Macnamh ar Léachtaí an Aifrinn, 26 Feabhra 2017

26 Feabhra 2017 (A) Ochtú Domhnach Saor

 

Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

 

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Muinín agus stuaim

 

A.   Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

 

Céad Léacht (Íseáia 49:14-15). Ní dhéanfaidh mé dearmad ort. Tuigimid éifeacht na léachta seo níos fearr ach í a shuíomh ina h-áit bhunaidh sa Bhíobla. Táimid leis an Giúdaigh deoraithe díbeartha sa Bhaibealóin. Beag an bunús a bhí acu dóchas ar bith a bheith acu faoin ré le teacht. Bhí an chathair naofa Iarúsailéim treascartha, an Teampall mar a raibh Dia ina chónaí ina measc scriosta agus a dtír dhúchais Iúda faoi smacht chumhacht na Baibealóine. Bíodh go raibh Dia ag fógairt trí bhéal an fháidh a scríobh na duanta dóchais sa dara cuid de leabhar Íseáia ag tabhairt uchtaigh dóibh agus ag cur ré nua ghlórmhar os a gcomhair, bhíodar fós gan dóchas, ag maoímh go raibh dearmad déanta ag Dia orthu. Freagraíonn Dia mar mháthair ghrámhar. Ní féidir leis dearmad a dhéanamh orthu. Is fíor na briathra sin a dúradh céaduair ag an fáidh sa séú aois roimh Chríost do ré ar bith, agus tá siad ar aon dul lena deir Íosa i soiscéal an lae inniu faoin Athair atá againn ar neamh –an fáth ar roghnaíodh iad do liotúirge an lae seo.

 

Salm le Freagra (Salm 61[62]). Bíodh do shuaimhneas i nDia amháin. a anam liom.

 

Dara Léacht (1 Corantaigh 4:1-5). Nochtfaidh an Tiarna rún na gcroíthe. Sna caibidil roimhe seo den litir seo, ar léadh cuid díobh le roinnt Domhnach anuas, bhí Pól in agallamh le muintir na heaglaise sa Choraint, áit a raibh deighilt a eascair as omós a thabhairt do eaglaisigh faoi leith (Apollos, Céafas agus Pól ina measc) seachas a bheith aontaithe le Críost mar chroílár an chreidimh. De réir dealraimh bhíothas ag cur Pól i gcomparáid le Apollos, agus ag tabhairt breithe gurb fhearr mar mhisinéir agus seanmoirí Apollos ná Pól – bíodh gurb é an t-aspal Pól  a bhunaigh an eaglais sin, agus misean faighte aige chuige sin ó Chríost féin. Sa léacht seo tugann Pól aghaidh ar an cheist seo. Ba thrua go raibh na buíonta sin sa Choraint faoi thionchar tuisceana daonna, ag meas misinéirí agus ceannairí amhail Pól, Apollos agus eile amhail agus da mba cursaí pobail a bhí i gceist. Is rúndiamhair í an eaglais gur cóir Pól féin, Apollos agus aoine eile i gceist mar sheirbhísigh do Chríost agus don soiscéal, agus mar mhaoir ar rúndiamhra Dé.  Thuigfeadh na Corantaigh cad a bhí i gceist ag Pól leis an bhfocal “maor”. Bhí maor i mbun teaghlaigh ina raibh sclábhaithe agus seirbhísigh. Ní raibh maor neamhspleách. Ní raibh sé freagrach mar mhaoir do na daoine a bhí faoi, ach bhí sé freagrach dá mháistír. Ba aspal Chríost Pól agus bhí sé freagrach do Dhia, agus ba chuma leis aon bhreith a thabharfadh aoinne eile (Corantaigh ina measc). Bíodh go raibh a choinsias glan san ábhar seo, thuig sé gurb é an Tiarna a thbharfadh breith sa deireadh. Molann sé do na Corantaigh a shampla agus a bhriathra a leanúint, agus gan breith thobann a thabhairt.

 

An Soiscéal (Matha 6:24-34). Ná bígí imníoch faoin lá amárach. Is cóir an méid adeir Íosa sa léacht álainn fhileata seo a mheas de réir an phrionsabail lena thosaíonn sí: Ní féidir do dhuine ar bith seirbhís a dhéanamh do dhá mháistir. Ní féidir daoibh seirbhís a dhéanamh do Dhia agus do Mhamón – mamon an Airimis agus an Eabhrais ar airgead, saibhreas. Tá sórt pearsa déanta de mamon¸saibhreas, airgead, pearsa, fórsa a éilíonn seirbhís iomlán ón duine. As an éileamh seo ar mheon agus aigne an duine leanann dearmad ar mhuinín as Dia¸ agus dearmad ar Dhia féin. Mar chosaint ar seo leagann Íosa béim ar an mhuinín sin, agus ar chúram an Athar ar neamh ar gach ghné de shaol an duine, bíodh nach luann sé ach imní faoi bhia agus éadach. Ní mór bheith san airdeall i gcónaí faoi luachanna ríocht Dé, mar a deir Íosa: “Déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús”, is é sin le rá fíréantacht Dé, toil Dé agus a bhaineann lei. Níl Íosa ag moladh neamhaire a dhéanamh ar ghnáth-chúrsai an tsaoil seo, idir bia, éadach agus eile. Gan a bheith ina sclábhaí dóibh atá i gceist

 

B.    An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Muinín agus stuaim

 

Tá gá leis an rabhadh faoin bhaol ó mamon i ngach aois. De réir Phóil chuig na Colasaigh (3:5) ionann an tsaint agus íoladhradh. Is eol dúinn go maith inniu nach mothaíonn alán daoine aon ghá le braith ar Dhia, ar an Athair ar neamh, faoi bhia, deoch nó éadach. Tá saothar an duine agus eagrais shóisialta agus charthannachta ann le iad sin a sholáthair. Ach is féidir le seirbhísí soisialta agus a leithéidí a bheith ina máistir chomh maith le mamon an Bhíobla, ag teacht idir an chreidmheach agus an Athair ar neamh, idir ríocht Dé, idir Dhia agus a fhíréantacht.

            Is mó an duine daonna ná cúrsaí sóisialta, cúrsaí an tsaoil seo. Ní mór creideamh laidir a bheith againn i nDia agus gach a bhaineann leis nó lei, a fhios a bheith againn gur chongarach dúinn i gcónaí é, go mór mór in am an ghátair, gur fairsing  Dia sa chúngach mar a déaradh ár sinsir.

            Ní ionann muinín as Dia agus neamart a thabhairt i gcúrsaí an tsaoil seo, mar a luadh sa chur síos ar shoiscéal an lae – stuaim a nascadh le muinín as Dia.

 

© Cumann na Sagart 2017