire – le comghairdeachas a dhéanamh le Eiliosaibeit agus le cabhrú lei, ag fanacht lei b’fhéidir gur rugadh a mac (Eoin).  Cuireann Lúcás pointí eile os ár gcomhair chomh maith. Ceann díobh ná an réamhtheachtaire Eoin i mbroinn a mháthar ag beannú don Slánaitheoir Íosa, eisean i mbroinn a mháthar chomh maith. Ansin tá Eiliosaibeith ag fógairt dínit Mhuire go hard mar mhathair an tSlánaitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar “mháthair mo Thiarna”, agus fós Muire mar eiseamláir fhoirfe an chreidmhigh Chríostaí, “Is méanar di seo a chreid”, murab ionann agus a fear céile Zachárias a raibh amhras air.

 

 

B.    An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae. Críost i bhfáistine. An Té Atá le Teacht.

 

Tá a fhios againn go labhraíonn an Tiomna Nua faoi Chríost mar chomhlíonadh, mar fhíoradh, na dtairngreachtaí, agus tugann an Tiomna Nua fíú dúinn téacsanna de na scrioptúir a chomhlíonadh i mbeatha, i mbás agus in aiséirí Chríost agus sna tíolachthaí a bhronn sé ar an Eaglais. Deir Lúcás linn gur labhair Íosa mar seo tar éis aiséirí dó le beirt dá dheisceabail ar an mbóthtar dóibh go hEmáus: “‘A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe sa chreidiúint! Nárbh fholáir go bhfulaingeoidh an Criost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?’ Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhíningh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir mar gheall air féin” (Lúcás 24:25-27). Ba dheas le duine a fháil amach cad iad go beacht na téacsanna sin de na Scrioptúir a mhínigh sé dóibh a bheith ag tagairt dó féin. Ionann an focal “Críost” agus an Ghreigis ar “Meisias”, gur brí leo araon ná “Ungthach”. Agus is é an tUngthach par excellence is stair Iosrael ná Mac Dháiví a bhí geallta d’Iosrael. Ach is soiléir ó bhriathra sin Íosa i Lúcas gur leithne go mór ná na téacsanna faoi Mhac Dháiví an réamhinsint faóin “gCríost” atá i gceist sna scrioptúir, téacsanna faoi Ghiolla an Tiarna agus roinnt mhaith eile.

           

Feitheamh Iosrael le Mac Dháiví, an Meisias, an Té Atá le Teacht. Ba chuid tábhachtach de thraidisiún Iosrael Dáiví rí, agus a rítheaghlach; agus nuair nárbh ann don rítheaghlach a thuilleadh lean as feitheamh le teacht Mac Dháiví, an tUngthach, an Meisias. Thosaigh an traidisiún le gealltanas Dé do Dháiví thart ar an mbliain 1000 roimh Chríost, go mbeadh a shliocht agus a rítheaghlach buan. Thug an gealltanas sin seasmhacht do rítheaghlach Iúda fad ab ann dó. Ceiliúradh stádas theach Dháiví sa liotúirge agus i sailm. Nuair a bhí sé i mbaol, chosain an fáidh Íseáia é, agus gheall go mbeadh chomharbacht aige. Ach cúis díomá ab ea an chuid is mó dá ríthe. Ní raibh ar chumas staraí amháin den Bhíobla ach beirt díobh a mholadh idir Dháiví féin ag dul faoi don rítheaghlach. Le treascairt Iúda agus deoraíocht na Baibealóine sa bhliain 586 bhí críoch le ritheaghlach Dháiví, ach d’fhan gealltanas Dé chuige go fóill. Ba é rí deiridh Iúda ná Zedecíá, ar bhrí leis an ainm “(Is é) An Tiarna mo fhíréantacht”, agus le linn a réimis thairngir an fáidh Irimia (Irimiá 23:5-6) go raibh an Tiarna le Beangán, géag, fíréanta, a ardú do Dháiví agus gurbh é an t-ainm a bhéarfaí air na “An Tiarna (Iávé) ár bhfíréantacht”. Bhí tairngreachtaí den chló céanna ag a chomhaimsearach, an fáidh Eizicéil. Nuair a fhill na Giúdaigh ar a dtír dhúchais tar éis na deoraíochta ceapadh Zarabáibil de shliocht Dháiví mar ghobharnóir ar Iúda agus bhíothas ag súil go raibh athbheo ar theaglach Dhaiví, agus, b’fhéidir ón am sin, déantar athinsint in Irimiá 33:15-16 (mar léacht do Chéad Domhnach den Aidbhint i mbliana) ar fháistine Irimiá 23:5-6 faoin mBeangán le hardú do Dháiví. Ach imíonn Zarabáibil de thoirt den stáitse, toisc amhras impireacht na Peirse faoi is dócha.

            Ina dhiaidh sin ní cloistear a thuilleadh faoi theacht Mhac Dháiví i bhfoinsí staire an Bhíobla, bíodh go raibh na gealltanais ann i gcónai sna scrioptúir. Bhí cúraimí eile seachas ateacht theaghlach Dháiví le cur as do phobal Iúda. A bhuí do fhoinsí úra as Qumran tá solas nua caite ar fheitheamh na nGiúdach ar an Té a bhí le Teacht, agus sin i dtéacsanna a cumadh ó lár na dara haoise roimh Chríost i leith, a cumadh céaduair ag an grúpa cráifeach Giúdach na hEiséanaigh b’fhéidir. Sna téacsanna déanacha Giúdacha seo baintear úsaid as an téarma foirmeálta Meisias agus tá éagsúlacht suntasach ann faoin bpearsa nó pearsana a rabhthas ag feitheamh leis, nó leo, le Meisias amháin nó le beirt díobh – Meisias Árón (sagartúil) agus Meisias Iosrael (ríoga), Meisias Dháiví agus Meisias Iósaef (nó Efraim), forbairt a leanann ar aghaidh taobh amuigh de Qumran agus i scríbhinní raibíneacha níos déanaí. Bhíothas ag feitheamh chomh maith le ateacht an fháidh Éilis, mar Ardsagart. Bhíothas ag súil thar aon rud eile le pearsa daonna ríoga a thabharfadh fuascailt a bheadh san am céanna poiliticiúil, eacnamaíoch, agus spioradálta don phobal Giúdach, agus tríothu sin síocháin, rath, agus fíréantacht don chine daonna go léir.

            Nuair a tháinig Íosa, ó theaghlach Dhaiví, an Té a bhí le Teacht, ba mhó ná Solamh, ba mhó ná Dáiví nó na fáistiní faoi Mhac Dháiví é, agus chomhlíon sé, ní hamháin a dúradh faoin mBeangán le hardú do Dháivi ach gach a bhí scríofa fáoi sna Scríoptúir go léír; eisean a raibh ní hamháin Iosrael ach an cine daonna ag súil leis.

© Cumann na Sagart 2017